Tá Seachtain na Gaeilge le Energia i mbun an chiste seo a riaradh, le leanúint len a cheiliúradh ar 120 Bliain den fhéile i 2022, agus tá an Ciste Spreagtha maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
1,000 duine óg le bheith páirteach i gceiliúradh na Gaeilge ar líne mar chuid de Lá na Meán Sóisialta agus na Teicneolaíochta
Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia beidh an deis ag daoine óga páirt a ghlacadh i gceardlanna teicneolaíochta trí Ghaeilge agus caint sainspéise le beocht na teanga i gcúrsaí teicneolaíochta a cheiliúradh.
Tús spleodrach curtha le Seachtain na Gaeilge le Energia i gCathair na Gaillimhe & 120 bliain don fhéile á ceiliúradh
Is ar an bhFaiche Mhór i gcathair na Gaillimhe a reáchtáileadh seoladh pobail don fhéile Ghaeilge is mó ar domhan ar an Satharn agus cuirfear tús oifigiúil leis an bhféile inniu.
Paula Melvin tofa mar Uachtarán úr ar Chonradh na Gaeilge ag an Ard-Fheis i nGaillimh; deireadh le ré 5 bliana Niall Comer agus buíochas mór gafa leis An chéad Uachtarán mná tofa mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 1994-5.
Tá Paula Melvin tofa mar Uachtarán nua ar Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis na heagraíochta in Óstán Chuan na Gaillimhe inniu, Satharn 25 Feabhra 2022. Ag an am céanna tháinig deireadh le seal Uachtaránachta an Dr Niall Comer, a chaith 5 bliana mar Uachtarán ar an gConradh.
Grúpaí Gaeilge fud fad Bhéal Feirste aontaithe ar son athruithe ar pholasaí sráidainmneacha
Inniu, chuir 8 ngrúpa, An Droichead, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich, Glór na Móna, Ionad Uíbh Eachach, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Cumann Gaelach QUB, Conradh na Gaeilge agus Forbairt Feirste a bhfreagraí isteach ar an chomhairliúchán ar son athraithe molta Chomhairle Chathair Bhéal Feirste ar an pholasaí sráidainmeacha.
Scriosfar Seirbhísí Óige Gaeilge le Cinneadh Maoinithe 'an tÚdarás Oideachais' Ciorruithe de bhreis agus £86,000 a dhruidfidh seirbhísí Bhéal Feirste láithreach lom; caillfear cúig phost; ciorruithe réigiúnacha a bhfuilltear ag súil leo
Tá iontas agus díomá nach beag ar phobal na Gaeilge de dheasca an chinnidh is déanaí a rinne an tÚO i dtaca le hobair óige Ghaeilge. Rachaidh an cinneadh maoinithe seo i bhfeidhm go díréireach ar sheirbhísí óige Gaeilge atá ar an líne thosaigh, is ionann sin a rá agus postanna obair óige ar fud na hearnála a chailleadh agus deireadh a chur leis na céadta uaire de sholáthar obair óige.
120 Bliain den fhéile Ghaeilge is mó ar domhan á ceiliúradh
Ainmníodh Sene Naoupu, Cormac Ó hEadhra agus Séaghan Ó Súilleabháin mar ambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge le Energia 2022.
Gradam an Uachtaráin de Chuid Chonradh na Gaeilge le bronnadh ar Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn Dé Sathairn 26 Feabhra ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge. Ceisteanna Reachtaíochta, Gaeltachta & Oideachais uilig faoi chaibidil ag an Ard-Fheis.
Reáchtálfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge in Óstán Chuan na Gaillimhe i mbliana, idir 25 - 27 Feabhra 2022. I measc bhuaicphointí na hArd-Fheise i mbliana bronnfar Gradam an Uachtaráin de Chuid Chonradh na Gaeilge ar Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, le linn Dhinnéar na hArd-Fheise, oíche Shathairn 26 Feabhra. Tabharfaidh Uachtarán Ó hUiginn óráid speisialta do theachtaí agus d’aíonna na hArd-Fheise maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.
“Dréacht tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta maidir le cosaint an iltaobhachais” An chéad leasú i nGaeilge ar reachtaíocht i bParlaimint na hEorpa mollta ag an mBall Pharlaiminte Seán Kelly.
Ag baint leasa as an stádas breise atá ag an nGaeilge mar theanga iomlán oibre de chuid an Aontais Eorpaigh tá leasú i nGaeilge molta ag an mBall Pharlaiminte Seán Kelly ar phíosa reachtaíochta Eorpach. Is é seo an chéad uair ar baineadh feidhm as stádas nua na Gaeilge chun leasú a mholadh ar reachtaíocht atá á phlé ag an bParlaimint. Baineann an leasú féin leis an dréacht tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta maidir le cosaint an iltaobhachais.
Tuilleadh Alt...
- D’éirigh le Peadar Mac Fhlannchadha san Achomharc a rinne an Stát i gcoinne a bhua san Ard-Chúirt agus i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
- Cearta iomlána oibre bainte amach ag an nGaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh ó 1/1/2022 ar aghaidh
- Cuireann Conradh na Gaeilge an-fháilte roimh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (Leasú) agus é achtaithe inniu le síniú Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn
- Óráid stairiúil tugtha os comhair na Náisiún Aontaithe maidir le cearta teanga ó thuaidh #Achtanois
- Fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge don €10.5 milliún sa bhreis i gCáináisnéis 2022 don Ghaeilge agus don Ghaeltacht
- Feisirí traspháirtí ag éilimh d’aon ghuth ar Rúnaí Stáit na Breataine an Reachtaíocht Gaeilge a thabhairt isteach faoi dheireadh na míosa mar a bhí geallta aige féin
- Tá am fós ann tubaiste féideartha a iompú ina dheis iontach
- 'Ionsaí an Stáit ar chearta teanga' - @CnaG
- Cuirtear fáilte roimh amlíne nua chun reachtaíocht na Gaeilge a chur i bhfeidhm sa mhandáid seo agus anois caithfidh Rialtas na Breataine an tiomantas sin a chomhlíonadh