Skip to main content

An Ghaeilge ar an Tríú Leibhéal

Tá Conradh na Gaeilge déanta suas de níos mó ná 200 craobh in Éirinn agus thar lear, ag obair mar chuid de ghluaiseacht náisiúnta ar son na Gaeilge. Tá craobhacha déanta suas de dhaoine, de ghnáth ag obair go deonach, le spriocanna agus aidhmeanna a bhaint amach. Bíonn cuid de na craobhacha dírithe ar cheantracha ar leith (msh. Craobh Chathair Luimnigh, Craobh Londain), is bíonn cuid acu dírithe ar ábhair ar leith (msh. Craobh Na Gaeil Óga, Craobh Raidió Rí-Rá). 

San áireamh anseo tá craobhacha ollscoile, de ghnáth a ghlacann ‘Cumann Gaelach’ nó ‘Cuallacht’ mar ainm. Bíonn na craobhacha seo ag obair i gcoláistí agus ollscoileanna na tíre leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus pobail Ghaelacha a thógáil is a neartú ar a gcampais éagsúla. 

  • CMC 98588 21

Ar an leathanach seo tá eolas maidir leis an nGaeilge ar an gColáiste, idir chúrsanna ollscoile atá ar fáil trí ghaeilge, ról an Chumann Gaelaigh agus an tOifigeach Gaeilge um choláiste agus córas meántóireachta Gníomhaí Gaeilge. 

Chomh maith le sin tá acmhainní agus ábhar taca le gaeilge a chuir chun cinn i do choláiste féin. 

An Ghaeilge ar an 3ú Leibhéal

Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal

Tá ardluach ar an nGaeilge mar ábhar céime nó iarchéime. Tá neart cúrsaí Gaeilge ar fáil dóibh siúd a bhfuil spéis acu i gcúrsaí teanga agus gramadaí, san iriseoireacht, i gcúrsaí acadúla, i gcúrsaí gnó, sna meáin chumarsáide agus neart eile. Is ábhar fiúntach inti féin í, nó mar scil bhreise agus éagsúil dóibh atá ag tabhairt aghaidh ar ábhar eile.

Cúrsaí 3ú Leibhéal le Ghaeilge

Cumann Gaelach

Céard is Cumann Gaelach Ann?

Is éard is Cumann Gaelach nó Cuallacht ann, ná grúpa nó sochaí gaelach  i gcoláiste nó ollscoil. Bíonn an chumann mar spás sóisialta do ghaeilgeoirí an choláiste úd, a eagraíonn imeachtaí agus feachtais ar mhaitheas an Ghaeilge a chur chun cinn agus pobail Ghaelacha a thógáil is a neartú ar a gcampais éagsúla. 

Bunaigh Cumann i do Choláiste féin

Molaimid leathanach Instagram a chruthú, áit is féidir leat imeachtaí do Chumann nua a chuir chun cinn agus teacht ar ghaeilgeoirí eile. Uaidh sin is féidir leat imeacht tús bliana, ar nós PopUp Gaeltacht nó maidin chaifé a chuir chun cinn. Déan cinnte go ndéanann tú fógraíocht ar d’imeacht agus déan tacaíocht a lorg ó d’Aontas Mac Léinn nó Roinn na Gaeilge i do choláiste. Ag an imeacht is féidir leat labhairt le daoine eile agus suim i gcumann nua a mheas. Tá an Chomhordaitheoir Tríú Leibhéal lán sásta tacú leat an chuspóir seo a bhaint amach, trí cheardlann, aiscíní, imeachtaí agus tacaíochtaí a chuir ar fáil. Déan teagmháil léi ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Reachtálann an Chonradh imeachtaí áirithe atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do mhic léinn, is féidir tuilleadh eolais a fháil thíos. 

An Choiste

Ag gach craobh tá coiste déanta suas de dhaoine tofa le gnéithe áirithe d’obair na craoibhe a dhéanamh. Anseo, tá cur síos déanta ar na róil choitianta, agus tá míniú tugtha ar an ghnáth obair a bhíonn ar siúl acu. 

Níl anseo ach treoir ar chuid de ghnéithe na bpost, agus is fiú cuimhneamh go dtagann dualgais dhifriúla faoi chúram oifigigh éagsúla ó am go chéile, ag brath ar an bhliain, an choláiste agus araile. Freisin, ag brath ar an gcraobh, is minic nach bhfuil go leor de na hoifigigh seo ar a gcoistí acu, agus d’fhéadfadh oifigigh eile a bheith ann nach bhfuil luaite anseo. 

Oifigigh Shinsearacha

  • An Cathaoirleach: Is minic a thugtar Uachtarán nó Reachtaire ar an oifigeach seo chomh maith. Bíonn an Cathaoirleach freagrach as obair an choiste. Stiúrann siad an obair atá ar siúl ag an gcoiste, agus is urlabhraí iad don chraobh go poiblí. 
  • An Leas Chathaoirleach: Cuidíonn an Leas Chathaoirleach leis an gCathaoirleach ina gcuid oibre, agus glacann siad dualgais an Chathaoirligh nuair nach féidir leis an gCathaoirleach iad a dhéanamh. 
  • An Rúnaí: Bíonn an Rúnaí freagrach as comhfhreagras na craoibhe. Tá sé faoina gcúram le miontuairiscí a choinneáil ag na cruinnithe, tuairiscí a ullmhú, foirmeacha a líonadh agus araile. 
  • An Cisteoir: Bíonn an Cisteoir freagrach as cúrsaí airgid na craoibhe, ag déanamh bainistíocht ar chaiteachas agus ag déileáil le hiarratais airgid, deontais, táillí ballraíochta agus araile. De ghnáth beidh cinnithe airgid le déanamh in éineacht leis an Reachtaire, agus le ionchur ón gcoiste go leathan. 

Oifigigh Sóisearach

  • An tOifigeach Caidreamh Poiblí / An tOifigeach Teicneolaíochta: Oibríonn an tOifigeach ná na hOifigigh seo le na baill agus an pobal a choinneáil ar an eolas faoin méid atá ar siúl. Stiúrann siad na leathanaigh ar na meáin shóisialta agus cuireann siad amach na ríomhphoist sheachtainiúla muna dtagann sin faoi chúram an Rúnaí. Déanann siad grafaicí a dhearadh do phostaeir agus fógraíocht ghinearálta an chumainn. 
  • An tOifigeach Siamsaíochta: Bíonn an tOifigeach Siamsaíochta freagrach as imeachtaí a eagrú. San áireamh anseo, tá freagracht le ceol a eagrú, suíomhanna a shocrú agus araile. 
  • An tOifigeach Díospóireachta: Eagraíonn an tOifigeach Díospóireacht comórtais inmhéanacha, agus déanann siad foirne a ullmhú le cur chuig comórtais náisiúnta

Oifigigh Choitianta Eile

  • Oifigeach Urraíochta
  • Oifigeach Drámaíochta
  • Oifigeach Feachtasaíochta
  • Oifigeach na Meáin
  • Oifigeach na bhFreisear
  • Oifigeach na 2/3/4 Bliana
  • Oifigeach Foilseacháin
  • Oifigeach Sóisialta
  • Leas Oifigeach Siamsaíochta / Caidreamh Poiblí / srl. 
  • Gnáth Bhall Coiste
Tacaíochtaí do Chumainn

Tá Conradh na Gaeilge i gcónaí sásta cuidiú a thabhairt do Chumainn Ghaelacha, idir chabhrú le cumann nua a bhunú, comhairle a thabhairt, pleanáil a dhéanamh, smaointí a phlé agus araile. Tá Comhordaitheoir Tríú Leibhéal lánaimseartha fostaithe againn leis an chuidiú sin a chur ar fáil dár gcraobhacha. Cuireann an Chonradh céardlann ar fáil do chumainn gaelacha, aiscíní do Sheachtain na bhFreisear, laethanta traenála, agus ticéid d'imeachtaí ar fáil ar praghas mic léinn. Is í Caoimhe Ní Mhaolaí an Comhordaitheoir reatha, agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. chun an méid thuas a phlé.

Ina theannta sin, más baill Cumainn thú nó má tá suim agat i gCumann a bhunú, tá uaireanta oifige ar fáil go seachtainiúil gach Céadaoin ó 12-2 ag an nasc seo, le cúrsaí a phlé ar bhonn neamhfhoirmiúil.  

Déanann Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ nó USI) ionadaíocht ar mhic léinn sa mhórchuid de na coláistí agus ollscoileanna tríú leibhéal, agus tá Leas-Uachtarán don Ghaeilge ar a bhfoireann acu le ionadaíocht a dhéanamh ar mhuintir na Gaeilge ag an tríú leibhéal. I measc a gcuid oibre, tugann siad tacaíocht do Chumainn Ghaelacha sna coláistí lena bhfuil siad bainteach, mar sin is foinse mhaith chuidithe iad daoibh. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Leas-Uachtarán don Ghaeilge ag  Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Bunreachtanna Cumainn

Is gnáth nós é do Chumainn Ghaelacha 3ú Leibhéal bunreacht a bheith acu, a dhéanann a gcuid aidhmeanna, rialacha, róil agus rudaí tábhachtacha eile a leagadh amach go docht is go soiléir. Is minic gur gá do chumainn bunreacht a bheith acu le aitheantas oifigiúil a fháil sa choláiste, agus molann muidne mar dhea-chleachtas fosta go mbeadh bunreacht ag ár gcraobhacha 3ú Leibhéal uilig. Is uirlis é an bunreacht a chinntíonn gníomhaíochtaí an chumainn go gearr agus go fad-théarma, chomh maith le a bheith mar threoir in obair an chumainn. Cinntíonn sé go bhfuil a fhios ag oifigigh nua-thofa caidé atá orthu a dhéanamh ina bpoist, chomh maith le cé na rialacha atá orthu a leanstan agus cé na spriocanna a ba cheart go mbeadh acu. Chomh maith beidh an bhunreacht mar threoir úsáideach i gcás easaontú i measc baill choiste nó maidir le reachtáil an choláiste.  

Bunreachtanna do Chumainn Ghaelacha
Seo thíos roinnt bunreachtanna ónár gcraobhacha fá láthair. Ní féidir linn gealladh go bhfuil siad seo cruinn nó suas chun dáta, agus is féidir gur tháinig athruithe ó cuireadh an liosta seo le chéile. Ní gur foinse chruinn atá in ainm is a bheith anseo, ach gur féidir é a úsáid le comparáid a dhéanamh idir choláistí, agus le cruth a thabhairt do chumainn úra ar an méid atá i gceist le bunreacht agus iad ag iarraidh ceann a chruthú dóibh féin. 

Cumann Gaelach TCD - BunreachtTCD.pdf
Cuallacht na Gaeilge, Má Nuad -BunreachtMáNuad.pdf
Cumann Gaelach UCD -Bunreacht
An Chuallacht, UCC Bunreacht_Chuallacht_UCC.pdf

Sonraí Teagmhála na gCumann Gaelach

Sonraí teagmhála le fáil anseo

Cumann Gaelach

Ballraíocht

Tri bhallraíocht a ghlacadh le do chumann gaelach ar an ollscoil, tá tú mar bhall de Chonradh na Gaeilge chomh maith, an eagraíocht Gaeilge is sine sa tír agus tá tionchar agat ar thodhchaí na teanga. Anuas ar sin, ó 2024 ar aghaidh, féadfaidh baill chraoibhe i gColáistí Tríú Leibhéil a bheith mar bhaill ag an am céanna de chraobh lasmuigh den chóras oideachais sa tríú leibhéil. Aimsigh do chraobh áitiúil anseo.

Ballraíocht

Oifigeach na Gaeilge

Is ról thar a bheith tábhachtach atá ag an tOifigeach Gaeilge ar an Aontas Mac Léinn. Is iad atá freagrach de ghnáth as cur chuige an Aontais i leith na Gaeilge, agus mar gheall go bhfuil an Aontas ag déanamh ionadaíocht ar na mílte mic léinn, b’iad an tOifigeach Gaeilge atá freagrach as cearta Gaeilge ar champas a chinntiú do na mílte daoine seo, chomh maith le seasamh ar a son le cúis na Gaeilge agus na nGael a bhrú ar aghaidh sa choláiste. 

Tá an t-alt seo scríofa ar mhaithe le Oifigigh Ghaeilge, le ionchur ó Oifigigh Ghaeilge. Tá sé i gceist go mbeadh sé mar threoir bhunúsach le duine tofa sa ról a chur sa treo ceart. 

Ról an t-Oifigeach

Tá tú tofa mar Oifigeach Gaeilge, fairplé duit! Ar dtús báire caithfimid súil ar an méid atá i gceist sa ról. 

Ar dtús, ní achan choláiste agus ollscoil atá Oifigeach Gaeilge mar oifigeach Aontais acu. Fá láthair tá mic léinn thiománta i gcoláistí éagsúla ag troid le sin a bhaint amach, ionas go mbeidh glór ag Gaeil ar Aontais Mac Léinn, agus go mbeidh rochtain acu ar fhoinse údaráis lena mianta a bhaint amach. Mar sin, más Oifigeach Gaeilge thú cheana, tá buntáiste ar leith agat sa dóigh go bhfuil an cumhacht sin bainte amach ag daoine a chuaigh romhat cheana féin.

Má tá bunreacht ag an Aontas, gach seans go bhfuil sé luaite ann caidé atá tusa in ainm is a bheith freagrach as. Gach seans fosta go bhfuil reachtaíocht bainteach leis an Ghaeilge curtha fríd ag comhairle an Aontais nó a mhacasamhail de chóras i do choláiste. Má tá leabhar polasaí ag an Aontas, amharc caidé na seasaithe atá glactha ó thaobh na Gaeilge de thar na blianta. Ag brath ar an choláiste, thiocfadh le seo a bheith eagraithe go néata san aon áit amháin agus é furasta le theacht air. Thiocfadh leis fosta a bheith scaptha idir cháipéisí éagsúla ó bhlianta difriúla gan ord nó eagar. Beidh ort an taighde seo a dhéanamh cibé, is cuirfidh sé cruth ar na rudaí atá curtha chun tosaigh ag na baill le blianta anuas. 

Beidh tú ag obair i rith na bliana leis na hoifigigh eile ar fad ar an Aontas, mar sin is fiú dea-chaidreamh a bheith agat leo. Beidh seo mar chuidiú nuair atá ort brú a chur orthu nó rudaí a iarraidh uathu amach anseo. Cur aithne orthu, bí cairdiúil agus cur ar an eolas iad faoi na dualgais atá orthu ó thaobh na Gaeilge de agus iad ar an Aontas. 

Má tá Cumann Gaelach sa choláiste, beidh tú ag obair go dlúth leosan chomh maith. Cur aithne ar an chathaoirleach agus na hoifigigh eile luath sa bhliain, ofráil do chuid cabhair dóibh agus déan do dhícheall caidreamh chomh maith is gur féidir a chothú leo i rith na bliana. Beidh rochtain níos fearr acusan ar dhaoine le Gaeilge atá lasmuigh de chiorcail an Aontais, agus beidh sé de chumas acusan imeachtaí sóisialta agus araile a reáchtáil níos éifeachtaí ná an Aontas go minic. Má tá deá chaidreamh eataraibh, beidh seo mar chuidiú duitse agus tú ag iarraidh rudaí a bhaint amach i do ról féin

Bainistiú Ama

Níl ach méid áirithe ama dul a bheith agat i gcaitheamh na bliana, agus beidh ort smaoineadh ar an dóigh ina bhfuil tú chun an am sin a úsáid. Beidh idir léachtaí, staidéar, scrúduithe agus obair acadúil eile agat, beidh saol sóisialta agat, thiocfadh post páirtaimseartha a bheith agat agus beidh go leor eile. Smaoinigh ar cé mhéad ama a féidir leat a chur i dtreo d’obair mar oifigeach gach seachtain. 

San am sin, go príomhach ba mhaith leat go mbeidh tú ag obair ar son pobal na Gaeilge sa choláiste. Ansin má tá am fágtha, is féidir smaoineadh ar na rudaí a féidir déanamh leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealaigh eile, ar nós a bheith ag plé le foghlaimeoirí agus foghlaim na Gaeilge. Go deireanach ansin, is cosúil go mbeidh rudaí eile ar siúl san Aontas a bheidh daoine ag lorg cabhair leo, agus is fiú in amanna tacú leo, ach cinnte a dhéanamh go bhfuil do chuid tosaíochtaí féin in ord.

Níl Oifigeach Gaeilge i mo Choláiste

Munar bhfuil Oifigeach Gaeilge i do choláiste go fóill, déan ceann a lorg!

Labhair le hoifigeach reatha ar d'aontas faoi fhéidearthachtaí an ról nua seo a bhunú. Ag brath ar do choláiste, tá seans ann go mbeidh ort rún a chuir os comhair Comhairle na Mac Léinn, agus móireamh vóta a fháil i bhfábhúr do rún. I gcoláistí eile, b'fhéidir go mbeidh ort sínithe a bhailiú i gcomhair achainí. Beidh an eolas seo ar fad ar fáil ar shuíomh d'aontas, nó trí theagmháil a dhéanamh le hOifigeach reatha.

Déan cinnte buntáistí an ról a mhíniú, agus na dualgaisí atá roimh do choláiste de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2022 ó dheas nó Acht na dTeangacha agus Féiniúlachta 2022 ó thuaidh. Más baill AMLÉ é d'aontas, tá dualgaisí d'aontas i dtaobh na Gaeilge le fáil anseo

Is féidir teagmháil a dhéanamh le  Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. má tá tacaíocht uait leis an méid thuas.

Tacaíochtaí

Chomh fada is atá tú i do ról mar Oifigeach Gaeilge, beidh tacaíochtaí i gcónaí ar fáil duit le do chuid aidhmeanna agus spriocanna a bhaint amach. Tá Conradh na Gaeilge i gcónaí sásta cuidiú a thabhairt, agus tá Comhordaitheoir Tríú Leibhéal lánaimseartha fostaithe againn leis an chuidiú sin a chur ar fáil duit. Is í Caoimhe Ní Mhaolaí an Comhordaitheoir reatha, agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Ina theannta sin, más Oifigeach Gaeilge reatha thú nó má tá suim agat i mbunú an ról seo i do choláiste, tá uaireanta oifige ar fáil go seachtainiúil gach Céadaoin ó 12-2 ag an nasc seo, le cúrsaí a phlé ar bhonn neamhfhoirmiúil.  

Déanann Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ nó USI) ionadaíocht ar mhic léinn sa mhórchuid de na coláistí agus ollscoileanna tríú leibhéal, agus tá Leas-Uachtarán don Ghaeilge ar a bhfoireann acu le ionadaíocht a dhéanamh ar mhuintir na Gaeilge ag an tríú leibhéal. I measc a gcuid oibre, cuireann siad béim ar leith ar a bheith ag cuidiú le Oifigigh Ghaeilge sna hAontais Mac Léinn, mar sin is foinse mhaith chuidithe iad fá do choinne. Is í Bláithín Nic a t-Síthigh an Leas-Uachtarán reatha, agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Seirbhís Aistriúcháin

Tá i bhfad níos mó ag baint le ról an t-Oifigeach Gaeilge ná aistriúcháin amháin. 

Ag Comhdháil AMLÉ 2023, d'eirigh le rún a dúirt nar "chóir go mbeadh ról an Oifigigh Gaeilge dírithe ar an aistriúchán, ach a bheith dírithe ar chur chun cinn na teanga agus ar chosaint cearta teanga san ollscoil."

Má tá seirbhísí aistriúcháin de dhíth ó do choláiste nó aontas, moltar duit dul i dteagmháil le seirbhísí aistriúcháin an Chonartha, trí rphost a sheoladh go Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Oifigeach na Gaeilge

Imeachtaí do Mhic Léinn

Tá imeachtaí áirithe ag an gConradh do mhic léinn ach go háirithe. Ach chomh maith le sin tá fáilte roimh mhic léinn freastal ar imeacht ar bith de chuid Conradh na Gaeilge. Is féidir teacht ar imeachtaí atá ag teacht anuas anseo i do cheantar anseo, agus is féidir imeacht ar bith atá á reachtáil agat a chuir leis.

Traenáil na gCumann Gaelacha & na n-Oifigigh Gaeilge

4-6 Déireadh Fomhair 2024

Gach bliain reachtálann Conradh na Gaeilge déireadh seachtaine traenála do choistí cumainn gaelacha agus d’Oifigigh Gaeilge ó Aontais Mac Léinn na tíre. Tá idir chéardlann, imeachtaí shóisialta, agus painéal cainte ann. Cuirfear bia agus rl ar fáil, agus cuirfear lóistín ar fáil do choláisí nach bhfuil lonnaithe i mBÁC. Chun freastal ar an déireadh seachtaine, téigh i dteagmháil le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. .

Comhrá

Déireadh Fomhair 2024

Is comhrá leanúnach Gaeilge é ‘Comhrá’ a bhíonn ar siúl ar líne gach bhliain. Glacann go leor grúpaí páirt sa Comhrá leanúnach, a bhíonn ar siúl thar zoom. Bíonn idir ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, cumainn tríú leibhéal, scoileanna, clubanna CLG, stáisiúin raidió, craobhacha Chonradh na Gaeilge agus go leor grúpaí pobail eile ó gach cúinne den domhan. Bí mar chuid den ghréasán domhanda gaeilge - cláraigh anseo!

Oireachtas na Samhna

1-3 Samhain 2024

Is féile gaelach bliaintiúil é Oireachtas na Samhna. Eagraíonn Conradh na Gaeilge pacáiste déireadh seachtaine, le lóistín, ticéad agus bia oíche Aoine san áireamh do mhic léinn le freastal ar Oireachtas na Samhna. Is féidir ticéad a cheannach ón gCumann Gaelach i do Choláiste, ach munarb ann do cheann i do choláiste, téigh i  dteagmháil le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Gaeilge24

12 Samhain 2024

Is deis íontach í Gaeilge24 do ghrúpaí um choláiste. Is í aidhm  dúshlán Gaeilge24 seo ná mic léinn a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin ar feadh 24 uair a’ chloig: um choláiste, sa lóistín, le siopaí agus gnólachtaí, timpeall an bhaile, sa chlub spóirt & le cairde. Iarrfar ar gach mac léinn €10 / £9 a bhailiú don charthanas. Gheobhaidh gach mac léinn atá ag bailiú airgid an pacáiste thíos. Beidh tuilleadh eolas agus nasc clárúcháin le fáil anseo níos giorra don am.

Dúshlán

Eanáir 2025

Is í aidhm an chomórtais #Dúshlán ná deis a thabhairt do mhic léinn úsáid a bhaint as an nGaeilge i slí taitneamhach, nádúrtha, lasmuigh den léachtlann

Bíonn triúr ar gach foireann. Bíonn 30 dúshlán (tascanna) le baint amach laistigh de 50 uair chloig. Beidh #Dúshlán2024 lán le gach saghas dúshláin -  le déanamh ar an gcoláiste agus sa bhaile. 

Beidh duais  don fhoireann ollscoile is fearr.

Cláraigh anois anseo.

Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

21-23 Feabhra 2025

Tá fáilte roimh ghach ball de chuid Conradh na Gaeilge freastal ar an Ardfheis. Is féidir do chumann a chlárú mar chraobh anseo, nó tríd dul i dteagmháil le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.. Munar bhfuil cumann i do choláiste go fóill, is féidir clárú mar bhall aonair anseo.

Imeachtaí do Mhic Léinn

Gníomhaí Gaeilge

Is scéim mheantóireachta í Gníomhaí Gaeilge do dhaoine atá gníomhach leis an nGaeilge sa tríú leibhéal.

Tá an scéim seo á reachtáil ag Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus maoinithe ag an tÚdarás Um Ard-Oideachas. Tá an tÚdarás um Ard-Oideachas ag tacú le Gníomhaí Gaeilge trí mhaoiniú €150,000 a chur ar fáil thar tréimhse trí bliana.

Munar bhfreagraítear do cheist ar dheis, is féidir leat dul i dteagmháil leis an gComhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge, Chloe Ní Ruairc ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó féach anseo le haghaidh tuilleadh eolais.

Céard é Gníomhaí Gaeilge?

Is scéim mheantóireachta í Gníomhaí Gaeilge do dhaoine atá gníomhach leis an nGaeilge sa tríú leibhéal.

Cé gur féidir leo clárú do Ghníomhaí Gaeilge?

Is féidir le duine ar bith atá ag freastal ar an tríú leibhéal cur isteach ar Gníomhaí Gaeilge. 

Conas mar a n-Oibríonn na Gradaim?

Tá trí ghradam éagsúil ann: Duine Aonair / Cumann Gaelach agus Grúpaí Eile / Aontas na Mac Léinn. 

Is féidir cur isteach ar níos mó ná gradam amháin mar shampla tá tú mar reachtaire an Chumainn Ghaelaigh- d'fhéadfadh tú cur isteach ar an nGradam Duine Aonair agus ar an nGradam Cumann Gaelach.

Feictear cur síos ar na gradaim éagsúla thíos.

Duine Aonair

Don ghradam seo beidh tú ag plé le do chuid spriocanna pearsanta ó thaobh na Gaeilge de. Is féidir leo seo a bheith bainteach le obair an Chumainn nó an Aontais chomh maith.

Cumann Gaelach agus Grúpaí Eile

Tugann an gradam seo aitheantas don Chumann Gaelach agus do ghrúpaí eile. De ghnáth bíonn an Reachtaire mar ionadaí don Chumann. Is féidir áfach cur isteach ar an ngradam seo mura bhfuil an Reachtaire ó do Chumann ag glacadh páirte i nGníomhaí Gaeilge agus tá sé aontaithe le do choiste go mbeidh tú mar ionadaí an Chumainn.

Aontas na Mac Léinn

Tugann an gradam seo aitheantas d'Aontas na Mac Léinn. De ghnáth bíonn Oifigeach na Gaeilge nó Uachtarán an Aontais mar ionadaí don Aontas. Is féidir áfach cur isteach ar an ngradam seo mura bhfuil ionadaí eile ó d'Aontas ag glacadh páirte i nGníomhaí Gaeilge agus tá sé aontaithe le muintir an Aontais go mbeidh tú mar ionadaí don Aontas.

Cá hUair a Chuirfear tús leis?

Roghnófar mic léinn le dul faoin gcóras i Mí Meitheamh agus tabharfar meantóir dóibh. Cuirfear tús leis an obair i Mí Lúnasa /  Meán Fómhair. 

Osclófar foirm clárúcháin/léiriú spéise don chéad bhliain acadúl eile san Earrach.

Cén Cineál Rudaí a Bheidh orm Déanamh?

Beidh orthu siúd ag glacadh páirt i nGníomhaí Gaeilge freastal ar thraenáil & oiliúint, cruinnithe a bheith acu lena meantóirí, obair a dhéanamh ar son na teanga ar champas agus spriocanna réamhshocraithe a bhaint amach i gcaitheamh na bliana.

Cén tslí a Oibríonn an Mheantóireacht?

Roghnófar meantóir do gach mac léinn a bhfuil taithí agus scileanna acu a chuideoidh leis an mac léinn ag gníomhú ar son na Gaeilge. Thiocfadh gur fhreastal an meantóir ar an gcoláiste céanna, go raibh siad sa ról céanna sna blianta a chuaigh thart, go bhfuil taithí acu óna gcuid oibre a thagann le spriocanna an mhac léinn nó go mbeadh luach éigin eile acu a chuirfidh le obair an mhic léinn.

Beidh an meantóir ar fáil don mhac léinn nuair atá comhairle nó cuidiú uathu. Beidh cruinnithe acu i rith na bliana le pleananna a phlé agus dul chun cinn a thuairisciú.

Gníomhaí Gaeilge

Deiseanna Fostaíochta:

Tá earnáil na Gaeilge faoi bhláth. Tá na céadta poist á fhógairt gach bliain, a n-offrálann tuarastal iomaíoch. Is féidir tuilleadh eolais a fáil faoi na gairmeacha éagsúla atá ar fáil le Gaeilge ag cnag.ie/gairmeacha. Tá an teolas is déanaí faoi postanna éagsúla atá ar fáil faoi láthair ag peig.ie/foluntais.


Tacaíochtaí

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh tacú le mic léinn agus céimithe úra na deiseanna íontacha in earnáil na Gaeilge a thapú. Seo thíos cúpla seirbhís taca atá ar fáil do mhic léinn agus céimithe úra.

  • Ceardlann Fostaíochta

    Líon amach an fhoirm seo le ceardlann fostaíochta a reachtáil i do choláiste. 

  • Clinicí CV

    Is deacar an rud é cuir isteach ar phost in earnáil na gaeilge don chéad uair. Má tá tacaíocht uait le do CV, líon amach an fhoirm seo agus eagrófar Clinic CV leat.

  • Bréagagallamh

    Reachtálann Foireann 3ú Leibhéal an Chonartha Bréagagallaimh uair sa mhí. Má tá suim agat freastal ar an gcéad cheann eile agus tabhairt faoi bhréagagallamh, líon amach an fhoirm seo agus cuirfear gach eolas maidir leis an gcéad sheisiúin eile ar aghaidh chugat

Deiseanna san Aontas Eorpach

Mar gheall go bhfuil an Ghaeilge mar teanga oifigiúil san Aontas Eorpach, tá deiseanna ann do dhaoine le Gaeilge. Tá poist éagsúl ar fáil san AE: aistritheoir, ateangaire, dlítheangeolaí, profléitheoir, cúntóir, agus riarthóir. Bíonn aistritheoirí ag plé leis an bhfocal scríofa, agus bíonn ateangairí ag éisteacht le hóráid beo agus á haistriú go dtí teanga eile. Is féidir gach eolas maidir le postanna trí ghaeilge leis an AE anseo.

Deiseanna sa Státseirbhís


Tá riachtanas leagtha síos ag Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 go mbeidh 20% d’earcaithe chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge agus Béarla ó dheireadh 2030. Ag brath ar an ról, bheadh caighdeán ard sa Ghaeilge labhartha agus/nó scríofa de dhíth chun dul i mbun oibre trí mheán na Gaeilge. Mar gheall air sin, beidh an Ghaeilge mar bhuntáiste suntasach agus duine ag dul le haghaidh aon ról sa státseirbhís nó san earnáil phoiblí. Tá réimse leathan post ar fáil leis an stát, ó chléireach go hinnealtóir go dochtúir go státsheibhíseach sinsearach agus iliomad eile. Tugann an éagsúlacht seo deis do dhaoine gur mhaith leo obair trí mheán na Gaeilge a rogha rud a dhéanamh. Is féidir teacht ar tuilleadh eolas maidir le postanna sna stáitseirbhís anseo.

Deiseanna sna Meáin

Tá deiseanna de shíor ag teacht aníos le heagraíochta ar nós Raidío na Gaeltachta, Macalla teo, Fíbín Media, Cúla4 agus araile. Coinnigh súil ar https://peig.ie/foluntais/ le deiseanna reatha a fheiceáil.

Inteirneacht le RnaG/TG4

Fógraíonn RTÉ Raidío Na Gaeltachta agus TG4 inteirneachtaí gach bliain. Coinnigbh súil ar an nasc seo le folúntais a fheiceáil.

BLOC TG4

Má tá taithí ócáideach nó neamhfhoirmiúil uait, smaoinigh ar ábhar a chruthú do BLOC TG4. Is ardán BLOC é do Ghaeilgeoirí idir 18-35 atá ag iarraidh ábhar nuálach, greannmhar (agus dána) a chur ar fáil don phobal Gaeilge. Bíonn muid i gcónaí ag lorg smaointí nua ó daoine agus tá lán fáilte romhaibh dul i dteagmháil le  má tá smaointí agaibh i gcomhair sraith físeáin ar Instagram nó TikTok a cruthú!

Intéirneachtaí

Má tá ort bliain thaithí oibre a ghlacadh mar chuid de do chéim - smaoinigh ar chuir isteach ar phost in earnáil na gaeilge

Printíseacht le hÚdarás na Gaeltachta:

Tá printíseacht á n-offráil ag Údarás na Gaeltachta in earnáil éagúla, m.sh: siúinéireacht, pluiméireacht, meicníocht, gruagaireacht, teicenoir saotharlainne, cleachtóir árachais, ceantálaíocht srl. 

Tá 15 earnáil éagsúil ag teacht faoin scéim agus 60 printíseacht ag baint leo sin, iad ar fad aitheanta ag SOLAS agus oscailte do phobal na Gaeltachta le líofacht i nGaeilge

Inteirneacht le RnaG/TG4

Fógraíonn RTÉ Raidío Na Gaeltachta agus TG4 inteirneachtaí gach bliain. Coinnigh súil ar an nasc seo le folúntais a fheiceáil.

Tréimsí Oiliúna leis an tAE 

Offrálann an tAontas Eorpach tréimshí oiliúna trí ghaeilge. Coinnigh súil amach ar an leathanach seo le teacht ar deiseanna reatha.

Deiseanna sna Stáit Aontaithe / Ceanada

Tá deiseanna ann dul go Meiriceá nó Ceanada le grúpaí cosúil le Fulbright agus ICUF, a ligeann do chéimithe úra dul go Meiriceá Thuaidh ar mhaitheas staidéar agus taighde a dhéanamh.

Deiseanna Eile

Is féidir tuilleadh eolais a fáil faoi na gairmeacha éagsúla atá ar fáil le Gaeilge ag cnag.ie/gairmeacha. Tá an t-eolas is déanaí faoi phostanna éagsúla atá ag earcú faoi láthair ag peig.ie/foluntais.


Fostaíocht

Acmhainní breise

Treoirleabhar na gCumann Gaelacha & na nOifigigh Gaeilge

Treoirleabhar

Leabhrán Gairmeacha

Leabhrán Gairmeacha

Acmhainní PuG

Acmhainní PuG

Acmhainní Ciorcal Comhrá


Acmhainní

Cartlann

Tá gluaiseacht na gCumann Gaelach Ollscoile ar an bhfód anois leis na blianta fada, le cuid de na craobhacha os cionn 100 bliana d'aois. Ó bhí luath bhlianta Chonradh na Gaeilge ann, bhí caidreamh maith idir an eagraíocht agus mic léinn - féach anseo ar leathanaigh na mac léinn i sean eagráin den Chlaidheamh Soluis agus Fáinne an Lae ag tús an 20ú aois. 

Is gairid an seal a chaitheann mic léinn ar an ollscoil, agus is tamall níos giorra arís a bhítear ar choistí cumainn de gnáth. Mar sin féin, tágann athrú gasta ar na coistí, agus is gasta a féidir le dearmad a bheith déanta ar na rudaí a chuaigh thart fosta. Anseo, ba mhaith linn roinnt d'ábhar na gCumann Gaelach a choinneáil ar thaifead ionas go mbeidh coisteoirí agus baill na gCumann ábalta súil a chaitheamh siar ar na rudaí a chuaigh rompu. Níl anseo ach tús, agus tá fáilte roimh aon chraobh ábhar a chur isteach chugainn le bheith mar chuid den chartlann. 


Irisí na gCumainn

Tuathal, Iris CumaInn Gaelaigh, Coláiste na Tríonóide

Iris Breac, Iris na Cuallachta, Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Gradam Gníomhaí Gaeilge

Buaiteoirí an Ghradaim Airgid 2023

An Cumann Gaelach, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Aontas na Mac Léinn, IEDT Dhún Laoighaire

IrishSoc Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn

Aontas na Mac Léinn, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Aontas na Mac Léinn, OT an Oirdheiscirt, Port Láirge

Aontas na Mac Léinn, Ollscoil Chathair Baile Átha Cliath

Aontas na Mac Léinn, Coláiste Cheatharlach

Aontas na Mac Léinn, Ollscoil Uladh

Aontas na Mac Léinn, Ollscoil na Banríona

 

Buaiteoirí an Ghradaim Óir 2023

Aontas na Mac Léinn, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

An Cumann Dramaíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

An Cumann Gaelach, Ollscoil na Gaillimhe

Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe

Cuallacht Cholmcille, Ollscoil Mhá Nuad

Aontas na Mac Léinn, Ollscoil Mhá Nuad

An Cumann Gaelach, Ollscoil Luimnigh 

Aontas na Mac Léinn, Coláiste Mhuire gan Smál

Aontas na Mac Léinn, Coláiste na Tríonóide

An Cumann Gaelach, Coláiste an Tríonóide


Buaiteorí Bhréagchúirt Uí Dhálaigh le Gael Linn
2022 Kevin Kelly Óstaí an RÍ
2021 Seán Ó Gallchobhair & Clíodhna Ní Mhianáin, Cumann Gaelach OÉG Foireann Blackhall
2020 Caoimhe Cummins, Róisín Madden agus Cian Bolger Hayes, David Nesbitt 

Scoil Dlí, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

2020 Darragh Ó Caoimh agus Carthach Ó Faoláin  Scoil Dlí, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Buaiteoirí Ghradaim Ghlór na nGael
2023  An Chuallacht, UCC
2022   An Chuallacht, UCC
2021  Cumann Gaelach, TCD
2020  Cumann Gaelach OÉG
2019  Cumann Gaelach TCD
2018  Cumann Gaelach TCD
2017  Cumann Gaelach TCD
Buaiteoirí Chraobh Díospóireachta an Oireachtais le Gael Linn
2023 Cill Airne Aaron ó Conaill & Gráinne Ní Ailín         Cumann Gaelach TCD
2022 Cill Airne Seán Ó Gallchobhair & Clíodhna Ní Mhianáin Cumann Gaelach OG
2021

Óstán Camden 

Court

 Siobhán Ní Chróinín & Oisín Ó Síocháin An Chuallacht UCC
2020 Ar Líne Kate Gaughan agus Molly Parmeter,  Cumann Gaelach OG
2019 Citywest Ciara Ní Dhonnacha agus Barry Ó Siochrú,  Cumann Gaelach OÉG
2018 Cill Airne Darragh Mac Giolla Phádraig agus Eoghan Ó Finn,   Cumann Gaelach OÉG
2017 Cill Airne Colm Ó Néill agus James Kirwan  Cumann Gaelach TCD
2016 Cill Airne Áine Ní hAilíosa agus Cárthach Ó Faoláin, An Chuallacht, UCC
2015 Citywest Dónal Ó Catháin agus Séamus Ó Ceannainn, Cumann Gaelach UCD
2014   Aindriú Ó hEachteirn agus Dónal Ó Catháin,  Cumann Gaelach UCD
2013   Deirdre Ní Dhonnchadha, Lára Ní Dhálaigh  An Chualacht,  UCC
2012   Cormac Breathnach agus Eoin Ó Murchú  Cumann Gaelach UCD
2011                               Eoin Ó Murchú agus Aindriú Ó Faoláin Cumann Gaelach, UCD

Cartlann

Déan teagmháil 

Má tá tacaíocht uait nó ceist ar bith agat, bí i dteagmháil le Caoimhe Ní Mhaolaí, Comhordaitheoir 3ú Leibhéal an Chonartha Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Má bhaineann do cheist le Gníomhaí Gaeilge, téigh i dteagmháil le Chloe Ní Ruairc, Comhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Má tá do choláiste mar bhaill de chuid Aontas Mac Léinn na hÉireann, tá an Leas-Uachtarán don Ghaeilge reatha, Bláithín Nic a t-Síthigh, sásta gach tacaíocht a thabhairt duit. Is féidir dul i dteagmháil léi ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. .

Teagmháil

Sonraí Teagmhála na Coláistí

=
Coláiste Ról Teagmháil
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath An Cumann Gaelach
  Oifigeach na Gaeilge
  Gaeltacht UCD
Coláiste na Tríonóide An Cumann Gaelach
  Oifigeach na Gaeilge
  Oifig na Gaeilge

Coláiste na hOllscoile Corcaigh An Chuallacht
Oifigeach na Gaeilge
Oifig na Gaeilge
Ollscoil na Gaillimhe An Cumann Gaelach
Oifigeach na Gaeilge
Oifig na Gaeilge
Ollscoil Mhá Nuad An Chuallacht
Oifigeach na Gaeilge
  Oifig na Gaeilge
 Ollscoil Luimnigh An Cumann Gaelach
  Oifig na Gaeilge
 Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath An Cumann Gaelach
  Oifig na Gaeilge
Ollscoil na Ríona An Cumann Gaelach
  Oifigeach na Gaeilge
Oifig na Gaeilge
 Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire An Cumann Gaelach
  Oifig na Gaeilge
 Ollscoil Uladh An Cumann Gaelach
  Oifig na Gaeilge
Institiúid Ealaíona, Dearadh agus Teicneolaíochta Cumann Gaelach
Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Cumann Gaelach
 Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn Cumann Gaelach
 Coláiste San Aingeal Oifigeach na Gaeilge
 Institiúid Oideachais Marino An Cumann Gaelach
Ollscoil Theicneolaíochta BÁC An Cumann Gaelach
Ollscoil Theicneolaíochta an Oirdheisceart An Cumann Gaelach

Sonraí Teagmhála

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.