Skip to main content

Ceisteanna Coitianta

Posted in Cúrsaí.

Ar an leathanach seo, gheobhaidh tú freagraí ar roinnt ceisteanna éagsúla bainteach le ranganna a ritheann Conradh na Gaeilge, is féidir cliceáil ar na naisc thíos leis na freagraí a fheiceáil:

 

Céard iad ranganna Chonradh na Gaeilge?
Cá bhfuil na ranganna ar siúl?
Cathain atá na ranganna ar siúl?
Céard faoi ranganna le linn an lae?
Agus ranganna ar líne?
Cén leibhéal Gaeilge atá agam?
Céard é Teastas Eorpach na Gaeilge?
Cén praghas atá ar na ranganna?
An bhfuil lascainí ar fáil?
Conas a chláraím do na ranganna?
An reáchtálann sibh cúrsaí ullmhúcháin?
Tá diancheachtanna uaim, an bhfuil a leithéid ar fáil libh?

 

Céard iad ranganna Chonradh na Gaeilge?

Is ranganna Gaeilge do dhaoine fásta (18+) iad agus iad ar fáil do gach leibhéal idir ghlantosaitheoir agus daoine líofa.

 

Cá bhfuil na ranganna fisiciúla ar siúl?

Tá na ranganna fisiciúla ar siúl i mBaile Átha Cliath i gCeann-Áras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2, D02VH98 agus i nGaillimh in Áras na nGael, 45 Sráid Dominic Íochtarach, H91 E1NY.

 

Cathain atá na ranganna ar siúl?

I mBaile Átha Cliath tá 4 téarma le linn na bliana, Téarma an Earraigh, a bhíonn ar siúl idir Eanáir & Aibreán; Téarma an tSamhraidh, a bhíonn ar siúl idir Bealtaine & Iúil; an Dianchúrsa Lúnasa, atá ar siúl ar feadh 3 seachtaine i mí Lúnasa agus Téarma an Fhómhair, a bhíonn ar siúl idir Meán Fómhair agus Nollaig. Is téarmaí 10-seachtaine iad ár dTéarmaí, le rang 2 uair gach seachtain idir 19.00 - 21.00 (fisiciúil) agus idir 19.00 - 20.30 (ar-líne).

Tá cúpla difríocht idir na ranganna i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh, má tá aon mhearbhall ort, déan teagmháil le Gaillimh ar Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

 

Céard faoi ranganna i rith an lae?

Bíonn rogha maidine nó tráthnóna ar fáil le gach leibhéal dár ranganna ar líne. Níl ranganna le linn an lae ar ais go fisiciúil, go fóill.

 

Agus ranganna ar líne?

Mar gheall ar athruithe atá ag teacht i bhfeidhm leis an gCoróinvíreas, táimid ag forbairt ranganna ar líne, rithfear iad ag baint úsáid as an mbogearra Zoom. Is féidir spás a chur in áirithe ar Théarma an tSamhraidh, ár dtéarma ar líne ANSEO.  Coimeád súil ar an leathanach seo le tuilleadh nodanna agus cleasanna a fháil ar conas a bheith i d'foghlaimeoir maith ar-líne.

 

Cén leibhéal Gaeilge atá agam?

Tá Teastas Eorpach na Gaeilge i Maigh Nuad théis scrúdú nua a chur le chéile gur féidir a úsáid le do chaighdeán Gaeilge a mheas. Tá 60 cheist mar chuid den scrúdú gur féidir leat a dhéanamh ar ríomhaire. Ag an deireadh, taispeánann an suíomh duit cén leibhéal is oiriúnaí duit féin. Leis an scrúdú a dhéanamh, brúigh ANSEO.

Tosaitheoirí 1: Tá Tosaitheoirí 1 oiriúnach do ghlantosaitheoirí nach bhfuil aon eolas acu ar an nGaeilge cheana féin. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = A1.

Tosaitheoirí 2: Tá Tosaitheoirí 2 oiriúnach do dhaoine a bhfuil Tosaitheoirí 1 nó cúrsa tosaitheoirí eile déanta acu agus Gaeilge an-bhunúsach foghlamtha acu. Leibhéal TEG = A1.

Bunrang 1: Tá Bunrang 1 oiriúnach do dhaoine a bhfuil beagán Gaeilge acu, de ghnáth ón scoil, agus iad ag iarraidh cúrsa athnuachana ag leibhéal bunúsach a dhéanamh chun athfhoghlaim agus athneartú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge. Leibhéal TEG = A2.

Bunrang 2: Tá Bunrang 2 oiriúnach do dhaoine a bhfuil Bunrang 1 nó cúrsa athnuachana eile déanta acu. Bíonn beagán Gaeilge acu, de ghnáth ón scoil, agus iad ag iarraidh cúrsa athnuachana ag leibhéal bunúsach a dhéanamh chun athfhoghlaim agus athneartú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge. Leibhéal TEG = A2.

Meánrang 1: Tá Meánrang 1 oiriúnach do dhaoine a bhfuil tuiscint réasúnta maith acu ar an nGaeilge ach nach bhfuil muinín acu in úsáid na Gaeilge. Leibhéal TEG = B1.

Meánrang 2: Tá Meánrang 2 oiriúnach do dhaoine a bhfuil tuiscint réasúnta maith acu ar an nGaeilge ach nach bhfuil muinín acu in úsáid na Gaeilge. Leibhéal TEG = B2.

Ardrang 1: Tá Ardrang 1 oiriúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid scileanna cumarsáide, mar shampla foghraíocht, nathanna cainte, gramadach agus stór focal. Leibhéal TEG = B2 / C1.

Rang Cruinnis: Tá an Rang Cruinnis oiriúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus atá compordach ag labhairt as Gaeilge agus iad ag iarraidh níos mó cruinnis a bhaint amach, go háirithe i scríobh na Gaeilge. Tá sé oiriúnach do dhaoine a bhaineann úsáid as an nGaeilge san áit oibre. Leibhéal TEG = C1.

Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile.

 

Céard é Teastas Eorpach na Gaeilge?

Cuirtear cúrsaí Chonradh na Gaeilge in oiriúint do shiollabais Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) de chuid Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (OÉ Má Nuad). Cé nach reáchtálann Conradh na Gaeilge scrúduithe oifigiúla TEG mar chuid de na cúrsaí, is féidir le mac léinn ar bith ar spéis leo tabhairt faoin teastas teagmháil a dhéanamh le hOllscoil na hÉireann, Má Nuad, go díreach ag an uimhir thíos.

Is córas scrúdaithe é TEG d'fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge ón mbonnleibhéal (A1/A2) go leibhéal idirmheánach (B1/B2) go dtí an t-ardleibhéal (C1/C2). Forbraíodh an córas tástála seo in Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, chun córas scrúdaithe a chur ar fáil d' fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge in Éirinn agus thar lear gur mhaith leo a gcuid staidéir a phleanáil agus torthaí a gcuid foghlama a fheiceáil ar bhonn pearsanta agus proifisiúnta.

Tá scrúduithe TEG a dtairscint ag cúig leibhéal - A1, A2, B1, B2 agus C1 in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus thar lear, ina measc Má Nuad, Gaoth Dobhair, Leitir Ceanainn, Caisleán an Bharraigh, An Spidéal, Luimneach, Corcaigh, Cill Chainnigh, Cill Airne, agus Béal Feirste in Éirinn agus Nua Eabhrac, Páras, Prág, Ottawa, agus Sydney thar sáile. Cabhraíonn an córas seo le foghlaimeoirí a gcuid staidéir a struchturú agus aitheantas a fháil as an dul chun cinn atá déanta acu. Chomh maith leis sin, tugann sé cruthúnas d'fhostóirí maidir le cumas teanga agus iad ag roghnú iarrthóirí do phoist.

Tá Ionad na dTeangacha ag obair i gcónaí ar ábhar teagaisc a chur ar fáil do theagascóirí/eagraíochtaí ar mhaith leo a gcuid foghlaimeoirí a stiúradh i dtreo TEG. Tá ábhar teagaisc ar fáil ag leibhéil A1, A2, B1, agus B2 cheana féin, agus é ar fáil ar líne. Tá siollabais agus treoracha leagtha amach do na leibhéil eile agus táthar ag obair ar an ábhar teagaisc faoi láthair.

Is féidir tuilleadh eolais (páipéir scrúdaithe shamplacha, siollabais, ábhar teagaisc agus eile) a fháil ag www.teg.ie nó déan teagmháil le:

Aisling Ní Bheacháin,
Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
Fón: 01 708 6417
R-phost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

Cén praghas atá ar na ranganna?

Tá idir €140 agus €200 ar na ranganna ag braith ar an méid seachtaine sa téarma, fad na ranganna agus áit ina bhfuil an cúrsa ar siúl.

 

An bhfuil lascainí ar fáil?

Tá lascainí ar fáil i suíomhanna áirithe: má tá tú ag filleadh ar na ranganna, má tá tú ar an bpinsean, má tá tú dífhostaithe nó má tá tú i do mhac léinn. Níl gá ach teacht i dteagmháil le Aisling nó leis an Ard-Oifig ar +353 (0) 1 475 7401 leis an gcód lascaine a fháil.

 

Conas a chláraim do na ranganna?

Is féidir clárú anseo (Ar Líne / Baile Átha Cliathnó is féidir leat glaoch fóin a chur ar an Ard-Oifig ar +353 (0) 1 475 7401. Glacann muid le cárta (VISA, Mastercard) ar líne agus thar an bhfóin. I gcásanna eisceachtúla is féidir linn glacadh le hairgead tirim nó seiceanna.

 

An reachtálann sibh cúrsaí ullmhúcháin?

Reachtálann muid cúrsaí ullmhúcháin cúpla uair sa bhliain, cúrsaí le hullmhúcháin a dhéanamh i dtreo na n-agallaimh Gaeilge don chúrsa Hibernia agus cúrsaí dóibh siúd atá ag ullmhú i dtreo an scrúdú béil TEG B1. Fógraítear na cúrsaí siúd ar na meáin agus ar an suíomh seo. Más spéis agat a bheith ar an eolas nuair a thagann cúrsa eile chun cinn faigh i dteagmháil le Aisling ar Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

 

Tá diancheachtanna uaim, an bhfuil a leithéid ar fáil libh?

Níl córas oifigiúil againn le glacadh le diancheachtanna ach má chuirtear an t-eolas ar aghaidh chuig Aisling i.e cén leibhéal atá de dhíth ort, cá bhfuil tú lonnaithe agus cé mhéad uaireanta sa tseachtain srl. is féidir leis an t-eolas sin a chur thart ar an bpainéal múinteoirí. Má ghlacann múinteoir leo, beidh an socrú idir tú féin agus an múinteoir go príobháideach.

Leibhéil na gCúrsaí

Mura bhfuil tú cinnte faoin léibhéal ranga is fearr duitse, tá cur síos déanta ar na leibhéil TEG thíos:

LeibhéilRanganna

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.