Skip to main content

Ranganna Seachtracha


Eagraíonn Conradh na Gaeilge ranganna seachtracha taobh amuigh dár gceannoifigí chomh maith. Oibrímid le comhlachtaí, eagraíochtaí, carthanachtaí agus údarais le cúrsaí Gaeilge a sholáthar dóibh. Is féidir linn oibriú le d'eagraíocht le cúrsaí in oiriúint daoibh féin a chur ar fáil.

Tá painéal teagascóirí oilte againn a bhíonn in ann múineadh ag gach leibhéal líofachta. Leanann siad curaclam TEG agus tá na cúrsaí a bhaineann leis bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha. Tá ár dteagascóirí solúbtha ó thaobh uaireanta oibre de agus mar sin is féidir leo ranganna a mhúineadh ag amanna atá oiriúnach duit féin agus do d’fhoireann.

Más spéis leat ranganna Gaeilge a chur ar siúl i d'áit oibre féin cuir glaoch orainn ar +353 (0) 1 475 7401 nó cuir ríomhphost chuig Fionnuala ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Leibhéil na gCúrsaí

Mura bhfuil tú cinnte faoin léibhéal ranga is fearr duitse, tá cur síos déanta ar na leibhéil TEG thíos:

LeibhéilRanganna

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.