Skip to main content

An Plean Fáis

Posted in Feachtais Reatha.

Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, 2024-2029

An Plean →

In 2016 cuireadh an chéad phlean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le chéile le dhá aidhm faoi leith:

  1. Stop a chur leis na ciorruithe ar mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta a cuireadh i bhfeidhm go háirithe idir 2008 go 2016
  2. Infheistíocht de €18 milliúin breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a bhaint amach leis na héilimh leagtha amach sa phlean infheistíochta a mhaoiniú

Rinne Conradh na Gaeilge comhordú ar an bhfeachtas leis na héilimh sa phlean infheistíochta a bhaint amach agus thacaigh nach mór 90 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta leis na héilimh luaite sa phlean infheistíochta. Ghlac cuid mhaith de na grúpaí sin páirt san fheachtas idir stocaireacht a dhéanamh ar pholaiteoirí agus cabhair a chur ar fáil leis an scéal a scaipeadh ar na meáin éagsúla agus sa phobal trí chéile.

Cuireadh na héilimh luaite sa phlean chun cinn leis an dá Rialtas thuaidh agus theas go rialta. Pléadh iad leis na céadta polaiteoirí idir Teachtaí Dála, Seanadóirí, Comhaltaí den Tionól Reachtach, Comhairleoirí Údaráis Áitiúla, Feisirí Eorpacha agus eile. Rinneadh stocaireacht go háirithe roimh cháinaisnéisí thuaidh agus theas ag na hócáidí SEAS (laethanta stocaireachta eagraithe le polaiteoirí). Chomh maith leis sin, cuireadh na héilimh chun cinn i rith olltoghcháin thuaidh agus theas idir 2016 agus 2022.

Tá gá anois le plean nua a thógann ar na héilimh agus ar na torthaí ón chéad phlean infheistíochta. Caitheann an plean nua súil chun tosaigh ar méid atá de dhíth don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sna blianta amach romhainn. Tá sé ina aidhm ag an phlean seo dul i ngleic le heaspa uaillmhéine agus le heaspa maoinithe i leith na teanga, is a bheith ina uirlis le todhchaí níos fearr don Ghaeilge is don Ghaeltacht a bhaint amach.

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn faoin phlean ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.. 

An Plean Fáis: Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, 2024-2029 ar fáil thíos. 

Plean Fáis 2024-2029

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.