Gaelsnap (2016)
Tá an comórtas seo dúnta, agus na buaiteoirí fógartha.
Baineann 100,000 duine in Éirinn úsáid as Snapchat le pictiúir agus físeáin a sheoladh go cairde gach lá. Is féidir scéal a insint agus scagaire a roghnú le cur ar do phictiúir nó ar d'fhíseáin, áit ar féidir leat rudaí cosúil le teocht, am nó logainm a léiriú. Tá an-tóir ar na scagairí seo, go háirithe an scagaire tíreolaíochta atá ar fáil in áiteanna ar fud an domhain, in Éirinn ina measc.
Tá scagairí tíreolaíochta ar fáil do roinnt mhaith contaetha go dtí seo, ach tá siad i mBéarla amháin. An dea-nuacht ná go bhfuil an-suim ag Snapchat scagairí tíreolaíochta a chur ar fáil as Gaeilge agus reáchtáil Conradh na Gaeilge comórtas le scagairí tíreolaíochta as Gaeilge a aimsiú do gach contae.
Bhí go dtí 19 Lúnasa 2016 ag gach duine le cur isteach ar an gcomórtas, agus fógraíodh na buaiteoirí i Mheán Fómhair 2016.
Áiteanna
Roghnaigh ainm do chontae ón liosta thíos
Laighin | Leinster | Connachta | Connaught | |
Baile Átha Cliath | Dublin | Gaillimh | Galway | |
Ceatharlach | Carlow | Liatroim | Leitrim | |
Cill Chainnigh | Kilkenny | Maigh Eo | Mayo | |
Cill Dara | Kildare | Ros Comáin | Roscommon | |
Cill Mhantáin | Wicklow | Sligeach | Sligo | |
An Iarmhí | Westmeath | |||
Laois | Laois | Ulaidh | Ulster | |
Loch Garman | Wexford | Aontroim | Antrim | |
An Longfort | Longford | Ard Mhacha | Armagh | |
Lú | Louth | An Cabhán | Cavan | |
An Mhí | Meath | Doire | Derry | |
Uíbh Fhailí | Offaly | An Dún | Down | |
Dún na nGall | Donegal | |||
An Mhumhain | Munster | Fear Manach | Fermanagh | |
Ciarraí | Kerry | Muineachán | Monaghan | |
An Clár | Clare | Tír Eoghain | Tyrone | |
Corcaigh | Cork | |||
Luimneach | Limerick | |||
Port Láirge | Waterford | |||
Tiobraid Árann | Tipperary |
Grafaic
-
Caithfidh gach grafaic a bheith 100% úrnua
-
Gan aon lógó / trádmharc
-
Gan ghrianghraf nó haischlib sa ghrafaic
-
Bí cruthaitheach agus déan é tarraingteach
-
Ná clúdaigh an iomarca den scáileán
-
Déan cinnte go bhfuil sé ábhartha don áit agus go mbeidh daoine ag iarraidh úsáid a bhaint as
Moltaí iontrála
- Seol gach iarratas go
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. roimh mheán oíche Dé hAoine, 19 Lúnasa 2016 -
Tabhair do shonraí teagmhála dúinn chomh maith le cur síos gearr (níos lú na trí abairt) chun do shaothar ealaíne a mhíniú
-
Sábháil an comhad mar PNG trédhearcach, in oiriúint don idirlíon
-
Is gá go mbeadh an comhad 1080px ar leithead, 1920px in airde
-
Ní mór go mbeadh an comhad níos lú ná 300KB (comhad PNG)
-
Tá teimpléid ar fáil ó Snapchat agus is féidir iad íoslódáil anseo i gcomhair Photoshop nó Illustrator