Skip to main content

Comhairliúchán: Polasaí Sráidainmneacha do Dhoire - An Sráth Bán

Posted in Feachtais Reatha.

Comhairliúchán Poiblí: Dréacht-mhéasúnú Tionchair Comhionannais ar Pholasaí Sráidainmneacha Chomhairle Chathair Dhoire agus Ceantair an tSrátha Báin

comhairliúchán poiblí ar siúl ag Comhairle Chathair Dhoire agus Ceantair an tSrátha Báin faoi láthair ar mheasúnú tionchair comhionannais an pholasaí úr sráidainmneacha. Tá an comhairliúchán oscailte go dtí 31ú Iúil 2024. I measc na n-athruithe is suntasaí, tá an Chomhairle ag moladh go n-íslítear an tairseach tacaíochta d’iarratais rathúla ó 66% de chónthaitheoirí go 15% de chónaitheoirí.

Tá míreanna laistigh den pholasaí ar mian linn dúshlán a thabhairt dóibh chomh maith, an cosc 3 bliana ar iarratais mhírathúla, mar shampla. Chuige sin, tá moltaí curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge chun an scagadh, measúnú tionchair comhionannais agus an polasaí féin a láidriú. Tá na moltaí sin ar fáil anseo.

Moltaí GA

Tá an nasc chuig leathanach an chomhairliúcháin ar fáil anseo

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.