Stair Chonradh na Gaeilge
Athrú Teanga?
Is teanga ársa í an Ghaeilge, atá á labhairt in Éirinn leis na mílte bliain anuas. Cé go raibh athrú teanga á bhrú ar phobal na hÉireann leis na céadta bliain, is sa 19ú Aois a thárla na hathraithe i mó i gcumas urlabhra an phobail. Tar éis teip Éirí Amach 1798, cuireadh Éire faoi riail dhíreach Pharlaimint na Ríochta Aontaithe in 1801, agus ba mhór an mhíshastacht a léirigh muintir na hÉireann leis an stádas sin. D’ainneoin Fuascailt na gCaitliceach in 1827, a chuir deireadh le cuid mhaith de na péindlíthe, bhí cuid mhaith de phobal na hÉireann ag lorg níos mó saoirse, bíodh sin i bhfoirm stát neamhspléach, nó i bhfoirm cineachaidh ó Pharlaimint Westminster.
Idir 1800 agus 1845 tháinig dúbailt ar dhaonra na tíre, sular bhuail Gorta tubaisteach é idir 1845 agus 1852. Idir thionchar marfach díreach an ghorta, agus bhorradh a tháinig ar an eisimirce dá bharr, thit daonra na hÉireann arís go dtí leibhéal níos ísle i 1900 ná mar a bhí sé in 1800. Níor thárla a leithéid d’athrú daonra in aon tír eile san Eoraip, agus bhí tionchar millteanach aige ar shaol agus ar chultúr na hÉireann.
D’ainneoin an brú leanúnach institiúideach a bhí ar an nGaeilge leis na céadta bliain, bhí níos mó daoine a raibh Gaeilge acu beo in 1843 ná mar a bhí riamh roimhe sin. Ach mhéadaigh an brú ar an nGaeilge san 19ú hAois. Cuireadh tús le córas na scoileanna náisiúnta in 1831. Faoi 1850 bhí 4,500 scoil náisiúnta ann, ach ní raibh Gaeilge ar bith ar an chlár iontu. Ní raibh spás go hoifigiúil don Ghaeilge sa saol gnó, i gcúrsaí dlí, ná in obair an Rialtais. Thosnaigh tuismitheoirí ar fud na hÉireann ag tógáil clainne le Béarla, cé gur lag go leor an Béarla a bhí acu féin go minic, toisc gur chreid siad nach raibh todhchaí i ndán dá gcultúr dúchais, agus nach mbeadh seans ar bith ag a bpáistí dul chun cinn a dhéanamh sa saol thar sáile a bhí i ndán don chuid is mó acu gan Béarla a bheith acu.
“The reason why the Irish did not remain satisfied, as did other trading partners of England, with acquiring the modicum of English required for economic intercourse, while retaining their own language as the vernacular, was the nature of the state. As the role of the state expanded it became a major source of employment, of social mobility, and of favours. But the whole state apparatus was an agency of anglicisation. The more interventionist the state became, often in an effort so respond to nationalist “grievances”, the more pervasive became the pressure for anglicisation. When knowledge of English sufficed for all the transactions of public life, Irish became increasingly redundant. As literacy began to spread, it came to be equated almost solely with literacy in English, because it was needed mainly for contact with the state. The history of language shift in Ireland therefore, is intimately bound up with political history. If Ireland had not come under English political control, even the closest economic contact need not have led to the loss of the language.”
J.J. Lee, Ireland 1912-1985, Politics and Society
“But to the wider question of why the aquisition of English meant, overwhelmingly, the abandonment of Irish, answers may be better sought in the study of collective behaviour rather than simply in a multitute of “rational” individual choice. The emotional impact on a family or household of suppressing or expelling a language and replacing it with another – the inter-generational ruptures involved – must have been sharply disruptive, however rational the motivations for the change. Again, we can only imagine (...) what the acoustic reality and social-psychological drama of these individual and collective attitudes may have produced in an individual dwelling, or in the chapel, shop, school, or square of a market town on a fair day in, say, the second quarter of the nineteenth century.”
Gearóid Ó Tuathaigh, I mBéal an Bháis, 2015
Fís na hAthbheochana
Tháinig grúpaí éagsúla le chéile i dtreo dheireadh an 19ú hAois chun iarrachtaí a dhéanamh an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn. Bunaíodh Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge in 1876 agus Aontacht na Gaeilge in 1880. D’éirigh leo aitheantas éigin a fháil don Ghaeilge sa chóras oideachais chomh maith le hiris mhíosúil, Irisleabhar na Gaeilge, a chur ar bun in 1882.
Bhí cuid mhaith de na grúpaí seo dírithe ar staidéar na litríochta agus gan mórán teagmhála acu leis an mórphobal. Shíl Eoin Mac Néill agus Dubhghlas de hÍde beirt go raibh gá le níos mó béime a chur ar an nGaeilge labhartha, agus an pobal a ghríosadh chun an teanga a labhairt agus a shábháil.
Chuige sin, ghairm Eoin Mac Néill cruinniú ag Uimhir 9 Sráid Uí Chonaill Íochtar ar an 31ú Iúil 1893, chun an cur chuige nua a bhí leagtha amach aige in Irisleabhar na Gaeilge i mí Márta 1893 a phlé. Bunaíodh Conradh na Gaeilge ag an gcruinniú sin, toghadh Dubhghlas de hÍde mar chéad Uachtarán na heagraíochta, agus cuireadh tús i gceart le hAthbheochan na Gaeilge.
“Ní gá dom a rá, nár bhain gluaiseacht na Gaeilge roimhe seo ach le múnadh na Gaeilge. Na leabhair agus na máistrí, níor chonghbhadar-san teanga ar bith beo ariamh... Teanga ar bith níor mhair beo riamh nár mhair cois teallach na tuaithe. Gídh tábhachtach an ní an Ghaeilge a mhúnadh, ní hé an ní is mó tábhacht é.”
Eoin Mac Néill, Toghairm, Márta 1893
“Níl aon ní ar bith is mó teastáil le déanamh anois ná an Ghaedhilg do chonneáil dá labhairt i measc na ndaoine. B’fhearr liomsa, mo thaoibh féin, muinín 5 duine d’fheiscint ag labhairt Gaeilge ina measc féin ‘ná deich nduine d’fheiscint ionán í a léamh.”
Dubhghlas de hÍde i litir chuig Eoin Mac Néill, 26.6.1893
Tionchar agus Tacaíocht ó Mheiriceá
D’fhás an eagraíocht nua go mall ar dtús. Bunaíodh neart craobhacha den Chonradh i gceantracha uirbeacha agus cláraíodh grúpaí Gaeilge i Meiriceá, i Sasana agus in Albain freisin. Ach ní raibh sé d’acmhainn ag an gConradh plean Mhic Néill agus de hÍde “dream de dhaoine toghtha” a chur ag “siúl ar fud na tíre ó thigh go tigh” a chur i bhfeidhm.
In 1895, d’éag Pádraig Ó Maoláin, sárdhéantúsóir gunnaí a rugadh i mBéal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall i Nua Eabhrac. D’fhág sé airgead le huacht chun cuidiú leis an nGaeilge labhartha agus scríofa in Éirinn. Ag cruinniú speisialta a gairmeadh i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath ar an 7 Meán Fómhair 1898, rinne an Feisire Parlaiminte T.D. O’Sullivan, a bhí ina fheidhmeoir ar an uacht, cinneadh an t-airgead a chur ar fáil do Chonradh na Gaeilge chun scéim timireachta a chur ar bun.
Bhí an t-ádh ar an gConradh go raibh duine den scoth ar fáil chun tús a chur leis an obair seo: Tomás Bán Ó Coincheanainn, fear as Inis Meáin a bhí díreach tar éis filleadh ar Éirinn tar éis dó breis is 10 mbliana a chaitheamh i mbun déantús fíona agus díolacháin earraí ar fud na Stáit Aontaithe agus Mheicsiceó. Leis na scileanna agus na hacmhainní a tháinig ó Mheiriceá, cuireadh tús le ré nua den Athbheochan.
“Like all Aran islanders, Mr. Concannon is a man of splendid physique. He belongs to that physical type so characteristic of the islands, and of Inis Meáin in particular – tall, lithe and active, rather than robuset, with muscles of steel, and that graceful, dignified carriage of the body and head which betrays an Inis Meáin man all over the world; the features strong, handsome, and expressive. An excellent linguist, he speaks Irish and even Spanish much more fluently than English, which, however, he writes with great power. A man of untiring perseverance, gignatic energy, and sterling business qualites, he is emphatically the right man in the right place. He is, besides, the orator par excellence of the movement.”
“Mr Thomas Concannon, An Claidheamh Soluis, 23 MF 1899”
“It is the experience of the Gaelic League that nothing can be done until that feeling of pride is awakened, and that the most practical way of awakening it would be to send travelling teachers and organisers about the country to stir up a strong public opinion in favour of the language. This scheme has been before the Committee of the League for some time, and was first announced publicly at the Conference held on May 25th, 1898, the day after the Oireachtas. These travelling organisers would themselves be familiar with the Irish language, and would teach it in the various districts to which they were sent.”
Norma Borthwick, Rúnaí Chonradh na Gaeilge, 1898
Timireacht
Chruthaigh Tomás Bán córas a chuaigh i bhfeidhm go mór ar mheon phobal na hÉireann. Thaisteal sé ar fud na tíre, ag cur aithne ar dhaoine, á ngríosadh, á nearcú, ag múineadh Gaeilge, ag míniú stair na hÉireann, agus ag tógáil córas náisiúnta chun tacú leis an nGaeilge agus chun feasacht ar stair agus ar chultúir na hÉireann a árdú.
Chuir obair Thomáis agus a chomhleacaithe borradh faoin eagraíocht agus faoi fhoghlaim na Gaeilge. Faoi 1906, bhí thart ar 100 duine ag obair mar thimirí agus mar mhúinteoirí taistil, agus bhí thart ar 900 craobh ar fud na hÉireann agus thar sáile.
Ba obair chrua, thuirsiúil í obair na dtimirí, ach ba mhór an tionchar a bhí aici ar Éireann agus ar mheon an phobail i leith na Gaeilge. Tugann tuairiscí na dtimirí léargas iontach dúinn ar shaol na tíre díreach roimh agus le linn aimsir na réabhlóide in Éirinn.
“.. an treabhadh agus an grafadh agus an bhracáil agus an síol-chur, agus ansann ar fhás agus ar mheathluigh den tsíol a scaipeadh! Ach ní heol dom aoinne a thóg páits ann dáiríribh, dá mhéid duadh agus deacracht a bhain le cuid de, ná gur bhreá leis uaireanta bheith ag machtnamh ar an saol do bhí ag lucht leanúna an Chonnartha an tráth san, agus ar an ndílseachta agus an grádh a bhí mar dhlúth-cheangal eatortha. Aon chuspóir amháin a bhí curtha rompa aca go léir – an Ghaeilge do chur á labhairt arís agus Éire chur mar ba cheart di bheith. Bhíos fuadar breá fútha agus ba mheidhreach muinteartha an sluagh iad, idir fearaibh agus mnáibh. Bhí iontaoibh aca as a chéile agus bhí dúthracht agus déine ina saothar. Sin é an fáth gur éirigh leo an tír go léir a chorraí i mbeagán blianta.”
Peadar Ó hAnnracháin, Fé Bhrat an Chonnartha, 1944
Oideachas
Bhí tionchar as cuimse ag an Athbheochan ar an gcóras oideachais. Ní raibh ach spás imeallach ag an nGaeilge i gclár na scoileanna in 1893, agus ní raibh léamh ná scríobh na Gaeilge á dteagasc do chainteoirí dúchais Gaeilge go hoifigiúil. Ní raibh móran spáis ar chlár na scoileanna le haghaidh stair na hÉireann ach an oiread.
Chuir an Conradh a chóras oideachas féin ar bun, idir ranganna Gaeilge, choláistí samhraidh, choláistí oiliúna agus chúrsaí traenála. Eagraíodh feachtais a chinntigh go mbeadh áit lárnach ag an nGaeilge ag gach leibhéal sa chóras oideachais, ionas go mbeadh deis ag gach páiste teanga dúchais na tíre a fhoghlaim.
Tar éis bunú an dá stáit, tarraingíodh siar an tacaíocht don Ghaeilge sa chóras oideachais ó thuaidh, ag an am céanna a raibh breis tacaíochta á cur ar fáil sa chóras oideachais ó dheas. Sa lá atá inniu ann, tá 302 bunscoil agus 70 meánscoil ag teagasc trí Ghaeilge ar fud an oileáin. Ta gaelscoileanna nua á mbunú go rialta toisc ró-éileamh a bheith ar na scoileanna atá ann faoi láthair.
“At the May meeting of the Coiste Gnó, during the course of a discussion on the position of Irish in the primary schools, Mr Thomas Ashe suggested that it might be worthwhile to consider the feasibility of establishing under Gaelic League auspices and in or near an Irish speaking district a training college for primary teachers, which should be frankly Irish in standpoint and which should specialise in the training of teachers to handle Irish education in the Gaeltacht. The suggestion was received with unanimous approbation. We all felt that in the midst of a babel of Talk a man had stood up and proposed a Deed. The proposal, be it noted, was not to ask the National Board to do anything: it was a proposal to do something ourselves.”
Pádraig Mac Piarais, 1911
Cultúir & Tionsclaíocht
Chruthaigh Athbheochan na Gaeilge spás agus meas nua do chultúr dúchais na hÉireann. Bailíodh agus foilsíodh béaloideas, agus eagraíodh feiseanna agus comórtais chun ardán a thabhairt d'ealaíona dúchais na tíre. Rinneadh iarracht mhór déantúsaíocht na hÉireann a chur chun cinn sa bhaile agus thar lear.
Ta ceol, rincí, agus lúthchleas traidisiúnta na hÉireann á gcleachtadh ar fud na cruinne sa lá atá inniu ann, agus meallann féilte ceoil agus chultúir Ghaelaigh na milliúin cuairteoirí gach bliain. Ag Oireachtas na Gaeilge, féile mhór na nGael a chur Conradh na Gaeilge ar bun in 1897, bíonn breis is 10,000 i láthair gach bliain. Is gnó mór é cultúr na nGael.
Aithnítear gurb iad muintir na Gaeltachta tobar na Gaeilge agus crann taca ár gcultúir dhúchais. Déantar iarracht fostaíocht agus fiontraíocht a chothú sna ceantracha Gaeltachta le cinntiú go bhfuil todhchaí inmharthana i ndán dóibh.
“Ba iontach an spiorad náisiúnta agus an spiorad Gaelach a bhí le tabhairt faoi deara in óg agus aosta ar na feiseanna go léir an uair úd. Bhí fonn ar gach duine and Ghaeilge a labhairt agus cúis na Gaeilge a chur ar aghaidh. Chuireadh sé ríméad ar chroí aon Éireannach an spiorad sin a fheiceáil.”
Seán T. Ó Ceallaigh, Seán T. 1963
“And to the Gaelic League is due the credit of having established the first Irish national society which accepted women on as members on the same terms as men”
Jenny Wyse Power, 1924
Teicneolaíocht na hAthbheochana
Cé go raibh thart ar 710,000 cainteoir Gaeilge sa tír in 1893, meastar nach raibh léamh ná scríobh na Gaeilge ag formhór acu. Bhí sé fíor-thábhachtach ábhar foghlamhtha agus leitheoirachta a chur ar fáil dóibh.
Chruthaigh na hAthbheochainteoirí nuachtáin, irisí, agus deiseanna foilsithe do lucht labhartha, foghlamtha agus léitheoireachta na Gaeilge. Tháinig borradh faoi scríbhneóireacht na Gaeilge, agus de réir a chéile réitíodh na conspóidí éagsúla faoi chursaí cló, caighdeán, agus canúintí.
Sa lá atá inniu ann foilsítear breis is 100 leabhar Ghaeilge nua gach bliain. Tacaíonn ciorcail léitheoireachta leo siúd atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Tá áiseanna nua teicneolaíochta á fhorbairt go leanúnach chun spásanna agus áiseanna nua a chrúthú don Ghaeilge, agus tá Gaeltacht domhanda nua tar éis fás ar líne.
“Cloistear daoine ag rá go mba dual do Phádraic Ó Conaire agus do Sheosamh Mac Grianna a bheith ina scríbhneoirí gan Conradh na Gaeilge a bheith riamh ann. Níl a fhios agamsa ná aon duine eile ar dhual nó nár dhual. Ní scríbhneoirí Gaeilge a bheadh iontu marach an Conradh. Sí an scríbhneoireacht Ghaeilge an toradh is léire inniu ar shaothar an Chonartha ar son na Gaeilge. An cló-inneall a ceileadh ar an nGaeilge go dtí sin thosaigh sí ag baint leas as le fonn, fonn a bheith cúiteach leí féin agus le mainneachtan na haimsire. Is mó an scríbhneoireacht atá ar fáil ag na cheithre fichead bliain seo caite ná ag aon tréimhse dhá chomhfhad i stair na Gaeilge”
Máirtín Ó Cadhain, Conradh na Gaeilge agus an Litríocht, 1968
Craoltóireacht na Gaeilge
Nuair a cuireadh Raidió Éireann ar bun i 1926, rinneadh cinnte go mbeadh cláracha Gaeilge ar fáil ar an tseirbhís nua, agus iarraidh ar Dhubhghlas de hÍde an seirbhís nua a sheoladh. Bhí gá le seirbhís níos leithne áfach, ach d'ainneoin neart plé agus pleannana, níor cuireadh seirbhís raidío nó teilifíse iomlán Gaeilge ar bun chun freastal ceart a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Mar chuid de Ghluaiseacht Chearta Shibhialta na Gaeltachta sna 1960í, tháinig feachtas chun cinn chun stáisiún raidió Gaeltachta a chur ar bun. D’éirigh leis an bhfeachtas, agus thosaigh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh i 1972. Chomh maith le Raidió na Gaeltachta, tá trí stáisiúin raidió Gaeilge eile ag craoladh: Raidió na Life (ó 1993), Raidió Fáilte (ó 2006), agus Raidió RíRá (ó 2008). Craoltar cláracha Gaeilge ar stáisiúin raidió eile chomh maith.
Sna 1970í d’fhás an t-éileamh ar sheirbhís teilfíse Gaeilge. Sna sála ar fheachtas fada eile a lean 20 bliain agus inar cuireadh neart daoine i bpríosún, rinne an Rialtas cinneadh i 1993 stáisiún nua a chur ar bun, agus seoladh Teilifís na Gaeilge, nó TG4 mar a thugtar anois air, ar an 31 Deireadh Fómhair 1996.
"Bhain an plé faoi Theilifís na Gaeilge leis an díospóireachta mhór dhomhanda faoi fhéinmheas náisiúnta. Ba í an cheist bhunúsach ná an rabhthas le spás ar bith a thabhairt don Ghaeilge sa timpeallacht úr seo ina bhfuil comhdhlúthú ag tárlú maidir le teicneolaíocht agus úinéireacht. Níorbh fhéidir é a chur ar an méar fhada. Chaithfí an cheist a fhreagairt. Dá ndéarfaimis nach raibh spás le tabhairt don Ghaeilge sa timpeallacht úr n’in cinneadh ar dhoiligh dul siar air amach anseo."
Micheál D. Ó hUigínn, 1996
Cearta Teanga
Ní raibh aitheantas oifigiúil ar bith ag an nGaeilge in 1893. Rinne an Conradh iarracht ollmhór aitheantas a fháil do theanga dúchais na tíre. Cuireadh feachtas ar bun chun cead a fháil seoltaí Ghaeilge a scríobh ar phostas agus ar chomharthaí poiblí. Cuireadh an dlí agus gearradh píonós ar neart Gael as ucht an seasamh a thóg siad ar son Cearta Teanga.
Nuair an bunaíodh an Saorstát i 1922, tugadh aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil, agus ó 1937 i leith tá an Ghaeilge cosanta faoi Bhunreacht na hÉireann mar phríomh-theanga oifigiúil an Stáit. Mar thoradh ar fheachtas mór ag tús na haoise seo, aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontas Eorpaigh in 2007. Níl an chosaint chéanna ag an nGaeilge ó thuaidh áfach, áit a bhfuil cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó 1737 i leith.
Cuidíonn An Coimisinéir Teanga, a ceapadh den chéad uair faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla in 2003, cearta teanga an phobail ó dheas a chosaint. I gComhaontú Aoine an Chéasta (1998) agus Comhaontú Chill Rimhinn (2006), agus sa chomhaontú polaitiúil Ré Nua Cur Chuige Nua (2020) gealladh ré úr don Ghaeilge ó thuaidh agus reachtaíocht nua don teanga. Tá muid fós ag fanacht ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta úire agus fheidhmeanna an Choimisinéara Gaeilge.
Tá a lán oibre le déanamh go fóill chun na cearta sin a chinntiú áfach, bíodh sin taobh istigh nó taobh amuigh de na Gaeltachtaí. Cuireann Gluaiseacht na Gaeilge fáilte i gcónaí roimh gach tacaíocht agus rannpháirtíocht ón agus don phobal. Leis an tuiscint, an meon, agus an fuinneamh ceart, is féidir linn todhchaí geal dár dteanga a chinntiú.
"D'fhéadfaí an tuairim a chosaint, is dóigh liom, gurb í is fíorfhadhb chultúrtha don ghlúin seo againn ná consensus cultúrtha a éabhlú, córas a bheadh comhdhéanta de luachanna agus de chuimhní agus de dhóchas, nós agus cleacht a thabharfaidh saol saibhfur sásaíoch do gach ball den phobal. Is é a bheadh le déanamh ag lucht na hathbheochana ná a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann gur slí tábhachtach, nó b'fhéidir riachtanach, athbheochan na Gaeilge chun an consensus sin a bhunú agus a dhaingniú. Éilíonn an athbheochan sin mórathrú sóisíalta, óir caithfidh ár gcóras sóisialta teacht i gceist, chomh maith lenár dteanga phobail, ó thárla gur toradh iad an dá cheann ar phróiséas stairiúil nach nglacann an t-athbheochantóir leis."
Breandán Ó Doibhlin