Skip to main content

Ráiteas Tosaigh do Chomhchoiste na Gaeilge maidir le 'An Plean Fáis'

Ráiteas Tosaigh & Eolas eile ó Chonradh na Gaeilge do Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge maidir le An Plean Fáis – Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029.

Ar 3 Iúil 2024, bhí toscaireacht os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le labhairt maidir leis an Phlean Fáis. Labhair Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge; Fionnbarra Ó Brolcháin, Iar-Ollamh Airgeadais, Ollscoil Chathair BÁC; agus Gráinne Nic Niallais, Baile Seirbhíse Gaeltachta An Chlocháin Léith & An Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga ann. Seo thíos na ráitis tosaigh a tugadh ar an lá.

1. Cúlra an Phlean Infheistíochta agus na Mórspriocanna ann – Julian de Spáinn

A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála, agus a Sheanadóirí, ba mhaith liom ar son Chonradh na Gaeilge buíochas mór a ghabháil libh as an deis a bheith anseo inniu, in éineacht le Gráinne Nic Niallais, Baile Seirbhíse Gaeltachta An Chlocháin Léith & An Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga agus Fionnbarra Ó Brolcháin, Iar-Ollamh Airgeadais, Ollscoil Chathair BÁC chun ‘An Plean Fáis – Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029’ a phlé libh agus bhur dtacaíocht a lorg dó. Tá an seisiún seo inniu an-ábhartha agus ár Lá Stocaireachta, SEAS ’24, ag dul ar aghaidh trasna an bhóthair in Óstán Buswells.

Ba mhaith liom tosú agus cuid den bhuneolas a bhaineann leis an bPlean Fáis a chur os bhur gcomhair. Bhí go leor feachtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht eagraithe thar na blianta ach ní raibh feachtas cuimsitheach eagraithe roimh 2016 le maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta a mhéadú go suntasach agus le cothrom na féinne a bhaint amach ó na cistí stáit thuaidh agus theas.

In 2016 chomhordaigh an Conradh an chéad phlean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, le tacaíocht ó 90 grúpa eile, agus d’éirigh linn:

  1. Stop a chur leis na ciorruithe ar mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta a cuireadh i bhfeidhm go háirithe idir 2008 go 2016
  2. €31 milliúin a bhaint amach a bhaineann go dlúth le héilimh a leagadh amach sa phlean infheistíochta idir 2016 agus 2022 agus baineadh €14 milliúin eile amach sa bhreis air sin don Ghaeilge agus don Ghaeltacht nár bhain go dlúth le héilimh sa phlean infheistíochta

Cé go raibh sé go maith gur éirigh linn maoiniú sa bhreis a bhaint amach, caithfear a thógáil san áireamh go bhfuil maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta bunaithe ar bhonn ró-íseal go stairiúil. I gcomhthéacs chaiteachas an Stáit, níl ach idir 0.13% agus 0.17% de chaiteachas an Stáit ó dheas á chaitheamh ar scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta idir Roinn na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus TG4 ó 1956 go dtí an lá atá inniu ann.

Tá easpa uaillmhian Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le feiceáil, mar sin, thar na blianta ó thaobh acmhainní a chur ar fáil. Lena gceart a thabhairt do Rialtais éagsúla, tá gach seans ann nár thuig siad nach raibh cothrom na féinne á tabhairt acu don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá samplaí d’Airí éagsúla ag tabhairt ardaithe suntasacha ar mhaoiniú a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht agus tá siad le moladh as sin a dhéanamh. Ach, mar a luaigh mé roimhe seo, bhí an bonnleibhéal i bhfad ró-íseal i gcónaí.

Ba mhaith liom tagairt sonrach a dhéanamh d’Fhoras na Gaeilge maidir leis an easpa cothromaíochta sa mhaoiniú faighte ag an eagraíocht tras-teorann le 20 bliain anuas (déanfaidh Gráinne cur síos níos déanaí maidir le cás Údarás na Gaeltachta mar eolas). Nuair a dhéantar comparáid idir athruithe buiséid de chuid na Comhairle Ealaíon ó dheas agus Foras na Gaeilge ó 2003 go 2022, is léir nár tháinig aon ardú suntasach ar bhuiséad an Fhorais le 20 bliain anuas, fiú nuair a bhí arduithe móra á dtabhairt le haghaidh buiséid áisíneachtaí stáit eile. Tá buiséad Fhoras na Gaeilge íslithe le 20 bliain anuas ó €17.18 milliúin go €16.26 milliúin. Sa tréimhse céanna, tá buiséad na Comhairle Ealaíon ó dheas ardaithe ó €44.1 milliúin go €130 milliúin. Nuair a chuirtear boilsciú an innéacs praghsanna san áireamh, is ionann an ísliú i mbuiséad an Fhorais agus ísliú 45% ar a bhuiséad ón méid maoinithe a bhí ag an bhForas sa bhliain 2003 agus atá le bheith aige sa bhliain 2024.

Léiríonn na figiúir suntasacha seo ar fad nach bhfuil ag éirí leis an struchtúr tras-teorann cothrom na féinne a bhaint amach i maoiniú na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Níl an socrú maoinithe, nó an coibhneas maoinithe thuaidh theas, don an áisíneacht tras-teorann ag oibriú amach agus tá ceist mhór ann an féidir seo a réiteach i bhfianaise na fírice nár tugadh ardú suntasach don Fhoras nuair a bhí airgead breise le roinnt thuaidh nó theas le 20 bliain anuas. Tá cúpla réiteach a d’fhéadfaí a úsáid leis seo a chur ina cheart, mar shampla go n-athrófar an meamram airgeadais idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine le ligint do cheachtar de na Rialtais ó dheas nó ó thuaidh maoiniú suntasach sa bhreis a thabhairt d’Fhoras na Gaeilge gan aon airgead sa bhreis ag teacht ón Rialtas eile nó socrú eile a dheiseodh an fhadhb struchtúrtha maoinithe atá ag Foras na Gaeilge maidir leis na bun-cheatadáin, atá reoite ag 75% / 25% ó tháinig ann don eagras trás-teorainn an chéad lá.

Táimid ag éileamh ar na Rialtais thuaidh agus theas le roinnt blianta chun socrú mar seo a dhéanamh agus struchtúr maoinithe an Fhorais a dheisiú.

Sa chás, áfach, nach féidir seo a bhaint amach caithfear a bheith cróga le féachaint ar fhéidearthachtaí eile le maoiniú sásúil agus cothrom a chur ar fáil d’fhorbairt na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, ar nós an moladh a cuireadh san áireamh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 le háisíneacht stáit eile a chur ar bun, Údarás na Gaeilge, (ach inár dtuairim níor chóir an Ghaeltacht a chur san áireamh sna freagrachtaí a bheadh ag áisíneacht cosuil leis seo mar go bhfuil Údarás na Gaeltachta ann cheana féin), thuaidh agus theas, le boird tofa nó struchtúr eile a chinntíonn fíor-ionadaíocht ón bpobal. D’fhéadfadh a leithéid d’áisíneachtaí a bheith maoinithe go díreach ag na Rialtais chuí le buiséid suntasacha curtha ar fáil dóibh. Ní bheadh na háisíneachtaí seo faoin mbac céanna atá ar Fhoras na Gaeilge maidir leis an aontas atá ag teastáil ar aon ardú buiséid idir an dá Rialtas thuaidh agus theas (rud atá tar éis a chinntiú go raibh ísliú i mbuiséad an Fhorais le 20 bliain anuas mar a luadh cheana féin). B’fhearr linn gan dul síos an bóthar seo in aon chor ach níl sé cothrom go mbeadh pobal na Gaeilge thíos leis ar feadh 20 bliain eile mar gheall ar struchtúr a cuireadh ar bun 25 bliain ó shin nach bhfuil in ann maoiniú sásúil a bhaint amach. Mar sin tá dhá rogha ann, leasfaidh na rialacha reatha, nó, sa chás munar féidir sin a dhéanamh, athraigh an struchtúr ar fad.

Is é an t-éileamh is mó sa Phlean Fáis gur mhaith linn bhur dtacaíocht a fháil dó ná go n-ardófar an infheistíocht ar scéimeanna Gaeilge agus na Gaeltachta ó 0.17% go 0.4% de chaiteachas an Stáit ó dheas agus ó 0.03% go 0.1 % ó thuaidh idir 2024 agus 2029. Chuirfeadh seo breis is €200 milliúin ar fáil i mbonnlínte na n-áisíneachtaí stáit, idir Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, TG4 agus eile, le tionscadail a mhaoiniú agus le seirbhísí suntasacha breise a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. I suirbhé neamhspleách déanta ag Ireland Thinks i 2023 bhí 64% ar son 0.5% nó níos mó de chaiteachas an Stáit a bheith caite ar scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta (agus 37% díobh siúd ar son é a ardú go 1% de chaiteachas an Stáit). Léiríonn na figiúir seo, go bhfuil ár n-éileamh thar a bheith réasúnta, go bhfuil an pobal ag tacú leo agus gur chóir feidhmiú ar na héilimh seo láithreach bonn.

Bheadh tionchar dochreidte ag an maoiniú breise seo sa phobal agus don phobal. Chruthófaí 9,000 post breise, go háirithe sa Ghaeltacht. Bheadh 5,000 lán-scoláireacht agus 5,000 leath-scoláireacht ar fáil do pháistí faoi mhíbhuntáiste le freastail ar chúrsaí Gaeltachta. Bheadh 10,000 scoláireacht ar fáil do dhaoine fásta leis an teanga a fhoghlaim. Bheadh lárionaid Gaeilge nua bunaithe agus na hacmhainní cuí curtha ar fáil dóibh fud fad na tíre. Bheadh an maoiniú céanna ag TG4 is atá ag S4c sa Bhreatain Bheag. Bheadh rochtain ar dhaoine óga ar Raidió Rí-Rá ar FM pé áit sa tír ina bhfuil siad. Is iomaí toradh eile a bheadh ann leis an infheistíocht molta sa Phlean Fáis.

Beidh deis ag Gráinne tagairt go luath do roinnt de na tionscadail a bhaineann leis an bpleanáil teanga a bheadh thuas leis go mór nuair a mhaoineofar an Plean Fáis ach ar dtús ba mhaith liom iarraidh ar Fhionnbarra beagáinín comhthéacs níos leithne a thabhairt dúinn ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht cothrom agus riachtanach sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Chríochnóidh mé ansin le cúpla éileamh gur mhaith linn a chur os bhur gcomhair agus bhur dtacaíocht a lorg díobh.

2. Comhthéacs níos leithne don Phlean Fáis – Fionnbarra Ó Brolcháin

A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála, agus a Sheanadóirí, tá mo chur i láthair gairid seo bunaithe ar blianta fada atá caite agam mar léachtóir agus mar thaighdeoir eacnamaíochta agus airgeadais in ollscoileanna in Éirinn, a leithéid DCU, Má Nuad, UCD agus TCD, ar fud na hEorpa sa Fhionlainn, an Danmhairg, an Fhrainc agus an Ostair, chomh maith le Stáit Aontaithe Meiriceá.

Rud an-thábhachtach is mian liom a rá i dtosach ná go bhfuil an Plean Fáis seo go mór chun tosaigh ó thaobh smaointeoireachta forbartha eacnamaíochta agus nuálaíochta de.

Tá geilleagar an domhain ag athrú ó bhonn, ag bogadh ó ré thionsclaíochta ina dtáirgtear earraí den chuid is mó go ré athghiniúna ina bhfuil eispéiris doláimhsithe i réim. Tá an pharaidím athghiniúna bunaithe ar phatrún smaointeoireachta a bhfuil luí níos mó aige leis an taobh deas den inchinn ná an taobh clé.

Baineann athghiniúint le damáiste a dheisiú, éiceachórais a athbheochan, pobail a neartú, cultúir dhúchasacha a chothú, agus mar sin de. Téann an athghiniúint níos faide ná an inbhuanaitheacht; baineann sé le iarrachtaí sochaí folláine a bhaint amach trí mórtas dúiche a chothú. Tá meas an-ard ar an ndúchas mar bhunchloch den athghiniúint seo.

Tá na tíortha atá ag cothú polasaithe athghiniúna ag imeacht ó béim ar thomhaltachas go béim ar an ratha agus an cúraim. Téann na tíortha seo i gcoinne fhórsaí an tsaormhargaidh. Ní chaitheann siad le tomhaltachas nó le fás eacnamaíochta, ach le folláine sa brí is leithne, mar spriocanna náisiúnta.

Seo iad na tíortha a mbeidh rath orthu sna blianta atá romhainn. Agus muid anois sáite i bhfórsaí an domhandaithe, éireoidh go geal leis na háiteanna sin atá tógtha ar mheanma athghiniúna. Caithfidh Éire bheith ina measc.

Tá fiúntas faoi leith ag cultúr dúchasach na hÉireann, an Ghaeilge ach go háirithe, chun fiontair athghiniúna a chothú. Tá sé aitheanta le fada ag tíortha Nordacha, mar shampla, go gcothaíonn á dteangacha uathúla mórtas dúiche atá riachtanach don fhéintuilleamaí, don fhéin-mhuinín agus don fhéin-mheas atá de dhíth chun an rathúnas a bhaint amach.

Faraor, tá an tuairim forleathan ann sa tír seo go bhfuil buntáiste iomaíoch againn in Éirinn mar gur tír ina labhraítear Béarla í. Caitheann an smaointeoireacht athghiniúna an tuairim as-dáta sin bun os cionn.

Sa ré athghiniúna tá luach tráchtála faoi leith ag an nGaeilge ó thaobh cúrsaí brandála agus margaíochta de. I mbliana, i suirbhé a rinne an comhlacht Amárach do Ghaelchultúr, ghlac 73% den phobal gur táirge dúchasach Éireannach atá ann nuair a bhíonn an Ghaeilge le feiceáil ar an lipéadú nó ar an fhógraíocht. Dúirt beirt as gach cúigear gur mó seans go gceannódh siad táirge nó seirbhís ó chomhlacht a bhaineann úsáid as an nGaeilge ina chuid fógraíochta ná ó cheann nach mbaineann úsáid as an teanga. Thug 26% le fios go mbeadh siad sásta níos mó a íoc dá bharr.

Ní mór d’Éirinn úr faoi bhláth a bheith bunaithe ar athmhúscailt chultúrtha fréamhaithe sa Ghaeilge. Chuirfeadh na riachtanais infhéistíochta a luaitear sa Phlean Fáis muid i dtreo na meanma athghiniúna céanna. Tabharfaidh sé buntáiste uathúil spreagúil faoi leith dúinn.

Tugann an plean físeach seo, agus é curtha i bhfeidhm ina iomláine, deis ar leith le haghaidh torthaí súntasacha trí infhéistiú achmhainní, a bhfuil géarghá leo, sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht.

Taispeánfaidh sé go bhfuil Éire ag dul i dtreo fís athghiniúna in ionad bheith ag cloí le smaointeoireacht eacnamaíochta atá ró-chúng do chúrsaí iomaíochta idirnáisiúnta an lae inniu.

3. Tionscadail Gaeltachta & Gaeilge molta sa Phlean Fáis – Gráinne Nic Niallais

A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála, agus a Sheanadóirí, táim an-sásta a bheith libh inniu mar chuid den toscaireacht seo leis ‘An Plean Fáis – Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029’ a chur os bhur gcomhair. Beidh mé ag caint ar son an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga agus ag roinnt mo shaineolas libh agus mé mar Oifigeach Pleanála Teanga le Baile Seirbhíse Gaeltachta An Chlocháin Léith. Beidh mise ag díriú go háirithe ar cheist na pleanála teanga agus ar an infheistíocht atá ag teastáil le cinntiú go mbeidh borradh agus fáis ar úsáid na Gaeilge sa phobal.

Tá an easpa cothrom na féinne nó an easpa uaillmhian sa mhaoiniú a cuireadh ar fáil thar na blianta tar éis cultúr a chothú sna tionscadail a mhaoinítear go mbíonn méid róbheag curtha ar fáil go minic in ionad maoiniú sásúil curtha ar fáil de réir mianta an phobail agus/nó na húdaráis éagsúla, mar shampla:

  • Nuair a cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teanga cuireadh ceist ar na coistí a bhí ag cur pleananna teanga le chéile a bheith “uaillmhianach” agus chuir siad pleananna le chéile a mbeadh €300,000-€400,000+ sa bhliain ag teastáil chun iad a mhaoiniú. Ansin, faraor, níor cuireadh ach idir €100,000 agus €150,000 ar fáil dúinn leis na pleananna a chur i bhfeidhm, rud nár chuir riachtanais shainiúla áitiúla ar fad san áireamh
  • Eagraítear an Scéim Forbartha Líonra Gaeilge (SFLG) de chuid Fhoras na Gaeilge le €45,000 á chur ar fáil do gach grúpa a n-éiríonn leo an scéim a bhaint amach. Nuair a cuireadh an chéad leagan den scéim seo ar bun, bhí beirt fostaithe le buiséad de thart ar €80,000 ar fáil dóibh. Is mór an laghdú atá tagtha ar an mbuiséad ó shin agus anois ní chlúdaíonn an maoiniú ach an tuarastal don chuid is mó (agus i gcás cúpla grúpa ní chlúdaíonn sé fiú an méid sin). Is é €80,000 an méid is lú a chuirtear ar fáil do ghrúpaí ag gníomhú ar an bpleanáil teanga le líonra nó baile seirbhís Gaeltachta nó plean teanga Gaeltachta a fhorbairt. Tá an-difir idir an méid maoinithe seo agus an méid a cuirtear ar fáil do aon ghrúpa le SFLG
  • Cé go bhfuair TG4 arduithe suntasacha ar a bhuiséad le déanaí, tá siad ag feidhmiú ar leath an bhuiséid is atá ag S4C sa Bhreatain Bheag. Léiríonn sé seo an bonn íseal ar a thosaigh an stáisiún

Tá easpa cothrom na féinne le feiceáil i gcás Údarás na Gaeltachta ó thaobh maoinithe de. Tá buiséad caipitil an Údaráis laghduithe ó €25.5 milliún in 2008 go €14.5 mhilliún in 2021 (agus níl buiséad caipiteal an Údaráis tar éis athrú ó shin in ainneoin na rátaí boilscithe ar tionscadail chaipitil sa Ghaeltacht ag ardú), arb ionann é agus ísliú de 43%. Ardaíodh buiséad an IDA 66% agus buiséad Fhiontraíocht Éireann 30% sa tréimhse chéanna. Tá srian ar chumas an Údaráis fostaíocht nua a chruthú agus infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar gnó toisc easpa maoinithe.

Dar ndóigh, tá dlúthbhaint idir fostaíocht sa Ghaeltacht agus inmharthanacht na Gaeltachta. Caithfidh caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge a bheith ag croílár ghníomhaíochtaí an Údaráis. Tá 26 limistéar pleanála teanga ann anois agus tá gá le maoiniú dóthanach a chur ar fáil do na pobail atá i mbun pleanála teanga sna limistéir sin má tá chun éirí leis an bpleanáil sin. Chuige sin, tá gá le maoiniú breise a chur ar fáil don Údarás ionas gur féidir na hacmhainní riachtanacha a roinnt ar gach limistéar pleanála teanga.

I measc na dtionscadal luaite sa Phlean Fáis le maoiniú as an €200 milliúin sa bhreis a luaigh Julian roimhe seo, tá na moltaí ríthábhachtach a leanas:

  • Moltar go gcuirfear maoiniú ar fáil do cheathrar ball foirne i ngach limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht. Bheadh an Oifigeach Pleanála Teanga mar chomhordaitheoir ar an Phlean Teanga agus ar an bhfoireann pleanála teanga. Is iad an triúr eile molta ná Oifigeach Cúnta & Cumarsáide, Oifigeach Óige agus Oifigeach Seirbhísí agus Fiontraíochta. Moltar chomh maith go mbeidh na fostaithe seo ar fad ceangailte le scálaí pá na hearnála phoiblí ar leibhéil sásúil.
  • Moltar go gcuirfear maoiniú breise ar fáil do gach ceann de na 16 baile seirbhíse Gaeltachta le hoifigeach breise a fhostú le díriú go háirithe ar chumarsáid, taighde agus eile a chabhróidh le spriocanna an phlean teanga a bhaint amach agus a rachaidh i bhfeidhm ar an bpobal ina gceantar.
  • Tá obair na gComharchumann Gaeltachta lárnach i gcosaint, i bhforbairt agus i gcomhordú seirbhísí do na pobail Ghaeltachta. Ní hamháin sin, ach tá na Comharchumainn tar éis glacadh le freagrachtaí breise le cúpla bliain anuas maidir leis an bpleanáil teanga. Is gá a chinntiú go n-íocfar na bainisteoirí ar na Comharchumainn ar leibhéal atá cothrom, tarraingteach agus a choinníonn bainisteoirí sna poist. Moltar go mbeidh leibhéal tuarastal bainisteoirí na gComharchumann ar a laghad ag leibhéal Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin san earnáil phoiblí. Chomh maith leis sin, moltar go mbeidh Leas-Bhainisteoir ceaptha i ngach comharchumann
  • Mar atá molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007, ba chóir go mbeadh an scéim thábhachtach Scéim Labhairt na Gaeilge ar fáil do theaghlaigh sa Ghaeltacht.
  • Ba chóir go mbeadh comhordú déanta ar an bpleanáil agus na gníomhartha le tacú agus cur leis an líon teaghlaigh sa Ghaeltacht i ngach limistéar pleanála teanga Gaeltachta. Tá sé seo indéanta tríd Oifigigh Theaghlaigh a lonnú i ngach limistéar. Is maith a fheiceáil an fás atá le teacht ar fhoireann Thuismitheoirí na Gaeltachta go luath ach caithfear a chinntiú go mbeidh oifigeach i ngach limistéir pleanála teanga.
  • Moltar go mbeidh maoiniú sa bhreis curtha ar fáil do Muintearas, Ógras agus grúpaí eile le tacaíocht agus tionscadail éagsúla a chur chun cinn sna limistéir phleanála teanga a spreagann daoine óga agus a fhreastalaíonn ar a mianta.
  • Tá na coláistí samhraidh ar cheann de na tionscadail teanga agus eacnamaíochta is tábhachtaí agus is fadbhunaithe sa Ghaeltacht. Tá go leor leor dúshláin tar éis teacht chun cinn le cúpla bliain anuas agus is gá tabhairt fúthu a réiteach le Straitéis do na Coláistí Samhraidh, faoi mar atá lorgtha ag Conradh na Gaeilge agus grúpaí eile le tamall anuas. I measc moltaí eile, moltar an deontas laethúil i Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a ardú go €20 an dalta sa lá faoi 2029
  • Moltar ciste caipitil an Údaráis a ardú go dtí an leibhéal ar a raibh sé i 2008, i. €25 milliúin faoi 2026 (agus €10 milliúin sa bhliain molta le huasghrádú agus athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh reatha). Leis an maoiniú breise seo bheadh deis ag an Údarás 6,000+ post breise a chruthú leis an mbéim ar fhostaíocht teanga lárnaithe

Lasmuigh den Ghaeltacht, bheadh na moltaí a leanas againn i measc na moltaí atá sa Phlean Fáis:

  • Sa Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, moltar go mbeadh €100,000 ag gach grúpa le scéim ar ardchéim nó ar mheánchéim ó 2025 ar aghaidh le cinntiú go mbeidh siad in ann Oifigeach breise a fhostú le díriú go speisialta ar chúrsaí óige, teaghlaigh, spóirt, nó réimse eile a bhfuil an grúpa ag iarraidh díriú air mar thosaíocht. Bheadh breis maoinithe ann dóibh chomh maith le cabhrú le lena gclár oibre a bhur i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, ba chóir go mbeadh ar a laghad 10 ngrúpa eile sa bhreis ar na leibhéil seo leis an maoiniú cuí ó 2025 agus ó 2029 ar aghaidh.
  • Moltar go gcuirfear maoiniú breise ar fáil do gach ceann den 5 líonra Gaeilge le hoifigeach breise a fhostú le díriú ar chumarsáid, taighde agus eile a chabhróidh le spriocanna an phlean teanga a bhaint amach agus a rachaidh i bhfeidhm ar an bpobal ina gceantar. I 2025 agus i 2029, ba chóir go mbeadh maoiniú ar fáil do 10 líonra Gaeilge nua eile.
  • Moltar go mbeadh foireann ann, nó Institiúid Taighde agus Pleanála Gaeilge a bhunú, le measúnú leanúnach a dhéanamh ar an bpleanáil teanga agus go mbeidh an tacaíocht chuí curtha ar fáil do gach limistéar pleanála teanga le cinntiú go mbeidh sé seo ar siúl acu chomh maith.

Go raibh maith agaibh as an deis a thabhairt dom le cuid de na moltaí atá againn sa Phlean Fáis a chur os bhur gcomhair.

Ní amháin go dtabharfadh maoiniú na spriocanna luaite agam ansin borradh agus spreagadh don teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di ach thabharfadh sé aitheantas agus an tacaíocht cuí don phobal Gaeilge agus Gaeltachta atá i mbun oibre ríthábhachtach leis an teanga a chaomhnú, a chosaint agus a chur chun cinn leis an gcéad glúin eile.

4. Tacaíocht atáimid ag lorg ón gComhchoiste – Julian de Spáinn

Ba mhaith liom críochnú anois ar son na toscaireachta le hiarratas oraibh. Tá an t-iarratas seo ag teacht ón 130 grúpa Gaeilge, Gaeltachta agus eile atá ag tacú leis an bPlean Fáis.

Bheadh sé iontach cabhrach ar fad dá mbeadh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge sásta tacú go hoifigiúil leis na héilimh seo a leanas.

  1. Go dtacóidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge leis ‘An Plean Fáis – Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029’, ata aontaithe ag breis is 130 grúpa Gaeilge, Gaeltachta agus eile, go háirithe an príomhsprioc sa Phlean go gcaithfear 0.4% de chaiteachas an Stáit ó dheas agus 0.1% ó thuaidh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht faoi 2030 agus gurbh ionann sin agus ar a laghad €200 milliúin sa bhreis a chur ar fáil do na tionscadail Ghaeilge agus Ghaeltachta leagtha amach sa Phlean Fáis
  2. Go n-aithneoidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go bhfuil teipithe ar na Rialtais ó thuaidh (le Rialtas na Breataine san áireamh nuair nach raibh an Tionól ag feidhmiú ó thuaidh) agus ó dheas le 20 bliain anuas maoiniú sásúil a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus go n-éileoidh an Comhchoiste ar an Rialtas ó thuaidh agus ar Rialtas na hÉireann ó dheas struchtúr maoinithe an Fhorais a leasú láithreach bonn leis an maoiniú luaite sa Phlean Fáis a chur ar fáil agus le cinntiú nach mbeidh obair na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht srianta toisc struchtúr tras-teorann atá ag cur bac ar fhorbairt phobal na Gaeilge agus cur chun cinn na Gaeilge trí chéile. Dá mbeadh an ráta fáis céanna ag an bhForas is a bhí ag an gComhairle Ealaíon ó dheas le 20 bliain anuas bheadh buiséad de bhreis is €50 milliúin sa bhliain ag an áisíneacht anois in ionad an buiséad reatha de €17 milliúin
  3. Sa chás nach féidir struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge a dheisiú go dtacóidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge leis an éileamh chun meicníocht nó meicníochtaí maoinithe eile a bhunú nó struchtúir maoinithe reatha eile a úsáid, ar nós Roinn na Gaeltachta féin nó an Ciste Infheistíochta, le hobair phobal na Gaeilge a mhaoiniú go sásúil agus gan ligint d’fhorbairt na Gaeilge a bheith faoi bhac agus faoi mhíbhuntáiste ar feadh 20 bliain eile mar atá tarlaithe le maoiniú Fhoras na Gaeilge ó 2003 go 2024
  4. Agus SEAS ’24 ag dul ar aghaidh faoi láthair mar a luaigh mé níos luaithe in Óstán Buswells, go dtacóidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge len ár néileamh do €57 milliúin sa bhreis don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2025 le dlús a chur faoi mhaoiniú an Plean Fáis.

Go raibh míle maith agaibh as éisteacht len ár dtoscaireacht agus as an tacaíocht leanúnach ríthábhachtach a thugann sibh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá súil againn go mbeidh sibh in ann tacú leis an gceithre éileamh luaite roimhe seo.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.