Éilíonn eagraíochtaí óige na bpáirtithe polaitiúla go gcuirfí beartas náisiúnta um pacáistíocht dhátheangach i bhfeidhm

Tá Óige an Lucht Oibre, Ógra Fianna Fáil, Ógra Shinn Féin, Brainsí Coláiste agus Ollscoile na nDaonlathaithe Sóisialta, Young Fine Gael, agus na Glasaigh Óga / Óige Ghlas i dteannta le Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Gaeltachta Catherine Martin agus ar an Aire Stáit don Ghaeltacht Jack Chambers beartas um pacáistíocht dhátheangach i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana 2024. Chinnteofaí leis an mbeartas seo go ndéanfar gach téacs ar tháirge, a choimeádán nó a chlúdach, nó téacs ar cháipéis nó treoir a thagann leis, lena n-áirítear na treoracha úsáide agus na teastais bharánta, a dhréachtú i nGaeilge fud fad an Stáit. D’fhéadfadh aistriúchán nó aistriúcháin a bheith ag gabháil leis an inscríbhinn Ghaeilge, ach ní féidir aon inscríbhinn i dteanga eile a chur chun tosaigh thar an nGaeilge. Toisc go mbeidh an Ghaeilge ina theanga réamhshocraithele rogha aistriúcháin in éineacht leis, ceadaítear pacáistíocht aonteangach laistigh de cheantair na Gaeltachta agus pacáistíocht dhátheangach ar fud na tíre.

Leanúint ar aghaidh

BUA STAIRIÚIL DON GHAEILGE SAN EORAIP AR LÁ FHÉILE PÁDRAIG

Inniu, Lá le Pádraig, 17 Márta, d’éirigh le Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, i gCúirt Bhreithiúnas an Aontais Eorpaigh ina chás in aghaidh Rialtas na hÉireann maidir le cearta teanga. Seo é an chéad cás riamh a tógadh i nGaeilge os comhair na Cúirte sin , an chúirt is airde san Eoraip.De réir Treoir 2001/82 den Aontas Eorpach, ní foláir d’eolas áirithe ar phacáistí leighis d’ainmhithe a bheith i dteangacha oifigiúla na tíre a bhfuil siad ar an margadh inti .i. Gaeilge agus Béarla i gcás na hÉireann. D’ainneoin sin, chinn an tAire Talamhaíochta lipéadú as Béarla amháin a cheadú anseo rud a sháraigh Dlí na hEorpa. Nuair a tháinig an cás os comhair na hArd-Chúirt in Éirinn, rinne an t-Aire an argóint go raibh Treoir 2001/82 le dul i léig an 28 Eanáir 2022, agus dá bhrí sin nárbh fhiú í a chur i bhfeidhm idir an dá linn. Chuir an Ard-Chúirt an cheist dlí sin faoi bhráid na Cúirte Eorpaí.Dhearbhaigh Cúirt na hEorpa inniu go gcaithfidh an Ard-Cúirt in Éirinn a dhearbhú gur theip ar an Aire Talmhaíochta feidhm a thabhairt do dhlí an Aontais maidir leis an riachtanas go mbeadh lipéidí ar tháirgí leighis d’ainmhithe i nGaeilge agus i mBéarla in Éirinn agus an sárú sin a leigheas.Is gnáthrud é an lipéadú ilteangacha sa mBeilg, sna tíortha Nordacha agus sna tíortha Baltacha agus ní bhíonn na costais na dtáirgí ansin níos airde ná in Éirinn.   Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Comhghairdeas le Peadar Mac Fhlannchadha agus a fhoireann dlí a bhain an cás cearta daonna tábhachtach seo amach i gCúirt Bhreithiúnas na hEorpa inniu. Ní raibh ó Pheadar ach na cearta céanna teanga a chuirtear ar fáil ar fud na hEorpa ach shéan Rialtas na hÉireann na cearta sin uaidh. Táimid ag súil go bhfeidhmeoidh Rialtas na hÉireann anois láithreach bonn leis an dlí a chur i bhfeidhm mar atá rialaithe inniu."   Is féidir breathnú ar an mBreitheamh Eugene Regan ag léamh an bhreithiúnais ag https://www.twuko.com/EUCourtPress.  

Leanúint ar aghaidh

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge