Skip to main content

‘Céad Míle Fáilte’, tionscadal úrnua chun pobail úra agus an Ghaeilge a nascadh le chéile, seolta i mBaile Átha Cliath inniu ag Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne TD

‘Cuireann ‘Céad Míle Fáilte’ spás ar fáil do phobail úra in Éirinn an teanga agus an cultúr dúchais a bhlaiseadh agus a fhoghlaim

Gailearaí →

Inniu, Céadaoin 1 Bealtaine 2024, seoladh ‘Céad Míle Fáilte’, tionscadal úrnua atá á reachtáil ag Conradh na Gaeilge chun pobail úra agus an Ghaeilge a nascadh le chéile. Sheol Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne TD, an tionscadal go hoifigiúil ag ócáid speisialta ag oifigí Unite the Union i mBaile Átha Cliath inniu.

Cuireann ‘Céad Míle Fáilte’ deiseanna ar fáil do phobail nua na hÉireann chun sult agus tairbhe a bhaint as an Ghaeilge trí ranganna, imeachtaí agus ardú feasachta, a bhuí le maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán do 2024 agus 2025. Reáchtáladh scéim phíolóiteach in 2023 le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Mar chuid den seoladh inniu rinneadh seoladh ar shuíomh idirlín ‘Céad Míle Fáilte, ceadmilefailte.ie, ar féidir le pobail cuairt a thabhairt air le haghaidh eolais ar an tionscadal, imeachtaí aitiúla a aimsiú, agus clárú leis an scéim. I láthair ar an lá bhí iar-rannpháirtithe agus rannpháirtithe na bliana seo a phléigh eispearas s’acu leis an teanga go dtí seo, agus na spriocanna atá acu maidir leis na ranganna agus ceardlanna a bheas ag tarlú gan mhoill.

Dúirt Connlaith Ní Raifeartaigh, Bainisteoir ‘Céad Míle Fáilte’, Conradh na Gaeilge:

“Tugadh deis dúinn anuraidh pílót den togra a sheachadadh chun suim a thógáíl, a bhí an-rathúil. Anois, le cuidiú na Roinne, táimid in ann tabhairt faoin obair thábhachtach seo mar is ceart, le fís agus le fuinneamh. Tá sé mar sprioc ag an Chonradh go rachfaidh muid i ngleic le breis agus 2,000 duine ó phobail mhionlaigh agus ó chúlraí éagsúla fud fad na tíre tríd ranganna, ceardlanna agus imeachtaí. Tabharfaidh na spásanna deis dóibh siúd ar imeall an phobail imeascú sa tsochaí agus tugann sé deis do phobal na Gaeilge agus an Chonradh ‘céad míle fáilte’ a chur rompu! Déanaimis ceiliúradh ar an tsochaí ilchultúrtha, ilteangach, agus ilchinéalach atá againn in Éirinn na linne seo.”

“Bhí sé tábhachtach dúinn imeacht speisialta a reachtáil chun céiliúradh poiblí a dhéanamh ar an togra, agus ár spriocanna a chuir i lár an aonaigh. Ba mhaith linn táispeáint go gcuireann pobal na Gaeilge fáilte roimh chách sa tír seo, agus gur linne uilig í an Ghaeilge. Táimid an-bhuíoch den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as maoiniú a chur ar fáil, agus buíoch d'Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne TD as freastail inniu chun an tionscadal a sheoladh go hoifigiúil.”

Ag labhairt ag an ócáid, dúirt Mohammed Jendia, teifeach ó Gaza atá ina chónaí anois i mBaile Átha Cliath:

“Tá mé ag dúil go mór le páirt a ghlacadh in sna ranganna le Céad Míle Fáilte. Tá pobal na Gaeilge i ndiaidh fáilte iontach a chuir romhaim go dtí seo agus tá sé tábhachtach dom go leanaim orm ag foghlaim teanga dúchasach na tíre ina bhfuil mé i mo chónaí.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.