Skip to main content

Céard é an Seó Bóthair?

Is ceardlann idirghníomhach í an Seó Bóthair a spreagann daltaí chun smaointeoireacht chriticiúil a dhéanamh maidir lena dtuairimí i leith na teanga.

Déanfar plé leis na daltaí faoi na háiteanna ar féidir leo an Ghaeilge a úsáid, faoina gcearta teanga, faoi na deiseanna fostaíochta agus cúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil agus bíonn neart duaiseanna le dáileadh freisin.

Eagraíodh breis is 240 ceardlann Seó Bóthair anuraidh agus bíonn forbairt á déanamh againn ar an gceardlann an t-am ar fad le heispéireas níos fearr a chur ar fáil do na daltaí.
Tá tuilleadh eolais faoin Seó Bóthair sa físeán thíos ó chomhordaitheoirí Seó Bóthair!

Cé dóibh atá sé?

Tá an cheardlann seo dírithe ar dhaltaí Idirbhliana. Tá an cheardlann oiriúnach do ghach cineál scoile - scoileanna lán-Béarla nó Gaelcholáistí, lasmuigh de nó laistigh den Ghaeltacht. Ní gá a bheith buartha faoi chaighdeán Gaeilge na ndaltaí, is féidir an cheardlann a dhéanamh go dátheangach nó as Gaeilge amháin.

Is féidir ceardlann Seó Bóthair a reáchtáil le suas go 50 dalta ag aon am amháin. Dá bharr sin, uaireanta bíonn níos mó ná ceardlann amháin ag teastáil - bíonn ceardlanna á reachtáil againn idir 09:00-10:30, 11:00-12:30 agus 14:00-15:30 de ghnáth, ag brath ar am lóin agus uaireanta scoile.

Cén buntáistí atá ann don rang?

Tá liosta buntáistí curtha le chéile againn. Cabhróidh seo libh agus sibh ag plé an Seó Bóthair le múinteoirí eile, comhordaitheoirí idirbhliana nó an príomhoide sa scoil.

Eolas

Bíonn eolas agus físeán sa cheardlann faoi phoist agus cúrsaí tríú leibhéal gur féidir leis an nGaeilge a bheith cabhrach leo in Éirinn agus thar lear.

Gairmeacha

Tabharfar leabhrán “Gairmeacha le Gaeilge” amach d’aon duine a léiríonn suim i ngairmeacha leis an teanga faoi 6 chatagóir

Smaointeoireacht Chriticiúil

Spreagann an cheardlann na daltaí chun smaointeoireacht chriticiúil a úsáid chun a dtuairimí faoin nGaeilge a iniúchadh trí ráitis “Aontaigh/Easaontaigh” agus díospóireacht oscailte faoi thuairimí agus míthuiscintí

Stádas

Bíonn eolas faoi stádas oifigiúil na teanga sa cheardlann i gcomparáid le teangacha eile agus cá háit gur féidir le daltaí í a úsáid taobh amuigh den scoil.

Teicneolaíocht

Léirítear sa cheardlann cén teicneolaíocht agus aipeanna gur féidir leis na daltaí úsáid a bhaint astu trí Ghaeilge agus cá háit le heolas a aimsiú faoi phodchraoltaí / clubanna óige / cearta teanga / na meáin shóisialta trí Ghaeilge.

Feachtais

Déantar plé sa cheardlann faoi fheachtais faoin teanga, cosúil le stáisiúin raidió nua do dhaoine óga, agus conas gur féidir le daltaí a bheith páirteach

Spotduaiseanna

Tabharfar amach 5 spotduais le linn gach ceardlainne

    Céard í an sprioc?

    Is í sprioc na ceardlanna ná daltaí na tíre a chumasú agus a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid níos minicí. Eolas mar gheall ar na buntáistí agus na deiseanna atá ann leis an nGaeilge, le gluaiseacht na Gaeilge, agus le feachtais na Gaeilge a chur os a gcomhair.

    Céard atá pléite mar chuid den cheardlann?

    • Firicí agus staitisticí faoin nGaeilge

    • Deiseanna fostaíochta & cúrsaí 3ú leibhéal le Gaeilge

    • Deiseanna úsáide: cén áit le tosú, seirbhísí & cearta teanga

    • An Ghaeilge ar líne: na meáin shóisialta & céard atá ar fáil as Gaeilge

    • An Ghaeilge sa bhaile: an Ghaeilge i do cheantar & sa todhchaí

    • An Ghaeilge ar scoil: tábhacht na Gaeilge mar ábhar scoile

    • Obair Chonradh na Gaeilge agus na feachtais Ghaeilge éagsúla ar féidir páirt a ghlacadh iontu: SnaG / Gaeilge24 / An Fáinne / #Dúshlán srl.

    • Mythbusting: 10 miotas faoin nGaeilge (fágfar pacáiste 10 gceacht leis na múinteoirí)

    • Raidió Rí-Rá agus CEOL

    Téama na ceardlainne: An Ghaeilge i do thodhchaí

    Tá go leor post ar fáil leis an nGaeilge in Éirinn agus san Eoraip le blianta beaga anuas. Ba mhaith linn eolas a roinnt faoi na poist seo agus faoi na cúrsaí tríú leibhéal a bheidh go mór ina gcabhair dóibh siúd atá ag iarraidh post leis an nGaeilge a bhaint amach.

    Táimid ag súil leis na buntáistí eile a bhaineann leis an nGaeilge a chur faoi bhráid na ndaltaí chomh maith sula leanann siad ar aghaidh chuig an chéad chéim eile sa saol.

    An Scoilbhliain 2023/4

    Beidh triúr Chomhordaitheoirí ar an mbóthar i mbliana leis an Seó Bóthair a reáchtáil ar fud na tíre - Comhordaitheoir don Iarthar agus Gaeltacht, Deisceart agus Gaeltacht agus Oirthear.

    DÓNALL BREATHNACH

    DEISCEART AGUS GAELTACHT

    Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

    +353 87 4848713

    Cill Mhantáin

    Ceatharlach                   

    Ciarraí

    Cill Chainnigh

    Clár

    Corcaigh

    Loch Garman

    Luimneach

    Port Láirge

    Tiobráid Árainn

    SIBÉAL NÍ DHUIBHIR

    IARTHAR AGUS GAELTACHT

    Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

    +353 83 0133069

    Cabhán

    Dún na nGall           

    Gaillimh     

    Iarmhí

    Laois

    Liatroim

    Longfort

    Maigh Eo

    Ros Comáin

    Sligeach 

    Uíbh Fháilí

    AOIFE CURTIS

    OIRTHEAR

    Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

    +353 87 7093436

    Aontroim 

    Ard Mhacha                            

    Baile Átha Cliath     

    Cill Dara

    Doire

    Fear Manach

    Muineacháin

    Tír Eoghain

    Dún

    Sceideal na Bliana

     

     

     

    Bain úsáid as an gcnaipe ar do cheantar

    • Deisceart

      Contae Seachtain dár dtús
      Corcaigh 27 Samhain
      Port Láirge 4 Nollaig
      Cill Mhantáin 11 Nollaig
      Briseadh na Nollag 19 Nollaig- 2 Eanáir
      Corcaigh 8 Eanáir
      An Chlár 15 Eanáir
      Ceatharlach 22 Eanáir
      Ciarraí 29 Eanáir
      Cill Ceannaigh/Loch Garman 5 Feabhra
      Corcaigh 19 Feabhra
      Tiobráid Árainn 26 Feabhra
      Cill Mhantáin 4 Márta
      Luimneach 11 Márta
      Port Láirgen 18 Márta
      Corcaigh 8 Aibreáin
      Luimneach / An Chlár 15 Aibreáin
      Port Láirge / Tiobráid Árainn 22 Aibreáin
      Loch Garman / Cill Mhantáin 29 Aibreáin
      Contae le deimhniú 6 Bealtaine
      Contae le deimhniú 13 Bealtaine
      Contae le deimhniú 20 Bealtaine
      Contae le deimhniú 27 Bealtaine
    • Iarthar

      Contae Seachtain dár dtús
      Iarmhí 20 - 24 Samhain
      Uibh Fháilí / Laois 27 Samhain - 1 Nollaig
      Cabhán / Longfort 4 - 8 Nollaig
      Gaillimh 11 - 15 Nollaig
      Briseadh na Nollag 19 Nollaig- 2 Eanáir
      Cabhán / Liatroim 8 Eanáir
      Gaillimh 15 Eanáir
      Iarmhí / Longfort 22 Eanáir
      Ros Comáin / Maigh Eo 29 Eanáir
      Laois / Uíbh Fháilí 5 Feabhra
      Liatroim / Dún na nGall 19 Feabhra
      Maigh Eo / Sligeach 26 Feabhra
      Gaillimh 4 Márta
      Iarmhí / Ros Comáin 11 Márta
      Longfort / Liatroim / Cabhán 18 Márta
      Dún na nGall 8 Aibreáin
      Sligeach / Cabhán 15 Aibreáin
      Laois / Uíbh Fháilí 22 Aibreáin
      Maigh Eo 29 Aibreáin
      Gaillimh 6 Bealtaine
      Iarmhí / Cabhán /Longfort 13 Bealtaine
      Ros Comáin 20 Bealtaine
      Gaillimh 27 Bealtaine
    • Oirthear

      Contae Seachtain dár dtús
      Baile Átha Cliath 20 - 24 Samhain
      Doire / Tír Eoghain 27 Samhain - 1 Nollaig
      Muineacháin /Fear Manach 4 - 8 Nollaig
      Dún / Lú 11 - 15 Nollaig
      Briseadh na Nollag 19 Nollaig- 2 Eanáir
      BÁC 8 Eanáir
      15 Eanáir
      Cill Dara 22 Eanáir
      Ard Mhacha / Tír Eoghain 29 Eanáir
      Muineacháin / Fear Manach 5 Feabhra
      19 Feabhra
      BÁC 26 Feabhra
      Aontroim 4 Márta
      Doire / Fear Manach 11 Márta
      BÁC 18 Márta
      BÁC 8 Aibreáin
      15 Aibreáin
      Cill Dara 22 Aibreáin
      Dún 29 Aibreáin
      Aontroim 6 Bealtaine
      Doire / Tír Eoghain 13 Bealtaine
      Ard Mhacha / Dún 20 Bealtaine
      27 Bealtaine

    Aiseolas ar an Seó Bóthair

    Tugadh suirbhéanna digiteacha amach do mhúinteoirí agus daltaí a bhí páirteach le linn na bliana. Tá rogha de cheisteanna agus freagraí anseo a léiríonn aiseolas na múinteoirí go cothrom:

      What is Gluaiseacht?

      The Seó Bóthair is part of the Gluaiseacht campaign. The aim of the campaign is to encourage young people to use their Irish after they leave school. We illustrate to them the different ways that Irish can be used outside of the classroom, be that in their future career, in their locality, within their family or simply in their daily life.

      For more information about Gluaiseacht, contact Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

      Gluaiseacht is sponsored by the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

      Conradh na Gaeilge

      6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
      Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.