Seó Bóthair 2022/2023

Posted in Scoileanna.

SB Cláraigh Anseo

 Tá clárúchán don scoilbhliain 23/24 oscailte anois. Cláraigh do scoil anseo

Céard é an Seó Bóthair?                                                                                                                                      

Aiseolas SB 1Is ceardlann idirghníomhach í an Seó Bóthair a spreagann daltaí chun smaointeoireacht chriticiúil a dhéanamh maidir lena dtuairimí i leith na teanga. Déanfar plé leis na daltaí faoi na háiteanna ar féidir leo an Ghaeilge a úsáid, faoina gcearta teanga, faoi na deiseanna fostaíochta agus cúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil agus bíonn neart duaiseanna le dáileadh freisin. Eagraíodh breis is 240 ceardlann Seó Bóthair anuraidh agus bíonn forbairt á déanamh againn ar an gceardlann an t-am ar fad le heispéireas níos fearr a chur ar fáil do na daltaí.

Tá tuilleadh eolais faoin Seó Bóthair sa físeán thíos ón mbeirt chomhordaitheoirí Seó Bóthair! 

 

Cé dóibh atá sé?                                                                               

Tá an cheardlann seo dírithe ar dhaltaí Idirbhliana. Tá an cheardlann oiriúnach do ghach cineál scoile - scoileanna lán-Béarla nó Gaelcholáistí, lasmuigh de nó laistigh den Ghaeltacht. Ní gá a bheith buartha faoi chaighdeán Gaeilge na ndaltaí, is féidir an cheardlann a dhéanamh go dátheangach nó as Gaeilge amháin.

Is féidir ceardlann Seó Bóthair a reáchtáil le suas go 50 dalta ag aon am amháin. Dá bharr sin, uaireanta bíonn níos mó ná ceardlann amháin ag teastáil - bíonn ceardlanna á reachtáil againn idir 09:00-10:30, 11:00-12:30 agus 14:00-15:30 de ghnáth, ag brath ar am lóin agus uaireanta scoile.

Cén buntáistí atá ann don rang?

Tá liosta buntáistí curtha le chéile againn i bhfoirm doiciméid Word docxag an nasc seo8.13 KB. Cabhróidh seo libh agus sibh ag plé an Seó Bóthair le múinteoirí eile, comhordaitheoirí idirbhliana nó an príomhoide sa scoil.

Céard í an sprioc?

Is í sprioc na ceardlanna ná daltaí na tíre a chumasú agus a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid níos minicí. Eolas mar gheall ar na buntáistí agus na deiseanna atá ann leis an nGaeilge, le gluaiseacht na Gaeilge, agus le feachtais na Gaeilge a chur os a gcomhair.

Céard atá pléite mar chuid den cheardlann?Seo 3 2021        

  • Firicí agus staitisticí faoin nGaeilge 
  • Deiseanna fostaíochta & cúrsaí 3ú leibhéal le Gaeilge 
  • Deiseanna úsáide: cén áit le tosú, seirbhísí & cearta teanga
  • An Ghaeilge ar líne: na meáin shóisialta & céard atá ar fáil as Gaeilge
  • An Ghaeilge sa bhaile: an Ghaeilge i do cheantar & sa todhchaí
  • An Ghaeilge ar scoil: tábhacht na Gaeilge mar ábhar scoile
  • Obair Chonradh na Gaeilge agus na feachtais Ghaeilge éagsúla ar féidir páirt a ghlacadh iontu: SnaG / Gaeilge24 / An Fáinne / #Dúshlán srl.
  • Mythbusting: 10 miotas faoin nGaeilge (fágfar pacáiste 10 gceacht leis na múinteoirí)
  • Raidió Rí-Rá agus CEOL

Téama na ceardlainne: An Ghaeilge i do thodhchaí                                                                                     

Tá go leor post ar fáil leis an nGaeilge in Éirinn agus san Eoraip le blianta beaga anuas. Ba mhaith linn eolas a roinnt faoi na poist seo agus faoi na cúrsaí tríú leibhéal a bheidh go mór ina gcabhair dóibh siúd atá ag iarraidh post leis an nGaeilge a bhaint amach. Táimid ag súil leis na buntáistí eile a bhaineann leis an nGaeilge a chur faoi bhráid na ndaltaí chomh maith sula leanann siad ar aghaidh chuig an chéad chéim eile sa saol.

An Scoilbhliain 2022/2023

Beidh beirt Chomhordaitheoirí ar an mbóthar i mbliana leis an Seó Bóthair a reáchtáil ar fud na tíre - Comhordaitheoir don Iarthar 7 Deisceart agus Comhordaitheoir don Oirthear 7 Tuaisceart.

Contaetha:

SIBEÁL NÍ DHUIBHIR

IARTHAR AGUS DEISCEART

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

+353 83 0133069

CLÍODHNA NIC GAFRAIDH

OIRTHEAR AGUS TUAISCEART

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

+353 87 6611935

Ciarraí Aontroim 
An Clár Ard Mhacha                            
Corcaigh Baile Átha Cliath     
Dún na nGall Cabhán 
Gaillimh Ceatharlach
Liatroim Cill Chainnigh
An Longfort Cill Dara
Luimneach Cill Mhantáin
Maigh Eo Doire
Port Láirge An Dún
Ros Comáin Fear Manach
Sligeach An Iarmhí
Tiobraid Árann Laois
  Loch Gorman
  An Lú
  An Mhí
  Muineachán
  Tír Eoghain
  Uíbh Fhailí


Sceideal na Bliana

Iarthar agus Deisceart Dátaí Oirthear agus Tuaisceart
  Maigh Eo 9-13 Eanáir Baile Átha Cliath
Gaillimh 16-20 Eanáir  Doire/Aontroim/Fear Meanach 
Luimneach / Corcaigh  23-27 Eanáir  An Mhí / An Iarmhí
Dún na nGall / Sligeach 

30-3 Eanáir/Feabhra 

Tír Eoghain / Aontroim
Liatroim / Ros Comáin / Longfort  6-10 Feabhra Baile Átha Cliath 
Briseadh Lár Téarma 13-17 Feabhra  Briseadh Lár Téarma
Ciarraí / Corcaigh 20-24 Feabhra  Cabhán / Muineachán 
Ros Comáín / Longfort  27-3 Feabhra/Márta  Cill Mhantáin / Loch Garman
Tiobraid Árann / Port Láirge  6-10 Márta  Ceatharlach / Cill Dara
Gaillimh / Maigh Eo / Clár 13-17 Márta  Uíbh Fháilí / Cill Chainnigh 
Luimneach  20-24 Márta  Doire / Dún
Corcaigh / Tiobraid Árann  27 -31 Márta An Lú / Baile Átha Cliath 
Briseadh na Cásca  3 - 14 Aibreán Briseadh na Cásca 
Corcaigh / Port Láirge  17-21 Aibreán  Laois / Loch Garman 
Dún na nGall / Liatroim  24-28 Aibreán  Doire / Aontroim / Tír Eoghain 
Ros Comáin / Sligeach  1 - 5 Bealtaine  Fear Meanach / Muineachán 
Ciarraí  8 - 12 Beataine  Cabhán / Iarmhí 
Contae le Deimhniú 15-19 Bealtaine  Contae le Deimhniú 
Contae le Deimhniú 22-26 Bealtaine  Contae le Deimhniú
Deireadh na Bliana 29 Bealtaine  Deireadh na Bliana

 

pdfBrú anseo do leabhrán eolais mar pdf3.36 MB

2. A5 Seó Bóthair 2122 rp                      SB Cnaipe Cláraigh

Aiseolas faoin Seó Bóthair:
Tugadh suirbhéanna digiteacha amach do mhúinteoirí agus daltaí a bhí páirteach le linn na bliana. Tá rogha de cheisteanna agus freagraí anseo a léiríonn aiseolas na múinteoirí go cothrom:

Aiseolas ó Mhúinteoirí: 

Aiseolas S Baile 2

C.jpg

 

 Screenshot 2022 07 20 124733

Aiseolas ó dhaltaí:

A.jpg

B.jpg

  

Céard í Gluaiseacht? 

Tá an Seó Bóthair mar chuid den fheachtas Gluaiseacht. Is í aidhm an fheachtais Gluaiseacht ná daoine óga a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid nuair a fhágann siad an scoil. 
Léirítear dóibh na bealaí éagsúla ar féidir an Ghaeilge a úsáid lasmuigh den seomra ranga, bíodh sé sin lena ngairm amach anseo, ina ceantair féin, lena dteaghlaigh nó fiú amháin sa ghnáthshaol.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi Gluaiseacht, téigh i dteagmháil le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Lógó Gluaiseacht2021

Tá Gluaiseacht maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

 

 

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.