Skip to main content

Ranganna Corporáideacha

Eagraíonnn Conradh na Gaeilge ranganna seachtracha lasmuigh dár n-oifig chomh maith. Oibríonn muid i gcomhpháirt le comhlachtaí, eagraíochtaí, cathartnachtaí, ambasáidí agus údaráis éagsúla le ranganna Gaeilge a chuir ar fáil.

Is féidir linn obair le d'eagraíocht le cúrsa chuir le chéile atá in oiriúint daoibh. Tá painéal múinteoirí againn gur féidir leo freastal ar gach leibhéal teanga. Leanann siad an chúrsa TEG bunaithe ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha.

Tá sceideal so-lubtha ag ár múinteoirí agus is féidir leo freastal ar am ar bith a oireann duit agus do fhoireann.

Ceisteanna Coitianta

Conas mar a Oibríonn Ranganna Corporáideacha?

Nuair a thagann tú i dteagmháil linn ag lorg ranganna corporáideacha i d'ionad oibre, lorgóidh muid sonraí uait i dtaobh leibhéal na gcainteoirí, na hamanna a oireann agus aon shonraí ábhartha eile.

Ag brath ar bhur gclárama, roghnófar ceann dár múinteoirí cáillithe atá cleachtaithe ag múineadh foghlaimeoirí fásta agus atá in oiriúint do leibhéal Gaeilge an ghrúpa. 

Níl Rang Foirmeálta á Lorg Againn?

Tá ár múinteoirí breá sásta rang comhrá nó ciorcal comhrá a áisiú. Níl ort ach seo a lua agus tú ag eagrú ranganna linn. 

Conas go Roghnófar Múinteoir Dúinn?

Tá painéal againn do mhúinteoirí cáillithe, atá cleachtaithe ag múineadh le foghlaimeoirí fásta i suíomh chorporáideach. 

Bunaithe ar an leibhéal Gaeilge atá sa ghrúpa, roghnófar múínteoir atá cleachtaithe ag plé leis an leibhéal sin (m.sh glantosaitheoirí, rang cruinnis rl).

Tá Ábhair Faoi Leith Uainn sa Rang

Má tá do ghrúpa ag lorg stórfocail le haghaidh earnáil faoi leith, is féidir sin a eagrú, agus an ghrúpa a chumasú le bheith ag úsáid Gaeilge mar theanga oibre san earnáil úd.

Leibhéal na Ranganna

Mura bhfuil tú cinnte faoin leibhéal ranga atá oiriúnacha duit, is féidir do leibhéal TEG a mheas saor in aisce anseo. 

Déan teagmháil linn maidir le Ranganna Corporáideacha

Seoladh rphoist: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Fón:  +353 (0)1 4757401

Teagmháil

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.