Skip to main content

Ballraíocht Aonair

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge, trí bhallraíocht a ghlacadh, beidh glór agat i dtodhchaí na heagraíochta agus todhchaí na teanga. 

Is í an bhallraíocht - idir bhaill chraoibhe agus bhaill aonair - croílár agus bunchloch na heagraíochta. Tá na céadta craobhracha agus baill aonair ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga agus ag spreagadh úsáid na Gaeilge, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud an domhain i láthair na huaire. Ó bhunaíodh an eagraíocht i 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre.

Bíodh Glór agat sa Ghluaiseacht

Tugann ballraíocht i gConradh na Gaeilge deis duit páirt a ghlacadh i mórcheisteanna teanga ár linne. 

Is faoi na baill aonair le cinntiú go bhfeidhmíonn Conradh na Gaeilge mar fhóram daonlathach inmharthanach do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. 

Is féidir le haon bhall aonair rún a chuir os comhair na hArd-Fheise agus duine amháin a mholadh lena t(h)oghadh don uachtaránacht, don dá spás atá ar fáil do bhaill aonair ar Choiste Gnó an Chonartha agus don spás atá ar fáil do bhaill aonair ar Bhord Stiúrtha Sheachtain na Gaeilge.

Tá 2,200,000 cainteoir Gaeilge in Éirinn. Tá do ghlór ag teastáil.

Déan Ionadaíocht ar do Cheantar

Is muid an phríomh ghrúpa stocaireachta do phobal na Gaeilge. Mar bhall aonair beidh deis agat labhairt le polaiteoirí faoi cheisteanna áitiúla.

Tá d'ionadaíocht ar do chúlra agus ceantar ríthábhachtach dúinn. Tá saineolas agat a chabhróidh linn ionadaíocht agus freastal níos fearr a dhéanamh ar do phobal agus muid ag cur an Ghaeilge chun cinn i do cheantar.

Mar bhall aonair, beidh tú in ann ról ceannasaíoch a ghlacadh i dtaobh feachtais i do cheantar agus obair le craobhacha agus baill aonair eile sa cheantar le mórchuspóirí a bhaint amach. 

Múnlaigh Todhchaí na Teanga

Tá baill aonair an Chonartha i ngach carn den tír. Ní neart go cur le chéile agus tá líonra láidir cothaithe againn a thacaíonn lena chéile

Tá ár mbaill mar fhoinse saineolais, núálaíocht agus misneach. Tá deis ag baill aonair bheith ar choistí agus meitheal sainspéiseanna an Chonartha agus plé le réimsí spéise áirithe i leith na teanga, nó i leith Éire trí chéile. 

Is í Conradh na Gaeilge an t-aon fhóram daonlathach pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá do thaithí agus do ghlór tábhachtach.

Bíodh ionchur agat i dtodhchaí do theanga. 


Poiblíocht Idirnáisiúnta

Cuirtear fáilte roimh gach ball scéalta a chur isteach inár nuachtlitir mhíosúil ionas go mbíonn baill uile an Chonartha ar fud an domhain ar an eolas faoi imeachtaí ar son na Gaeilge. Is féidir scéalta a scaipeadh trí leathanach Facebook agus Twitter an Chonartha chomh maith. Seol na sonraí chuig: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Pointe Teagmhála

Is pointe teagmhála le saol na Gaeilge é Conradh na Gaeilge dá mbaill aonair.

Is tríd an eagraíocht gur féidir le ball aithne a chur ar ghníomhairí teanga eile san earnáil, eolas a fháil ar na feachtais is tábhachtaí atá idir lámha i dtaca leis an teanga, páirt a ghlacadh in imeachtaí sóisialta trí mheán na Gaeilge, agus smaointe maidir le spreagadh na teanga a phlé agus a chur chun cinn san fhóram daonlathach seo.

Nuacht

Faigheann gach ball aonair cóip bog den nuachtlitir gach mí, agus scaipfear eolas maidir le feachtais agus maidir le mórimeachtaí na heagraíochta tríd an ngréasán seo de na baill i dtosach báire. Glac páirt sa ghréasán!

Nuair a chláraíonn tú mar bhall gheobhaidh tú pacáiste fáiltiú ballraíochta agus comhfhreagras oifigiúil ó Uachtarán an Chonartha le deimhniú go bhfuil tú cláraithe.


Glac Páirt sa Ghluaiseacht

Ceisteanna Coitianta

Conas Clárú?

Is féidir clárú ar-líne anseo.

Glacfar an táille ballraíochta bliantiúil amach go huathoibríoch.

Más mian leat stop a chuir le do bhallraíocht de bharr cúis ar bith, is féidir teagmháil a dhéanamh le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. .

Nóta: Ní foláir do gach iarratas dul roimh an gCoiste Gnó lena ghlacadh. Ní ionann íocaíocht an táille agus ballraíocht glactha láithreach.

Cad é an Táille Ballraíochta?

Is é an táille ballraíochta reatha ná €20 in aghaidh na bliana.

Téann 100% den táille i dtreo tacú lenár n-obair ar son na Gaeilge ar bhonn uile-oileánda. 

An Bhfuil Spriocdháta do Bhallraíocht?

Ní mór go mbeadh an fhoirm agus an táille ballraíochta faighte 10 seachtain roimh an Ard-Fheis ar a dhéanaí le bheith i dteideal vótaí a chaitheamh.

Nóta: Ní foláir do gach iarratas dul roimh an gCoiste Gnó lena ghlacadh. Ní ionann íocaíocht an táille agus ballraíocht glactha láithreach.

Ceisteanna Coitianta

Teagmháil

Má tá ceist agat faoi do bhallraíocht le do thoil déan teagmháil le Caoimhe Ní Mhaolaí, ár bhFeidhmeannach Ballraíochta agus Oideachais. 

Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Guthán: (+353)85 883 8113

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.