Is í an chraobh croílár agus bunchloch Chonradh na Gaeilge. Ó bunaíodh an eagraíocht i 1893, tá craobhacha an Chonartha ag cur na Gaeilge chun cinn, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud an domhain chomh maith.
Tá sé éasca craobh a bhunú. Níl ag teastáil ach go dtiocfaidh grúpa beag daoine (6) a bhfuil suim acu sa Ghaeilge a chur chun cinn agus a bhfuil suim acu coiste a bhunú agus clárú le hArd-Oifig an Chonartha. Nóta: Ní foláir do gach iarratas dul roimh an gCoiste Gnó lena ghlacadh.
Is í sprioc phraicticiúil atá ag craobh ná an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar na craoibhe sin.
Bíonn craobhacha i mbun gníomhaíochtaí éagsúla a thugann deis do dhaoine Gaeilge a labhairt, a chleachtadh agus a fhoghlaim. Chomh maith le hobair a dhéanamh go háitiuil, bíonn craobhacha rannpháirteach i bhfeachtais náisiúnta na heagraíochta. Tá ról ag gach craobh lena chinntiú go gcuirtear polasaithe na heagraíochta i gcrích.
Bíonn deis ag gach craobh a sonraí a chur ar aghaidh chuig Glór na nGael nuair a chláraítear leis an gConradh. Tuilleadh eolais faoi Ghlór na Gael ag www.glornangael.ie
Cuirtear fáilte roimh gach craobh scéalta a chur isteach inár nuachtlitir mhíosúil ionas go mbíonn baill uile an Chonartha ar fud an domhain ar an eolas faoi imeachtaí na craoibhe.
Is féidir le craobh leas a bhaint as ceadúnas bailiúcháin phoiblí a fhaigheann an Conradh gach bliain chun airgead a bhailiú don chraobh agus imeachtaí áitiúla a bhíonn ar siúl aici féin, agus d'fheachtais éagsúla an Chonartha.
Déanann ionadaithe ó na craobhacha freastal ar an Ard-Fheis gach bliain:
Bíonn deis acu tuairimí na craoibhe a nochtadh, páirt iomlán a ghlacadh sna díospóireachtaí agus in obair iomlán na heagraíochta.
Chomh maith leis sin, bíonn cearta vótála ag gach craobh sna toghcháin éagsúla a bhíonn ar siúl ag an Ard-Fheis, rud a thugann guth do gach craobh de chuid an Chonartha.
Rátaí Cláraithe
Cláraigh craobh nua le Conradh na Gaeilge: €50
Athchláraigh craobh le Conradh na Gaeilge: €50
Treoir do Chraobhacha
Tá treoir maidir le himeachtaí, feachtais, poiblíocht agus eile a eagrú don chraobh ar fáil ar an suíomh seo agus is féidir an Treoirleabhar Imeachtaí & Feachtas Do Chumainn Ghaelacha agus Do Ghrúpaí Gaeilge ar an Tríú Leibhéal a íoschóipeáil anseo chomh maith.
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: