Skip to main content

Eolas faoin Charthanas

Posted in Eolas.

Ábhar Tacaíochta don Bhailiúchán Náisiúnta

Tá Conradh na Gaeilge ag brath go mór ar thacaíocht an phobail ón lá gur bhunaíodh an eagraíocht in 1893. Tá an eagraíocht cláraithe mar charthanas i gcónaí leis na Coimisinéirí Ioncaim agus An Rialálaí Carthanas.

Uimhir Charthanais na Coimisinéirí Ioncaim: CHY 3094
Uimhir Charthanais Chláraithe, An Rialálaí Carthanas: RCN 20003869

Tá Conradh na Gaeilge cláraithe leis an Choimisiún Carthanais ó thuaidh faoi CNAG Teoranta Limited: NIC107137

Príomhchuspóir an Charthanais:

An Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann agus feidhmiú ar son na haidhme trí, i measc rudaí eile: cur le líon lucht labhartha na Gaeilge; cur le líon na dteaghlach a thógann clann le Gaeilge; cur le stádas na Gaeilge de jure agus de facto in Éirinn agus thar lear; gach tacaíocht, gach seirbhís agus gach áis a bheith ar fáil chun saol a chaitheamh trí Ghaeilge in Éirinn; cur le líon na n-eagraíochtaí, le líon na n-institiúidí, le líon na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, le líon na ngnóthlachtaí agus le líon na n-imeachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge; seasamh le forlámhas na Gaeilge mar theanga an phobail sna limistéir Ghaeltachta agus pobail nua Ghaeltachta a bhunú; stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaeilge; ionadaíocht a dhéanamh thar ceann lucht labhartha na Gaeilge.

Comhlíonadh le Cód Rialachais do Charthanais

Tá Conradh na Gaeilge i mbun na céimeanna éagsúla le tuairisc a thabhairt ar chomhlíonadh leis an gCód Rialachas do Charthanais don bhliain 2021.

 

Tacaigh Linn

Cuireann gach tacaíocht ón phobal go mór lenár gcuid oibre ar son na teanga, agus muid ag troid go leanúnach leis an Ghaeilge & Ghaeltacht a chosaint agus a chur chun cinn.

Ar líne: An bealach is simplí le tacú linn ná síntiús a dhéanamh anseo ar ár suíomh idirlíon.

Na Meáin Shóisialta: Tá Conradh na Gaeilge cláraithe mar charthanas le Facebook agus Instagram freisin. Is féidir síntiús a dhéanamh tríd na cnaipí ar ár leathanach Facebook anseoInstagram anseo.  Is fédir ócáid tiomsú airgid a eagrú i gcomhair Conradh na Gaeilge ar Facebook ag an nasc seo. Chomh maith le sin is féidir cnaipe "donate" chuig Conradh na Gaeilge a roinnt ar do scéal Instagram ag lorg tacaíocht ó do chairde freisin.

Téacs: Más fearr leat is féidir tacú linn trí téacs a sheoladh leis an bhfocal 'Gaeilge' chuig 50300. Cosnóidh seo €4 agus gheobhaidh Conradh na Gaeilge ar laghad €3.60. (Seirbhís curtha ar fáil ag Likecharity. Líne Chabhrach 0766805278).

Likecharity_Deonaigh_4.png

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.