Skip to main content

Ainm i nGaeilge ar do Phas

Tá forálacha reachtúla déanta in Acht na bPasanna, 2008 sa gcás go bhfuiltear go iarraidh ainm a chur ar an bpas nach ionann é agus an t-ainm (nó an leagan den ainm) atá ar an teastas breithe. Is mar seo a leanas atá an sliocht ábhartha ón Acht:

‘10 .—

  1. Faoi réir an ailt seo agus alt 11, beidh pas a eisítear faoin Acht seo in ainm an iarratasóra áirithe ar phas, mar atá sé ar a dheimhniú breithe nó ar a deimhniú breithe (cibé acu i mBéarla nó i nGaeilge) nó, de réir mar is cuí, ar dheimhniú eadóirseachta nó ar dhoiciméad eile a thabharfaidh sé nó sí ar aird don Aire mar fhianaise ar shaoránacht Éireannach.
  2. Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an tAire, má iarrann iarratasóir ar phas, is duine atá nó a bhí pósta, air nó uirthi amhlaidh, pas a eisiúint chuig an iarratasóir sin ina ainm nó ina hainm ar pas é a bhfuil ar áireamh ann sloinne a chéile nó a céile nó a iarchéile nó a hiarchéile, de réir mar a bheidh in ionad shloinne an iarratasóra, nó ina theannta.
  3. Déanfaidh an tAire, má dhéanann iarratasóir ar phas iarratas go ndéanfar pas a eisiúint chuige nó chuici in ainm (dá dtagraítear “an t-ainm nua” san alt seo) seachas an ceann dá dtagraítear i bhfo alt(1) nó (2) nó, más cuí, seachas an t-ainm a taifeadadh sa phas is deireanaí roimhe sin a eisíodh chuige nó chuici, a cheangal ar an iarratasóir cibé fianaise is dóigh leis an Aire a bheith sásúil maidir le húsáid an ainm nua ag an iarratasóir a thabhairt ar aird don Aire sula bhféadfar pas a eisiúint chuig an iarratasóir san ainm sin.
  4. Má dhéanann iarratasóir ar phas, sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (3), fianaise a thabhairt ar aird chun sástacht an Aire maidir le húsáid an ainm nua aige nó aici ar feadh tréimhse nach giorra ná 2 bhliain roimh dháta an iarratais, féadfaidh an tAire, faoi réir an Achta seo, pas a eisiúint chuig an iarratasóir san ainm sin.
  5. Más rud é nach ndéanann iarratasóir ar phas sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (3) fianaise a thabhairt ar aird chun sástacht an Aire maidir le húsáid an ainm nua aige nó aici ar feadh tréimhse nach giorra ná 2 bhliain roimh dháta an iarratais, féadfaidh an tAire, faoi réir an Achta seo, pas a eisiúint chuig an iarratasóir san ainm sin agus ainm an iarratasóra dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (2) nó,más cuí, an t-ainm a taifeadadh sa phas is deireanaí roimhe sin a eisíodh chuige nó chuici a thaifeadadh mar thrácht sa phas agus fanfaidh an taifead sin ann ar feadh tréimhse nach giorra ná 2 bhliain.’

Is faoin Aire atá sé a shocrú cén fianaise a bheadh inghlactha i gcomhair iarratais den chineál seo. De réir mar a thuigimid óna socruithe atá i bhfeidhm, más féidir a chruthú go bhfuil an leagan Gaeilge den ainm á úsáid go rialta ar feadh tréimhse 2 bhliain, is féidir an pas a eisiúint leis an leagan Gaeilge. Is féidir an cruthúnas faoi úsáid rialta den leagan Gaeilge a sholáthar trí dhoiciméid scoile nó ollscoile, pá-dhuille, cárta aitheantais do chlub, ceadúnas tiomána, cumann spóirt, cuntas taisce oifig poist, cuntas bainc agus araile a sholáthar don Roinn Gnóthaí Eachtracha. Go hiondúil lorgaítear dhá shampla ar a laghad mar chruthúnas ar ghnáthúsáid ach is ea is mó cruthúnas a chuirtear ar fáil is láidre an cás.

Mura bhfuil dhá bhliain de chruthúnas ag duine ach go bhfuil níos mó ná sé mhí acu, is féidir iarratas a dhéanamh leis an leagan leasaithe den ainm a fháil ar an bPas ach go mbeadh d’ainm de réir mar atá sé ar an teastas breithe luaite ar leathanach na dtagairtí.

Tuigimid go bhfuil na socruithe sin i bhfeidhm chun teacht roimh chalaois ó thaobh céannachta de.

Maidir le Acht na dTeangacha Oifigiúla, (Leasú) 2021, beidh athrú ag teacht maidir le húsáid agus taifead ainmneacha, faoi Alt 5 nuair a thabharfaidh an tAire tosach feidhme don mhír sin den Acht sin. Faoin alt leasaithe sin, leagfar dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí ainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge a thaifeadadh agus a úsáid go cruinn.

Is mar seo a leanas a shonraítear an fhoráil chuí:

5. Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 9: “Dualgas comhlachtaí poiblí maidir le hainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge

9A.

  1. (1) D’fhonn a chinntiú go ndéanfaidh comhlacht poiblí ainm (lena náirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm), seoladh nó teideal (lena n-áirítear an rogha gan teideal ar bith a úsáid) duine i nGaeilge, a thaifeadadh agus a úsáid i gceart, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, ag féachaint d’fheidhmeanna an chomhlachta phoiblí, an comhlacht a fhorordú chun críocha an ailt seo.
  2. Féadfaidh an tAire, le linn comhlacht poiblí a fhorordú faoi fho-alt (1), na seirbhísí a thairgeann nó a sholáthraíonn an comhlacht a shonrú, is seirbhísí ar ina leith a fhorordófar amhlaidh é.
  3. Cinnteoidh comhlacht poiblí a fhorordófar faoi fho-alt (1) go mbeidh na córais faisnéise agus chumarsáide, agus aon chórais eile (cibé acu córais leictreonacha nó eile), a úsáideann an comhlacht ina chumarsáidí leis an bpobal i gcoitinne, nó le haicme den phobal i gcoitinne, de réir mar is cuí, cumraithe ar mhodh—
    1. lena gceadófar, leis na córais sin, ainm (lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm), seoladh nó teideal (lena náirítear an rogha gan teideal ar bith a úsáid) duine i nGaeilge a thaifeadadh agus a úsáid i gceart i ndáil leis na seirbhísí arna dtairiscint nó arna soláthar ag an gcomhlacht ar ina leith a fhorordófar amhlaidh é, agus
    2. lena ndéanfar úsáid an tsínte fhada sa téacs Gaeilge a éascú.
    1. Déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná 3 mhí ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint chun cuidiú le comhlachtaí poiblí a gcuid oibleagáidí faoin alt seo agus faoi ailt 9B, 9C agus 9D a chomhlíonadh.
    2. Beidh aird ag comhlacht poiblí ar na treoirlínte, más ann, a eiseofar faoi mhír (a) le linn dó a chuid oibleagáidí faoin alt seo agus faoi ailt 9B, 9C agus 9D a chomhlíonadh.
    3. Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta, treoirlínte a eiseofar faoi mhír (a) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
    4. Déanfaidh an tAire, i gceann cibé eatramh is cuí leis nó léi, treoirlínte a eiseofar faoi mhír (a) a athmheas agus beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo maidir le hullmhú, eisiúint agus foilsiú na dtreoirlínte athmheasta sin mar atá feidhm acu maidir leis na treoirlínte a eisíodh i gcéaduair.’

Mar atá luaite thuas, tá treoirlínte le heisiúint ina leith seo go fóill chomh maith le comhlachtaí poiblí le for-ordú ina leith. Go dtí go dtagann siad seo i bhfeidhm is é Acht na bPas an t-aon reachtaíocht teanga atá i bhfeidhm faoi láthair ar an ábhar seo.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.