Skip to main content

Cuireann Chomhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon an dara iarratas ar chomhartha sráide dátheangach ar athló

100% d’fhreagróirí Ghairdíní Chois Coille ar son an chomhartha dhátheangaigh, ach arís eile vótálann gach Comhairleoir Aontachtach ina choinne

Tá cinneadh tógtha ag Comhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon iarratas eile ar chomharthaíocht dhátheangach a chur ar athló ag cruinniú comhairle Dé Luain 22 Iúil. Thacaigh tromlach na mór-Chomhairle le cinneadh a rinneadh ag an Choiste Pleanála agus Seirbhísí Rialála Dé Máirt 9 Iúil gan an t-iarratas a cheadú go dtí go mbailítear breis eolais agus go n-eagraítear cuairt chuig an suíomh. Glacfar an cinneadh maidir leis an iarratas anois ag cruinniú speisialta de chuid an Choiste Pleanála agus Seirbhísí Rialála ar an 11ú Meán Fómhair ar 2pm. Is é seo an dara iarratas taobh istigh de bhliain chomhlíon gach critéir polasaí i suirbhé poist na Comhairle. Chaith gach comhairleoir Aontachtach in éadan rúin chun an t-iarratas a cheadú ag an Choiste.

Faoi pholasaí reatha na Comhairle ar chomharthaíocht sráide, atá cáinte go rialta ag grúpaí teanga agus saineolaithe idirnáisiúnta, is gá achainí ó 33% de chónaitheoirí na sráide a bhailiú chun tús oifigiúil a chur leis an phróiseas iarratair. Tuigtear gur cuireadh an achainí sin isteach ar an 30 Deireadh Fómhair 2023, agus é sínithe ag gach uile cónaitheoir incháilithe i nGairdíní Chois Coille. Cuireadh an suirbhé poist amuigh chuig cónaitheoirí 4 mhí níos moille, i mí an Mhárta 2024.

Chun go mbeidh rath ar iarratais ar iarratas sa cheantar Comhairle seo, tá tacaíocht de dhíth sa suirbhé poist ó 66%+ (⅔+) de chónaitheoirí atá ar an chlár toghthóirí. Muna dtugtar freagra ar an suirbhé, glactar leis go bhfuil an cónaitheoir in éadan an iarratais. D’ainneoin na dtairseacha arda seo, d’fhreagair 9 gcónaitheoir (90%) an suirbhé agus iad ar fad ag tacú leis an iarratas. Tuigtear go ndearna an cónaitheoir eile teagmháil leis an Chomhairle níos moille anonn agus cuireadh in iúl go raibh seasamh neodrach acu ar an cheist. Ní raibh aon chur i gcoinne gníomhach ann.

Bhí cinneadh le glacadh ar an iarratas ag cruinniú den Choiste Pleanála agus Seirbhísí Rialála roimhe seo i mí na Bealtaine 2024, ach cuireadh seo ar athló de bharr iarratas anaithnid chun bualadh le Ceann na Roinne Rialaithe Tógála le plé a dhéanamh ar pholasaí sráidainmneacha na Comhairle. Ag an chruinniú coiste ina dhiaidh sin i mí an Mheithimh, chinn Comhairleoirí aighneachtaí breise scríofa agus cead cainte a cheadú do dhaoine, rud a thit amach ar an 9 Iúil 2024. Is ag an chruinniú seo den Choiste Pleanála agus Seirbhísí Rialála, a raibh Conradh na Gaeilge agus cónaitheoirí áitiúla i láthair aige, a chaith ionadaithe tofa vóta in éadan rúin chun an t-iarratas i nGairdíní Chois Coille a cheadú. Cuireadh in iúl go bhfuil cónaí ar na ‘cónaitheoirí gan ainm’ seo, a chuir i gcoinne an iarratais, idir 1 agus 9 míle ón tsráid féin. Labhair an MP áitiúil Carla Lockhart amach i gcoinne an iarratais fosta.

Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga le Conradh na Gaeilge:

“Tá ceann de na polasaithe sráidainmneacha is sriantaí ar fad ag an chomhairle áitiúil seo, agus fiú nuair a chomhlíontar é, cuirtear ar leataobh é nuair a bhaineann an t-iarratas le cur chun cinn na Gaeilge nó an dátheangachais. Is léiriú é an mhór-thacaíocht a fuarthas don iarratas seo ar dhíograis an phobail Ghaeilge áitiúil an teanga a chur chun cinn agus a gceart an Ghaeilge a fheiceáil go poiblí a athdhearbhú; ceart atá daingnithe i bpolasaí na Comhairle féin ach, go dtí seo, ar theip orthu critéir an pholasaí sin a chomhlíonadh. Níl aon cheist faoi mhianta na gcónaitheoirí sa chás seo. Ba cheart go ndéanfadh an Chomhairle gach iarratas a bpolasaí féin a chomhlíonadh de réir na mianta seo atá curtha in iúl ag na cónaitheoirí féin. Bheadh ceadú an iarratais seo stairiúil do Comhairle AMDBC agus céim ar cheart go mbeadh muid ag ceiliúradh mar chomhartha ar ré úr comhionannais sa cheantar. Ina áit seo, tá muid arís ag ceistiú an mbeidh an Chomhairle seo riamh in ann feidhmiú de réir a bpolasaí sráidanmneacha agus caitheamh go cothrom le pobal na Gaeilge. Is mian linn iarrachtaí móra na gcónaitheoirí a aithint agus iad ag brú ar aghaidh chun cothrom na Féinne a bhaint amach ina gceantar féin.”

Dúirt Linda O’Neill, oibrí óige áitiúil:

“Tá pobal bríomhar, bisiúil Gaeilge againn i bPort an Dúnáin atá ag fás i rith ama. Mar thuismitheoir ar bheirt pháistí atá mar chuid den phobal sin, is saibhre a saolta de bharr na mbuntáistí ar fad a bhaineann leo ag fáil oideachais ina dteanga dhúchais féin. Bheadh ceadú an iarratais seo ina chéim shuntasach, dhearfach chun cinn do mo pháistí agus neart páistí eile. Déanann sé normálú ar an teanga dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu, agus tugann sé deis do dhaoine nach raibh mórán de theagmháil nó taithí acu leis an Ghaeilge é seo a dhéanamh fríd ár dteanga agus ár gceantair chomhroinnte. Tá sé thar am don chomhairle seo agus d’údaráis phoiblí eile beartais chothroma a thacaíonn le hinfheictheacht na teanga a chur i bhfeidhm.

Lean cónaitheoirí Ghairdíní Chois Coille nósanna imeachta na Comhairle agus bhí siad iomlán dílis don phróiseas ó thús go deireadh. D’fhreagair siad an suirbhé poist agus bhí siad soiléir ina dtacaíocht don iarratas seo. Mar íocóirí cánach sa chomhairle seo, níor cheart agus ní féidir neamhaird a dhéanamh orthu a thuilleadh.”

Is é seo an dara iarratas anois a bhain amach tairseach na tacaíochta a luaitear i bpolasaí na Comhairle. Diúltaíodh don chéad iarratas, a rinneadh do Chnoc Ghoic Coille, in 2023, cé go bhfuartas tacaíocht ó 64 cónatheoir agus nár chuir ach 3 ina gcoinne. Tá an t-iarratas sin anois os comhair na hArd-Chúirte agus Athbhreithniú Breithiúnach ag dul ar aghaidh (Féach: https://tinyurl.com/ybfkhkcj).

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.