Skip to main content

Díospóireachtaí, Taispeántais agus Ceisteanna Móra pléite mar chuid d’Ard-Fheis na nÓg 2024 i mBaile an Fheirtéaraigh

Daltaí scoile i láthair ó 19 scoil le tuairimí ón aos óg a phlé ar cheisteanna sóisialta agus naisiúnta a bhaineann leo

Tháinig daltaí scoile le chéile ó fud fad na tíre i mBaile an Fheirtéaraigh, Ciarraí, le trí lá anuas agus iad ag freastal ar Ard-Fheis na nÓg 2024. Tháinig níos mó ná 150 dalta ó 19 scoil éagsúil i nDún na nGall, Gaillimh, Baile Átha Cliath, Ceatharlach, Corcaigh, Luimneach, Maigh Eo, Cill Chainnigh, Port Láirge agus Ciarraí.

Ag labhairt faoin ócáid, dúirt Róisín Ní Chinnéide, Conradh na Gaeilge:

“Is í Ard-Fheis na nÓg an t-aon imeacht den chineál seo don aos óg, a thógann déagóirí Gaeltachta agus daltaí Gaelcholáistí sa tsraith shinsearach ó fud fad na tíre le chéile i gceantar Gaeltachta éagsúil gach bliain. Tá lúcháir orainn a bheith i gCorca Dhuibhne d’Ard-Fheis na nÓg na bliana seo, agus meascán de chur i láthair, ceardlanna, cainteanna, imeachtaí eolais agus imeachtaí sóisialta idir lámha ag na daltaí. Thar tréimhse trí lá, tá aos óg na Gaeltachta agus na nGaelcholáistí tagtha le chéile anseo i mBaile an Fheirtéaraigh agus ceisteanna, téamaí, deiseanna agus dúshláin ábhartha dóibh féin pléite acu, iad ag freagairt ceisteanna móra ár linne go slachtmhar, le cumas agus beocht.

Táimid ana bhuíoch as an gcomhpháirtíocht a bhí againn le Tobar Dhuibhne, Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne agus Coláistí Chorca Dhuibhne agus as an bhfáilte a chuir siad romhainn chuig an gceantar, agus gabhaimíd buíochas freisin le hÚdarás na Gaeltachta, le Comhairle Contae Chiarraí, le hEalaín na Gaeltachta, agus le Roinn na Gaeltachta as a dtacaíocht.”

Dúirt John Prendergast, Oifigeach Pleanála Teanga le Tobar Dhuibhne:

“Mar Oifigeach Pleanála Teanga i gCiarraí Thiar le Tobar Dhuibhne, cuireann sé oiread áthais orm Ard-Fheis na nÓg a bheith ar siúl i gCorca Dhuibhne. Deis nótáltha atá ann do dhaltaí scoile ó cheantracha Gaeltachta agus ó Ghaelcholáistí ar fud na hÉireann, teacht le chéile, bualadh le cairde nua agus craic a bheith acu trí mheán na Gaelainne. Is todhchaí na teanga iad na daoine óga i láthair anseo ag Ard-Fheis na nÓg, is iad an chéad ghlúin eile, ach le chéile - ag ócáidí mar seo - déanfaimid cinnte de go mbeidh stádas agus úsáid níos Gaelainne ag láidriú bliain i ndiaidh bliana.”

Dúirt Darragh Ó Caoimh, MC ar imeachtaí an lae:

“Bhíos ana-thógtha leis na cur i láthair go léir a rinne na daltaí scoile anseo inniu, ardú croí agus meanman a bhí sa lá ar fad againn i mBaile an Fheirtéaraigh. Is léir go bhfuil fuinneamh, cruthaitheacht agus smaointeoireacht úr i measc na ndaltaí seo go tréan.”

Tá Ard Fheis na nÓg á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge in éineacht le grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta ó bhí 2019 ann. Bunaíodh Ard-Fheis na nÓg le guth a thabhairt d’aos óg na Gaeltachta agus na Gaeilge, chomh maith lena spreagadh le páirt a ghlacadh sa chomhrá náisiúnta fá chúrsaí teanga. Tugann sé deis do dhaltaí scoile bualadh le chéile agus aithne a chur ar a chéile trí Ghaeilge, agus lonnaítear i gceantar Gaeltachta éagsúil é gach bliain.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.