I ndiaidh 75 bliain ar an bhfód, tá deireadh ag teacht le Feasta, iris mhíosúil i nGaeilge a cuireadh ar bun in 1948.
Is trua linn go bhfuil deireadh curtha leis an iris agus tá moladh tuillte acu siúd a choinnigh an iris beo ó tháinig laghdú suntasach ar an maoiniú a bhíodh ar fáil di in 2014.
Tá ardmholadh ag dul do Dhonnchadh Ó hAodha as an obair uilig atá déanta aige le Feasta ó bhí na 1960idí ann, le Cormac Ó hAodha, le Pádraig Mac Fhearghusa agus le gach duine a d'eagair agus a scríobh leis an iris thar na blianta.
Léiríonn scéal Feasta go bhfuil tacaíocht bhreise ag teastáil d’irisí agus d’fhoilseacháin na Gaeilge. Am ina bhfuil 200+ iris chlóite in Éirinn, níl anois ach Comhar agus An Timire, an t-aon dá iris rialta i gcló i nGaeilge le freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Léigh tuilleadh faoin scéal ag Tuairisc.ie.
Is féidir teacht ar Chartlann Feasta ar líne do bhlianta 2010-2019 ag PEIG.ie.
Tá cartlann iomlán Feasta ar fáil i gCartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.