Skip to main content

Conradh na Gaeilge páirteach an deireadh seachtaine seo i bhFéile Bhród LADTA+ Bhéal Feirste

Mar thoradh ar rún a ritheadh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2023, cuireadh grúpa oibre #bród ar bun agus socraíodh le páirt a ghlacadh i bhféilte Bróid thuaidh agus theas

 

F18ywmQWYAA9XpG.jpeg

 

Don dara uair an samhradh seo, beidh ionadaithe ó chraobhacha agus ó bhaill de Chonradh na Gaeilge i láthair do mhórshiúl do Bhród LADTA+. Tiocfaidh iondaithe Chonradh na Gaeilge le chéile i gcroílár Bhéal Feirste amárach, Dé Sathairn 29 Iúil, mar chuid oifigiúil de mhórshiúl na bliana seo. 

 

I mí Feabhra na bliana seo, ghlac teachtaí Ard-Fheise le rún ó Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge a d’aithin grúpaí as an obair atá déanta acu do phobal aiteach na Gaeilge, is a thug bunús oifigiúil don Chonradh le grúpa oibre ‘Bród’ a chur ar bun, le freastal ar mhórshiúlta is le tacú leis an phobal aiteach agus Ghaelach i gcoitinne. Tháinig baill de chuid an Chonartha le chéile 24 Meitheamh 2023 chun Bród Bhaile Átha Cliath a chéiliúradh le chéile.

 

Rún 10. ón Ardchraobh a ritheadh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2023 san Aonach, Tiobraid Árann:

 

Molann an Ard-Fheis an obair dheonach a bhíonn ar bun ag leithéidí Queercal Comhrá, Aerach Aiteach Gaelach agus dreamanna eile LADT+ fud fad na tíre, i leith chur chun cinn na Gaeilge i measc na bpobal siúd. Aontaíonn an Ard-Fheis go bhfreastalófar ar mhórshiúl amháin de chuid Bród in aghaidh na bliana ar a laghad, ar bhonn oifigiúil, le tacaíocht a léiriú don phobal céanna. Chomh maith leis sin, iarrann an Ard-Fheis ar an gCoiste Gnó grúpa oibre a chur le chéile leis an obair seo a chur i gcrích, i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara eile. - An Ard-Chraobh

 

Dúirt Michaeline Ní Dhonnghaile, Tánaiste, Conradh na Gaeilge:

 

Tá muid ag súil go mór le himeachtaí Bród i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo agus is clochmhíle í seo san eagraíocht go mbeidh muid mar chuid oifigiúil den mhórshiúl i mBéal Feirste i mbliana. Bhí an-rachairt ar an mhórshiúl i mBaile Átha Cliath mí ó shin agus déanaimis an pobal aiteach uilig a aithint agus a chéiliúradh an iarraidh seo i mBéal Feirste. Táimid thar a bheith sásta a bheith ag glacadh páirte sna féiltí Bród - coinnigí súil amach fánár gcoinne agus go n-éirí go geal le gach duine a bheidh i láthair!

 

Dúirt Brónagh Fusco, Comhordaitheoir Tionscadal Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta ó thuaidh:

 

Is é seo an chéad uair do Chonradh na Gaeilge a bheith ag glacadh páirte sa mhórshiúl i mBéal Feirste, mar a rinne muid i mBaile Atha Cliath le déanaí, is tá ár gcuid craobhacha le moladh as an rún seo a thabhairt isteach i mbliana. Is léiriú tábhachtach dlúthpháirtíochta é seo a chothaíonn spás don phobal teacht le chéile i spriorad céiliúrtha agus fáilteach. Tá muid uilig ag súil go mór leis an lá mór. 

 

Tá toscaireacht Chonradh na Gaeilge ag casadh le chéile De Sathairn sa Zón Dearg taobh le Cloig Albert ag 12pm agus is ón phointe sin a thosóidh muid sa mhórshiúl ag 1pm. 

 

AR LÍNE: #bród 

Twitter: @CnaG Instagram: @cnagaeilge

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.