Skip to main content

Conradh na Gaeilge ag earcú do Céad Míle Fáilte

Tá lúchair ar Chonradh na Gaeilge a fhógairt go bhfuil forbairt ag teacht ar an togra, Céad Míle Fáilte, le leathnú amach ar réimse oibre na scéime agus foireann bhreise le hearcú chun dul ina mbun.

Is togra é Céad Míle Fáilte a dhíríonn ar dhaoine ó chúlraí éagsúla a chónaíonn in Éirinn anois. Tá grúpaí de dhaoine ó thíortha éagsúla ar nós Siria, an Ucráin agus an Nigéir tar éis páirt a ghlacadh sa tionscadal. Beidh an togra ag iarraidh na daoine seo a thabhairt le chéile, eispéireas na Gaeilge a roinnt leo agus iad a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de. Déanfar seo tríd ceardlanna sainspéise, ranganna, deiseanna sóisialta agus eile.

Táimid buíoch as tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a chuir maoiniú ar fáil d’fhorbairt Céad Míle Fáilte, a chuideoidh linn freastail ar phobal an domhain tagtha go hÉirinn.

Beidh triúr foirne le hearcú don togra: Bainisteoir Céad Míle Fáilte agus beirt Fheidhmeannaigh Céad Míle Fáilte. Tá eolas faoi na poist seo ar fáil ag na naisc thíos.

https://peig.ie/folúntais/bainisteoir-cead-mile-failte/
https://peig.ie/folúntais/feidhmeannaigh-cead-mile-failte/

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

“Cuirimid fáilte mhór roimh an maoiniú atá curtha ar fáil ag an Roinn ionas gur féidir linn an togra, Céad Míle Fáilte, a leathnú amach go suntasach. Is linn ar fad an Ghaeilge agus táimid ag súil le feasacht a dhéanamh faoin teanga le grúpaí nua fud fad an oileáin.”

Beidh de dhualgas ar an mBainisteoir na dualgais a leanas a chomhlíonadh:

  • Bainistiú a dhéanamh ar an togra Céad Míle Fáilte
  • Bainistíocht líne a dhéanamh leis an bhfoireann ar an togra
  • Buiséid agus maoiniú an tionscadail a bhainistiú
  • Imeachtaí a eagrú le rannpháirtithe na scéime
  • Ábhair a dhearadh le poiblíocht a dhéanamh

Beidh de dhualgas ar na feidhmeannaigh na dualgais a leanas a chomhlíonadh:

  • Caidrimh a chruthú agus a chothú le grúpaí a bhíonn ag plé le daoine ó chúlraí éagsúla a chónaíonn in Éirinn anois
  • Teagmháil leanúnach a dhéanamh leis na grúpaí pobail
  • Sraitheanna ranganna agus ceardlanna sainspéise a eagrú le grúpa pobail i dteangacha éagsúla
  • Poiblíocht ar an scéim a chomhordú

Is gá CV agus litir chumhdaigh as Gaeilge a chur chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. faoin Luan, 6 Samhain ag 11 r.n..

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.