Skip to main content

Cáinaisnéis 2024, Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht agus #Gaeilge4All uile faoi chaibidil ag cruinnithe #SEAS23 inniu

Tugann SEAS23 Teachtaí Dála agus Seanadóirí le chéile le dul i mbun plé le grúpaí pobail, ionadaithe ó na Dáilcheantair agus Conradh na Gaeilge ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta

PICTIÚIR: Grianghraif ón lá ar fáil anseo: DRIVE

Bhí Teachtaí Dála agus Seanadóirí ó pháirtithe an rialtais agus ón bhfreasúra i láthair inniu, Dé Céadaoin 20 Meán Fómhair, le cuid de na ceisteanna is práinní i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé. Tá SEAS (Seisiún Eolais Agus Stocaireachta) á eagrú ag Conradh na Gaeilge le mórcheisteanna an lae a chur faoi bhráid polaiteoirí agus le deis a thabhairt don phobal a bheith i láthair lena mianta áitiúla agus náisiúnta a chur faoina mbráid.

Tagann príomhéilimh na bliana seo ag SEAS23 leis na héilimh leagtha amach sa Phlean Fáis: Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029, a seoladh níos luaithe inniu i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath.

I measc na n-éileamh atá á gcur chun cinn tá:

  • Moladh do Cháinaisnéis 2024: €37.5m sa bhreis a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht
    • €14.5m sa bhreis d’Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta d’infheistíocht agus tacaíochtaí sa Ghaeltacht
    • €12m sa bhreis d’Fhoras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta d’infheistíocht agus tacaíochtaí lasmuigh den Ghaeltacht
    • €11m sa bhreis do TG4 chun cláracha Gaeilge a fhorbairt & TG4 a bhogadh i dtreo an bhuiséid céanna le S4C sa Bhreatain Bheag
  • Moltaí oideachais: Polasaí Gaeilge4All.ie a chur le chéile & gan Páipéar 1 don Ardteist a bhogadh
    • Go gcuirfidh an tAire Oideachais grúpa saineolach ar bun láithreach bonn leis an bPolasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais on Luath-Óige go dtí an 3ú Leibhéal a fhorbairt
    • Nach mbogfaidh an tAire Oideachais Páipéar 1 de scrúdú Gaeilge na hArdteiste go bliain a 5
  • Moladh don phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht
    • Go dtabharfar ionadaíocht don phobal Gaeltachta ar an gComhchoiste a bunaíodh idir an Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta go práinneach
    • Go gcuirfear Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht i bhfeidhm

Ag labhairt faoi SEAS23, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is deis iontach í #SEAS le héilimh na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur faoi bhráid polaiteoirí agus ionadaithe tofa. D’éirigh linn an cás a dhéanamh le páirtithe an Rialtas agus leis an bhfreasúra go bhfuil géarghá le maoiniú a mhéadú mar is ceart le Cáinaisnéis 2024, go háirithe i gcomhthéacs chostais mhaireachtála ag dul in airde agus rátaí boilscithe ag baint ón t-airgead atá ann faoi láthair. Freisin, chuir muid béim ar leith ar an tábhacht le polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón luath-óige go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt, mar atá leagtha amach ag feachtas Gaeilge4All. ”

Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge:

“Tuigimid ar fad an géarghá le tuilleadh infheistíochta sa Ghaeltacht: ba cheart go mbeadh fáil ag an bpobal Gaeltachta ar thithe agus ar dheiseanna fostaíochta ina gceantar féin; tá an tacaíocht chuí ag teastáil ionas gur féidir leis an bpleanáil teanga forbairt mar is ceart, agus chun inmharthanacht na Gaeltachta agus phobal na Gaeltachta a chinntiú do na blianta amach romhainn. Tríd na moltaí atá á gcur chun tosaigh ag Conradh na Gaeilge agus pobal na Gaeilge inniu, is féidir linn tús a chur ar an obair i dtreo na todhchaí sin.

Táimid ag éileamh ar na polaiteoirí ár moltaí a chur i bhfeidhm agus na bearta sin a dhéanamh le fís, le fuinneamh agus le dea-thoil. Beimid ag súil leis na héilimh seo a phlé arís an tseachtain seo chugainn, 27 Meán Fomhair 2023 ag SEAS23 ar líne leis na polaiteoirí nach raibh ábalta a bheith linn inniu.”

Leanfar le cruinnithe SEAS23 ar líne Dé Céadaoin seo chugainn, 27 Meán Fómhair 2023.

Tá cóip de An Plean Fáis ar fáil ag cnag.ie/plean.

Cóip de ráiteas nuachta faoin Phlean Fáis ar fáil anseo.

PICTIÚIR: Grianghraif ón lá ar fáil anseo: DRIVE

TEAGMHÁIL:

Caolán Mac Grianna, Feidhmeannach Cumarsáide
6 Sráid Fhearchair, BÁC2 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí
6 Sráid Fhearchair, BÁC2 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta
6 Sráid Fhearchair, BÁC2 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide
202 Bóthar na bhFál, BT12 6AH | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

AR LÍNE: X @cnag / Instagram @cnagaeilge / #SEAS23 #PleanFáis

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.