Skip to main content

“Céim mhór chun tosaigh” é polasaí nua i mBéal Feirste comhartha dátheangach a chur ar achan sráid sa Cheathrú Ghaeltachta le chéile

Beidh coigiltis ar luach £185,000 ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus bainfear líon mór sráideanna den scuaine ollmhór atá ann faoi láthair sa chathair

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge agus Fís an Phobail, Plean Teanga Iarthar Bhéal Feirste, roimh mholtaí úra de chuid Chomhairle na Cathrach Bhéal Feirste atá dírithe ar chomharthaí dátheangacha a chur in airde ar achan sráid sa Cheathrú Gaeltachta i mBéal Feirste in aon bhabhta amháin. Baineann an moladh leis an 309 sráid sa cheantar nach bhfuil comhartha dátheangach in airde orthu cheana féin. Faoi láthair is gá d’achan sráid comhartha a lorg go gníomhach agus suirbhé a dhéanamh, áit a bhfuil 15% den tsráid de dhíth chun go nglacfar leis an iarratas. Tháinig tuairisc os comhair Coiste Straitéiseach Acmhainní agus Polasaithe de chuid na Comhairle inniu, Aoine 20 Deireadh Fómhair, agus glacadh leis an pholasaí ansin. Beidh an cinneadh sin le faomhadh ag an chéad mhór-chruinniú eile den Chomhairle.

De réir na moltaí úra ar glacadh leo inniu, scríobhfar chuig achan teach ar an 309 sráid agus in aon áit gur mian le cónaitheoirí suirbhé a iarraidh in áit dul díreach ar aghaidh leis na comharthaí is féidir sin a shocrú. Beidh coigiltis ar luach £185,000 ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, in áit bheith ag plé leis na hiarratais sráid in aghaidh na sráide.

Faoi láthair tá timpeall 500 iarratas do chomharthaí dátheangacha ar fud na Cathrach sa scuaine ag an Chomhairle agus meastar ndéanfar timpeall 6 iarratas a shocrú in aghaidh na míosa.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, Líonra Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste:

“De réir an daonáirimh le déanaí, tá ceann de na tiúis is mó de Ghaeilgeoirí sa tír in Iarthar Bhéal Feirste. Mar aon leis sin tá fás ollmhór tagtha ar earnáil na Gaelscolaíochta le blianta anuas mar aon le comhphobal teanga atá iontach láidir agus tiomanta ar fad. Go stairiúil, bhí infheictheacht na teanga ag bráth ar an phobal féin comharthaí a chur in airde. Chuir muid fáilte roimh pholasaí úr de chuid na Comhairle ar na mallaibh a rinne an próiseas i bhfad Éireann níos fusa do chónaitheoirí comhartha Gaeilge a lorg agus fáiltíonn muid arís inniu roimh an dul chun cinn is déanaí chun comharthaí dátheangacha a chur in airde ar na sráideanna uilig sa Cheathrú Gaeltachta in aon bhabhta amháin, rud a chuirfidh go mór le hiarrachtaí pobail an teanga a chur chun cinn sa cheantar. Cuideoidh sé fosta leis na fadhbanna móra atá ag Halla na Cathrach plé leis an éileamh ollmhór ar an tseirbhís seo. Is mian linn ár mbuíochas a chur in iúl do na Comhairleoirí agus feidhmeannaigh sa Chomhairle Cathrach a thacaigh leis an rún seo le beagnach bliain anuas.

Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga, le Conradh na Gaeilge:

“Aithnítear cur chun cinn mionteangacha ar chomharthaíocht i measc na mbeartas is tábhachtaí go hidirnáisiúnta maidir le hardú infheictheachta. Cuireann sin le normalú, le comhbhá agus le caoinfhulaingt, go háirithe i measc an phobail áitiúil. Is polasaí athchóiritheach teanga é seo atá ag dul go leor logainmneacha dúchasacha a thabhairt ar ais os comhair an phobail ar chomharthaí buana. Cuireadh an rún seo chun cinn ar an chéad dul síos le dul i ngleic leis na scuainí ollmhóra atá ann cheana féin, ar a bhfuil suas go 500 sráid. Measann muid, ag amharc ar an luas lena bhfuiul an Chomhairle ag plé le hiarratais a chomhlíonadh faoi láthair, go mbeadh cónaitheoirí áirithe ag fanacht idir 10-12 bliain. Measann muid fosta go sábhálfaidh an Chomhairle breis agus £185,000 tríd an chur chuige seo, in áit bheith ag plé leis seo sráid in aghaidh na sráide. Tá muid ag súil go mór leis an chur chuige seo a fheabhsú amach anseo agus é a chur i bhfeidhm i gceantair eile, i mBéal Feirste agus i gComhairlí ceantair eile, áit a bhfuil tiús ard Gaeilgeoirí nó Gaelscoileanna, mar shampla, sna míonna atá amach romhainn.”

TEAGMHÁIL:

Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, Líonra Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste:
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga, le Conradh na Gaeilge:
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

AR LÍNE:

X: @cnag / Instagram @cnagaeilge
X: @fisanphobail / Instagram @fisanphobail

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

Meastachán Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste chun comharthaí dátheangacha a shocrú in aghaidh na sráide: £1,089. Féach:
https://minutes3.belfastcity.gov.uk/documents/s86985/Street%20Signage%20-%20Costing%20Estimates.pdf

Costas iomlán sráid in aghaidh na sráide: 309 sráid x £1,089 = £336,501
Costas iomlán 309 sráid a dhéanamh in aon bhabhta amháin = £149,652
Sábhálfaidh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste: £186,849 - (coigilteas 55.5%)

Fís an Phobail - the West Belfast Irish Language Plan:

Tá stadas oifigiúil bronnta, don chéad uair ariamh I stair na tíre, ar cheantair taobh amuigh don Ghaeltacht. In 2018, roghnaigh Foras na Gaeilge cúig cheantar ar tugadh stadas oifigiúil dóibh mar ‘cheantar líonra Gaeilge; Iarthar Bhéal Feirste ina measc. Cuireadh maoiniú ar fáil i 2018 le Plean Teanga a ullmhú don cheantar. Tá an plean d’iarthar Bhéal Feirste faofa ag Foras na Gaeilge agus aitheantas bronnta ó Rialtas na hÉireann. I Meán Fómhair 2022, ceapadh comhordaitheoir Pleanála Teanga leis an phlean a chur i bhfeidhm thar 7 mbliain. Is í an sprioc atá ag Líonra Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste (Fís an Phobail) ná mais chriticiúil de chainteoirí líofa Gaeilge a fhorbairt chun pobal inmharthana teanga a bhuanú sa spriocheantar sna blianta amach romhainn. Tugann an stadas oifigiúil don líonra s’againn an dúshraith náisiúnta don obair s’againn agus bheireann an maoiniú bréise an spás dúinn chun plean teanga cuimsitheach a chur i gcrích a dhéananna an soláthar reatha a aithint, a mheas agus na hachmhainní chun plean gníomhaíochta a ullmhú le tabhairt fana bhuanú agus a neartú.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.