Skip to main content

Conradh na Gaeilge á fhógairt ag an Ard-Mhéara Bhéal Feirste mar a rogha dheiridh charthanachta

Tá an eagraíocht Conradh na Gaeilge roghnaithe ag Ard-Mhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Ryan Murphy mar an cheathrú carthanacht agus an ceann deireanach dá bhliain in oifig.

 

LMcharityCnaG.jpeg

 

D’fhógair an Comhairleoir Murphy roimhe seo a thacaíocht do thrí ghrúpa áitiúla eile – an tSeirbhís Tarrthála Phobail atá bunaithe go deonach, an eagraíocht tacaíochta mheabhairshláinte TAMHI agus Kids Together, a chuireann seirbhísí agus tacaíocht ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais chasta acu.

Cuireadh Conradh na Gaeilge ar bun in 1893 le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus tá breis is 200 craobh ar fud an domhain anois aige. Bhunaigh an Dr John St Clair Boyd an chéad chraobh i mBéal Feirste ar an 19 Lúnasa 1895 ag 32 Bóthar Beersbridge Uachtarach.

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, ó thuaidh:

“Le blianta beaga anuas tá clú bainte amach ag Béal Feirste ar fud na hÉireann agus ar fud na hEorpa mar eiseamláir dhea-chleachtais maidir le hathbheochan agus le hathneartú mionteanga dhúchais i gcomhthéacs uirbeach. Ag tógáil ar an obair chlaochlaitheach a thit amach ar Bhóthar Seoighe, tá borradh faoin teanga ar fud na cathrach, agus an Ghaelscolaíocht mar chuisle leis an fhorbairt sin.

“Tá iliomad naíscoileanna agus Gaelscoileanna ar fud na cathrach, agus tá an mheánscoil Ghaeilge is mó in Éirinn, Coláiste Feirste, ag fás bliain i ndiaidh bliana. Tá na céadta i ndiaidh iarratais a dhéanamh le Halla na Cathrach chun a gcuid logainmneacha agus sráidainmneacha a chur in airde trí Ghaeilge agus ag an am céanna tá na mílte ag freastal ar ranganna oíche gach seachtain le grúpaí pobail in achan chearn den chathair. Is gluaiseacht athshlánaíoch teanga agus pobail í seo nach bhfuil a leithéid chéanna le fáil áit ar bith eile in Éirinn.

“Tá Conradh na Gaeilge millteanach bródúil bheith ábalta tacú le na hiarrachtaí athbheochana atá faoi lán seoil i láthair na huaire. Agus muid anois ag obair i dtreo chur i bhfeidhm na reachtaíochta nua teanga ó thuaidh, a mbeidh tionchar iontach dearfach aici ar phobal na Gaeilge agus eile.

“Tá céimeanna móra maithe tógtha chun tosaigh ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste Fosta le dornán beag blianta anuas ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de. Sa bhliain seo atá amach romhainn tá muid ag súil le polasaí nua Gaeilge atá láidir agus ceannródaíoch ann féin, mar aon le himeachtaí móra chun céiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge le Energia, i measc neart rudaí eile.

“Is mian linn ar mbuíochas a ghabháil leis an Ard-Mhéara agus leis an Chomhairle féin as ucht tacú lenár bhfís agus lenár gcuid oibre, as luach a chur linn mar eagraíocht mar aon leis an iliomad eagraiochtaí iontacha pobail atá ag cuidiú le Béal Feirste éagsúil, ildánach agus fáilteach.”

Arsa an Comhairleoir Murphy:

“In 2023, tá Conradh na Gaeilge ag comóradh 130 bliain ó cuireadh ar bun é agus tá lúcháir orm iad a fhógairt mar cheann de na carthanachtaí do mo théarma oifige.

“Le linn an ama seo, bhí an eagraíocht chun tosaigh i gcur chun cinn agus i gcosaint stair shaibhir na Gaeilge ar fud na cathrach, ról atá á fheidhmiú ag an Chonradh go fóill sa lá atá inniu ann.

“Mar chomhairle, tá muid tiomanta dá chinntiú go mothaíonn gach duine go bhfuil fáilte rompu sa chathair seo agus an éagsúlacht ag fás agus ag leathnú inti, mar chathair. Tá súil agam, agus mé ag obair lámh ar lámh le foireann dhíograiseach agus oibrithe deonacha Chonradh na Gaeilge, go dtig liom a bheith páirteach i scéal na Gaeilge a insint agus spreagadh a thabhairt do dhaoine eile an nasc níos leithne atá acu le hoidhreacht agus forbairt na cathrach seo a fhiosrú.”

Bhuail an tArdmhéara le hionadaithe ón charthanacht i Halla na Cathrach níos luaithe inniu agus chuala sé tuilleadh faoi na seirbhísí a chuireann siad ar fáil i mBéal Feirste faoi láthair, lena n-áirítear ranganna agus ceardlanna a chur ar fáil, obair le scoileanna, agus Seachtain na Gaeilge, an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge,
a eagrú le Energia.

CRÍOCH

ARNA EISIÚINT AG AN RANNÓG MHARGAÍOCHTA AGUS CHUMARSÁIDE, COMHAIRLE CATHRACH BHÉAL FEIRSTE

Le tuilleadh eolais a fháil agus fiosruithe ó na meáin déan teagmháil le:

Preasoifig, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste

Teil: 028 9027 0221

--------------------------------------------------------

Maidir le Conradh na Gaeilge:

Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Aithnítear an Conradh mar an eagraíocht Ghaeilge is sine in Éirinn agus i measc na n-eagraíochtaí mionteangacha is sine san Eoraip atá fós ag feidhmiú.

Tá breis agus 200 craobh den Chonradh ar fud an domhain. Bunaíodh an chéad Chraobh den eagraíocht i mBéal Feirste ar 19 Lúnasa 1895 in Uimhir 32, Bóthar Beersbridge Uachtar in Oirthear Bhéal Feirste.

Is an Dr John St Clair Boyd a bhunaigh an chéad chraobh seo sa chathair. Ba mháinlia péidiatraice mór le rá é Boyd, a bhí ina bhall d’Eaglais na hÉireann, agus eisean a chuir an t-ionad ar fáil don chruinniú; ceapadh é ina chéad chathaoirleach ar an chraobh fosta.

Sa lá atá inniu ann eagraíonn an Conradh ranganna Gaeilge, bíonn an eagraíocht gníomhach i mbun abhcóideachta ar son chearta teanga; ardaíonn muid feasacht maidir leis an Ghaeilge; agus eagraíonn siad Seachtain na Gaeilge le Energia gach bliain.

Ar na mallaibh ó thuaidh, aithnítear an eagraíocht mar gheall ar an ról a imríonn siad san fheachtas pobail ar son Acht na Gaeilge agus ar son pholasaithe Gaeilge sna Comhairlí Áitiúla agus sna húdaráis phoiblí.

----------------------------------------------- ---------

Teideal pictiúr

Bhuail Ard-Mhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Ryan Murphy, le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge i Halla na Cathrach inniu chun an eagraíocht Ghaeilge a fhógairt mar an cheathrú carthanacht agus an ceann deireanach aige le linn a théarma oifige.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.