Skip to main content

Láthair Ghaeltachta fógartha don fhéile cheoil is mó in Éirinn ag an bPicnic Leictreach

Láthair champála Gaeilge agus stáitse Gaelach sa Chollchoill mar chuid de Chroí na Féile

Clárúchán don Láthair Ghaeltachta | Clár na Féile sa Chollchoill → cnag.ie/EP

Beidh Croí na Féile, clár Ghaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge, faoi bhláth arís i mbliana ag an bPicnic Leitreach agus arís eile beidh deis ag lucht campála a bpubaill a chrochadh i gcomhluadar na nGael sa láthair oifigiúil champála, an Láthair Ghaeltachta.

CroínaFéile

Beidh an t-ardán Gaeilge, An Chollchoill, ar ais arís i mbliana, a dhéanfaidh ceiliúradh ar cheol, ar theanga agus ar chultúr na hÉireann le linn an deireadh seachtaine. Beidh meascán de cheol Gaelach agus ceol traidisiúnta ar stáitse na Collchoille idir 19:00 agus meán oíche. Beidh DJanna iontacha ar nós Ailbhe Ní Riain, grúpaí ceoil thraidisiúnta ar nós an Shandrum Céilí Band atá ag cur siamsaíocht ar fáil ag an bPicnic ó cuireadh tús leis an gCollchoill in 2018, chomh maith leis an ngrúpa iontach Bandia a bhfuil cáil orthu as a gclúdaigh Ghaeilge.

Tabharfaidh suíomh an champa deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid le linn an deireadh seachtaine. Tá An Láthair Ghaeltachta ann le deis a thabhairt do dhaoine an teanga a chur ag croí na féile agus taitneamh a bhaint as spás le campálaithe Gaeilge eile le linn an deireadh seachtaine, le ticéid díolta amach don láthair le blianta beaga anuas.

Ag labhairt faoin bhféile, dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Conradh na Gaeilge:

“Tá an Phicnic Leictreach ar cheann de na buaicphointí is mó ar fhéilire ceoil na bliana in Éirinn, a thugann na mílte duine le chéile le ceol, cultúr agus féiniúlacht a cheiliúradh. Tugann féiltí ceoil an deis dúinn ár bhféiniúlacht a chur in iúl i mbealach uathúil - agus cad is teanga ann ach do chuid féiniúlachta. Tá fás agus forbairt ag teacht ar an ardán agus ar an láthair champála ó bhí 2018 ann, agus táimid ag súil leis an bhfás sin a choinneáil ag dul le Picnic Leictreach 2023.

Sa Chollchoill, faoi chlúdach na gcrann agus solas na gealaí, is féidir teacht agus éisteacht le scoth an cheoil i rith an deireadh seachtaine. Ó DJanna go banríonacha drag, idir ghrúpaí traidisiúnta agus grupaí omóis na n-80idí, beidh clár na bliana seo ag treorú lucht na féile tríd an choill agus á chur faoi gheasa le ceol álainn agus bannaí spleodracha, le leithéidí The Len Collective, an Shandrum Céilí Band agus Bandia ar an ardán.”

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá Conradh na Gaeilge, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, tar éis an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh ag an bPicnic Leictreach ó bhí 2018 ann, agus táimid ag súil go mór le Croí na Féile a thógáil ar ais chuig an bhféile cheoil is mó in Éirinn i mbliana. Beidh deis ag daoine an Ghaeilge a bheith mar chroí na féile acu trí a bheith ag campáil sa Láthair Ghaeltachta agus trí a bheith linn leis an Ghaeilge a chloisteáil ar ardán na Collchoille don trí oíche.”

Tugann Conradh na Gaeilge cuireadh do lucht freastala na Picnice Leictrí teacht agus fanacht sa Láthair Ghaeltachta, áit a bheidh an Ghaeilge i réim mar phríomhtheanga labhartha agus ina mbeidh craic, cannaí agus comhluadar i measc Ghaeil na Féile.

Is féidir clárú don láthair champála Ghaeltachta ar Eventbrite ag:
https://www.eventbrite.com/e/lathair-champala-ghaeltachta-ag-an-bpicnic-leictreach-tickets-687975602547

Clárúchán ar oscailt ón lá inniu, 21 Lúnasa. Líon teoranta spásanna ar fáil.

TEAGMHÁIL:

Caolán Mac Grianna, Feidhmeannach Cumarsáide
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
6 Sráid Fhearchair, BÁC2

Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Feachtais Feasachta
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
6 Sráid Fhearchair, BÁC2

Ar líne: Twitter @cnag / Instagram @cnagaeilge // #PicnicLeictreach #CroínaFéile

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.