Skip to main content

“Deis caillte ag an Rialtas fís uaillmhianach phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chomhlíonadh agus meadú beag geallta i gCáinaisnéis an lae inné” - Conradh na Gaeilge

Is ionann caiteachas an Rialtais ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeltacht agus 0.17% den státchiste fós, mar a bhí anuraidh, agus an méadú caiteachais is lú le 4 bliana anuas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht fógartha ag an Rialtas inné

Fógraíodh i gCáinaisnéis 2024 inné, 10 Deireadh Fómhair 2023, go mbeidh €9m sa bhreis ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le caitheamh ar an Ghaeilge agus an Ghaeltacht le TG4 san áireamh, cothrom leis an 0.17% den státchiste a bhí ann anuraidh, in ainneoin éileamh ó 130+ grúpa pobail le céim a thógáil i dtreo 0.4% de chaiteachas an stáit.

Fógraíodh go mbeidh €4.8m sa bhreis curtha ar fáil do TG4 agus €4.2m sa bhreis curtha ar fáil do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i 2024.

Ag labhairt faoi Cháinaisnéis 2024, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Ag tarraingt ar an gcáinaisnéis seo, iarraidh ar Fhine Gael, ar Fhianna Fáil agus ar an gComhaontas Glas mar pháirtithe Rialtais uaillmhian a bheith acu i leith na teanga. Cuireadh an Plean Fáis os a gcomhair le taispeáint dóibh gur féidir leo fís nua a fhíorú dá mba mhian leo. Cé go bhfáiltíonn muid go mbeidh TG4 in áit níos fearr don bhliain seo chugainn, is gur cuireadh €4.2m ar fáil do scéimeanna áirithe, ní leor an méid atá déanta i ndiaidh dúinn boilsciú a ghlacadh san áireamh, agus feictear dúinn go bhfuil deis mhór caillte ag an Rialtas le i bhfad níos mó a dhéanamh.

Sa chomhthéacs gur fógraíodh breis agus €4 bhilliún le cur ar leataobh don chiste nua, Future Ireland Fund, fágtar muintir na Gaeilge agus na Gaeltachta ag fiosrú cad chuige nach bhfuil an toil ag páirtithe an rialtais maoiniú uaillmhianach a chur ar fáil don teanga agus don Ghaeltacht faoi mar a bhí breis is 130 eagraíocht Gaeilge agus Gaeltachta.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Ní dóigh linn gur leor an méid breise atá fógartha. Ní dóigh linn go bhfuil uaillmhian ag baint leis agus ní thagann sé leis na héilimh atá déanta ag breis is 130 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta sa Phlean Fáis a cuireadh os comhair an Rialtais le tamall anuas. Tá an caiteachas ón stát ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeltacht, mórán mar a bhí sé anuraidh, gafa ag 0.17% den státchiste. Is maith é go bhfuil maoiniú breise fógartha don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do TG4 sa cháinaisnéis inniu. Is fiú gach euro agus cent agus tá an maoiniú sin agus níos mó de dhíth. Arís, mar a bhí le blianta fada anois, tá easpa uaillmhéine léirithe ag an Rialtas seo don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Beimid ag obair, i bpáirt leis na grúpaí atá ag tacú leis an bplean, sna seachtainí agus sna míonna os ár gcomhair le dul i bhfeidhm ar an Rialtas le cothrom na Féinne a chur ar fáil agus an Plean Fáis a mhaoiniú mar is ceart gan mhoill.”

Tá cóip de An Plean Fáis ar fáil ag cnag.ie/plean.

TEAGMHÁIL:

Caolán Mac Grianna, Feidhmeannach Cumarsáide
6 Sráid Fhearchair, BÁC2 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí
6 Sráid Fhearchair, BÁC2 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta
6 Sráid Fhearchair, BÁC2 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide
202 Bóthar na bhFál, BT12 6AH | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

AR LÍNE: X @cnag / Instagram @cnagaeilge / #PleanFáis

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.