Skip to main content

Cosc curtha ag Comhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon ar chomhartha sráide dátheangach, d’ainneoin gur comhlíonadh gach critéir sa pholasaí dian

Sháraigh cónaitheoirí i gCnoc Chois Coille (Woodside Hill) gach bac a cuireadh os a gcomhair agus léirigh siad éileamh suntasach ar chomharthaíocht shráide dhátheangach. Tuigtear gur chaith ar a laghad 64 cónaitheoir vóta ar son an iarratais agus 3 chónaitheoir ina éadan, ach dhiúltaigh an Chomhairle don iarratas, rud a fhágann nach bhfuil siad ag feidhmiú de réir a bpolasaí féin.

Chuir Comhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon cosc ar iarratas ar chomhartha sráide dátheangach, d’ainneoin gur baineadh amach na tairseacha arda sa pholasaí féin agus gur chomhlíon na cónaitheoirí próisis chuí na Comhairle.

Faoi pholasaí sráidainmneacha reatha na Comhairle, is gá go mbeidh achainí tacaíochta sínithe ag 33% de chónaitheoirí ag tacú leis an iarratas. Chuir an cónaitheoir an achainí iomlán seo isteach chuig an Chomhairle i mí Mheán Fómhair 2022. Ina dhiaidh mhoill de 6 mhí, rinne an Chomhairle an suirbhé poist le gach cónaitheoir i gCnoc Chois Coille ag deireadh mhí Eanáir 2023.

Dar le critéir pholasaí sráidainmneacha na Comhairle, is gá go mbeidh tacaíocht 66% (⅔+) ó chónaitheoirí atá ar chlár toghthóirí na sráide chun go mbeidh rath ar an iarratas. Glactar leis muna dtugann cónaitheoir freagra ar an suirbhé poist go bhfuil an cónaitheoir sin in éadan an iarratais. Tá critéir an pholasaí cáinithe ag grúpaí teanga, eagraíochtaí neamhrialtasacha chearta daonna agus coistí maoirseachta ar chonarthaí éagsúla idirnáisiúnta le blianta beaga anuas.

In ainneoin na tairsí airde, bhain iarratas Chnoc Chois Coille an tacaíocht chuí amach agus glacadh leis go raibh sé bailí. Tuigtear gur chaith ar a laghad 64 cónaitheoir ar son agus 3 chónaitheoir in éadan an iarratais. Is é seo an chéad uair gur éirigh le hiarratas sa Chomhairle seo na critéir ar fad a chomhlíonadh; theip ar dhá iarratas roimhe seo an tacaíocht chuí a bhaint amach.

Sin ráite, i ndiaidh chruinniú den Chomhairle iomlán anocht, tugadh le fios gur dhiúltaigh Coiste Pleanála Chomhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon don iarratas. Daingníodh cinneadh an choiste pleanála anocht ag cruinniú den Chomhairle iomlán.

Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga le Conradh na Gaeilge:

“I dtús báire, tá an chuma ar an scéal go bhfuil polasaí na Comhairle go hiomlán bunaithe ar shean-pholasaí Chomhairle Chathair Bhéal Feirste, polasaí a ndearnadh uasdátú air anuraidh i bhfabhar pholasaí atá níos fórasaí agus níos oiriúnaí ó thaobh chearta mionlaigh de, atá ag teacht leis an dea-chleachtas ó Chomhairle na hEorpa agus na Náisiúin Aontaithe.”

“Tá frustrachas millteanach orainn, ní hamháin leis an mhoill shuntasach ó thaobh an iarratais féin, ach le diúltú na Comhairle cloígh lena bpolasaí féin, mar aon leis an neamhaird shoiléir atá á déanamh acu ar thromlach na gcónaitheoirí a chaith vóta ar son an iarratais. Sa chás seo, tuigtear go raibh ar a laghad 64 cónaitheoir i bhfabhar, agus nach raibh ach 3 chónaitheoir a chaith vóta ina éadan. D’ainneoin na taisearcha tacaíochta thar a bheith ard atá leagtha síos ag an Chomhairle chun go nglacfar le hiarratais ar chomharthaí sráide dátheangacha, ainneoin na n-ainneoin, d’éirigh leis.”

“Tá neart le foghlaim ónár logainmneacha faoi stair agus oidhreacht áite; agus an t-iarratas bailí seo anois diúltaithe ag Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon, ní hamháin gur chaill siad deis uathúil an Ghaeilge a cheliúradh agus a chur chun cinn, ach fosta, sa phróiseas sin, chaith siad amhras ar thiomantas na Comhairle a bpolasaí sráidainmneacha féin riamh a chomhíonadh. Is sampla eile é seo i scuaine fada d’iarrachtaí ag na páirtithe sin a chuireann i gcoinne chearta teanga, an DUP agus UUP go háirithe, a chur cosc agus bac ar an iarratas seo.”

“Beidh muid anois ag tacú le cónaitheoirí an cheantair réiteach a aimsiú fríd na cúirteanna.”

Dúirt Daniel Holder, Stiúrthóir ar an eagraíocht neamhrialtasach Coiste um Riar an Chirt (CAJ) atá lonnaithe i mBéal Feirste:

“Ba cheart gur chuir Comhaontú Aoine an Chéasta deireadh le polasaithe aonteangacha ‘Béarla amháin’ a chur cosc ar an Ghaeilge ó spásanna poiblí agus tús le cur chuige atá bunaithe ar éagsúlacht teangeolaíoch. Tugadh coimitmintí ar leith i gconarthaí éagsúla chearta daonna chun an Ghaeilge a chur chun cinn, coimitmintí maidir le logainmneacha agus comharthaíocht dhátheangach san áireamh, ach arís agus arís eile, cuireadh moill ar an chur i bhfeidhm.”

“Tá tairseacha tacaíochta an pholasaí seo ar na tairseacha is airde do chomharthaíocht shráide dhátheangach, cur chuige a tréigeadh i gcomhairlí eile. Ach fós féin, nuair a bhaintear na tairseacha seo amach, tá an chuma ar an scéal nach bhfuil an Chomhairle sásta cloígh lena bpolasaí féin.”

Nóta:

  • Rinneadh suirbhé le 95 cónaitheoir.
  • Is ionann an tairseach de ⅔ as an 95 agus 64 cónaitheoir a thugann freagra. Tuigtear gur baineadh an tairseach sin amach.
  • Tuigtear go raibh 3 chónaitheoir (3.1%) in éadan an iarratais.

Teagmháil:

Cusle Nic Liam
Comhordaitheoir Chearta Teanga, Conradh na Gaeilge
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Pádraig Ó Tiarnaigh
Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Daniel Holder
Stiúrthóir, Coiste um Riar an Chirt (CAJ)
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

Coiste um Riar an Chirt (CAJ)
Eagras neamhrialtasach é Coiste um Riar an Chirt (CAJ), a bunaíodh sa bhliain 1981, a dhéanann comhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta a bhaineann le cearta an duine a chur chun cinn agus a mhonatóiriú. Tuilleadh eolais: https://caj.org.uk/

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.