CEOL 2018
Is albam ceoil é CEOL 2018 le haistriúcháin Ghaeilge ar roinnt de na hamhráin is aitheanta faoi láthair! Tá an t-albam curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge & Raidió Rí-Rá i gcomhpháirtíocht le RTÉ 2fm & leis an láithreoir 2fm, Eoghan McDermott.
Tá CEOL 2018 le hEoghan McDermott seolta chuig gach scoil sa tír mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018! Seoladh an t-albam ar 26 Meán Fómhair 2018 le tacaíocht ó Kodaline agus bhí mír faoin seoladh ar nuacht RTÉ! Scaipeadh 350,000 cóip den albam ar dhaltaí meánscoile & seoladh cóip chuig gach bunscoil sa tír. Tá an t-albam ar fáil do mhic léinn trí na Cumain Ghaelacha & beidh comórtais ar siúl ar mheáin shóisialta Raidió Rí-Rá, Conradh na Gaeilge & 2fm le cóipeanna a bhuchan chomh maith.
Má tá Gaelchárta agat le cóid íoslódála do CEOL 2018, beidh tú in ann an cóid a úsáid le híoslódail a dhéanamh ar na hamhráin. Ní féidir gach cóid a úsáid ach uair amháin.
Seinnliosta CEOL 2018 le hEoghan McDermott:
Traic #1: Fáilte le Saoirse Ronan & Macklemore
Traic #2: Picture This - Is Sinne Óg (When we were Young) liricí anseo
Traic #3: JP Cooper - Amhrán an Fhómhair (September Song) liricí anseo
Traic #4: Kodaline - Ag Fadú d'Aidhme (Follow Your Fire) liricí anseo
Traic #5: John Gibbons le Soulé - Spéaclaí Gréine sa Bháisteach (Sunglasses in the Rain) liricí anseo
Traic #6: Gavin James - I gCónaí (Always) liricí anseo
Traic #7: Wheatus - Stócach Brocach (Tennage Dirtbag) liricí anseo postaer anseo
Traic #8: The Academic - Do Chroí Anocht (Bear Claws) liricí anseo
Traic #9: Parson James - Muid a Ghoid an Seó (Stole the Show) liricí anseo
Traic #10: Hudson Taylor - Mothaigh Arís É (Feel it Again) liricí anseo
Traic #11: The Coronas - Nílimid Bréagach (We Couldn't Fake it) liricí anseo
Traic #12: Wild Youth - Mé Sáite Ann (Cant Move On) liricí anseo
Traic #13: Chasing Abbey - Labhair Liom (Talk to Me) liricí anseo
Traic #14: Delorentos - Insan Nóiméad (In the Moment) liricí anseo
Traic #15: Sibéal le The Cranberries - Fuarú (Linger) liricí anseo
Traic #16: Seo Linn - Bain an Glas liricí anseo
Traic #17: Nóra & Jade - Fuil na nÓg (Buaiteoirí BEO 2017) liricí anseo
An bhfuil aon cheist agat faoi CEOL 2018? Seans maith go bhfuil an freagra anseo!
Acmhainní don Seomra Ranga
Ar mhaith leat úsáid a bhaint as amhráin CEOL 2018 sa seomra ranga? Tá ceisteanna cluastuisceana thíos do gach amhrán. Beidh neart ábhar eile anseo go luath.
Traic #1: Fáilte le Saoirse Ronan & Macklemore Traic #2: Picture This Traic #3: JP Cooper Traic #4: Kodaline Traic #5: John Gibbons le Soulé Traic #6: Gavin James Traic #7: Wheatus Traic #8: The Academic Traic #9: Parson James Traic #10: Hudson Taylor Traic#11: The Coronas Traic #12: Wild Youth Traic #13: Chasing Abbey Traic #14: Sibéal le The Cranberries Traic #15: Sibéal le The Cranberries Traic #16: Seo Linn Traic #17: Nóra & Jade
Tá an t-album CEOL 2018 le hEoghan McDermott mar chuid de shraith dlúthdhioscaí curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge agus ag Raidió Rí-Rá i gcomhpháirtíocht le RTÉ 2fm. Má tá tuilleadh eolais uait, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag