bliain na gaeilge 2018

An Gaelchárta 2018

 

Gaelchárta_banner.jpg

Is cárta beag plaisteach é an Gaelchárta lán le lascainí speisialta do dhéagóirí. Tá go leor lascainí ar an nGaelchárta i mbliana agus is féidir é a úsáid arís agus arís eile i siopaí agus gnólachtaí timpeall na tíre. 

Tá an Gaelchárta ar fáil do dhaltaí a ghlacann páirt i Seó Bóthair Chonradh na Gaeilge.

CEOL 2018: Tá cód speisialta ar gach Gaelchárta. Leis an gcód seo, beidh tú in ann an t-albam ceoil de chuid Raidió Rí-Rá CEOL 2018 le hEoghan McDermott a íoslódáil saor in aisce! Is gá íoslódáil a dhéanamh ar do ríomhaire & is féidir iad a aistriú chuig do ghuthán ansin. Ní féidir iad a íoslódáil díreach ar do ghuthán. Is féidir gach cód a úsáid uair amháin.

Má tá ceist agat faoin nGaelchárta, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

IMG_20180710_113504.jpg

Is gá go mbeidh Gaelchárta agat chun an lascaine a fháil. Tá na téarmaí & coinníollacha a bhaineann le gach lascaine thíos:

 

Supermacs:Béile Mór ar phraghas Meán

Cumann Lúthchleas Gael:Lascaine Mac Léinn

GameStop:Lascaine 5% ar bhogearraí.

The Grafton Barber: €9 ar bhearradh gruaige roimh 12:00.

KC Peaches: Lascaine 10%

Jump Juice: Lascaine 10%

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich: Lascaine 10% ar imeachtaí

TheMathsTutor.ie: Lascaine 20% leis an gcód CLISTE20

Ski Club of Ireland: Lascainí 10% ar an ngnáth praghas do mhic léinn:

ghas do Mic léinn & daoine óga: Ceacht amháin ar €35, 4 cheacht ar €100. Gheobhaidh tú lascaine 10% ar na praghsanna seo le do Ghaelchárta.

Quadventure: Lascaine 10%

Aran Island Ferries: Lascaine 10% do dhuine amháin le cárta NÓ Lascaine 20% do ghrúpaí le 10+ duine a bhfuil cárta acu

Dingle Oceanworld Mara Beo: Lascaine 10% ar thicéad laethúil

Pallas Karting / Pallas Paintball: Lascaine 20% ar Pallas Karting ag gnáthphraghas NÓ saorchead isteach go Pallas Paintball (gá íoc as na buillí) NÓ lasaine 20% combos a bhaineann le Pallas Karting agus Pallas Paintball

 

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge