An Coiste Gnó
Tá An Coiste Gnó ina ardchomhlacht cheannais ar Chonradh na Gaeilge ó Ard-Fheis go hArd-Fheis.
Tagann siad le chéile gach 6 - 8 seachtain agus pléitear dul chun cinn na heagraíochta, na feachtais Gaeilge, agus eile ann.
Is é nó í Uachtarán Chonradh na Gaeilge a bhíonn ina c(h)athaoirleach ar na cruinnithe.
Bíonn údarás ag an gCoiste Gnó plé le haighneas ar bith nó le ceist ar bith a bhaineann le smacht, le hairgeadas, le maoin, le haidhm, le cuspóirí nó le gnóthaí ar bith eile de chuid na heagraíochta faoi réir fhorálacha Bhunreacht Chonradh na Gaeilge.
Tá breith an Choiste Ghnó san uile ní a bhaineann le gnóthaí na heagraíochta ceangailteach ar gach ball, ar gach craobh agus ar gach coiste de chuid na heagraíochta.
Baill an Choiste Ghnó
Bíonn ina mbaill den Choiste Gnó:
- Uachtarán na heagraíochta arna thoghadh ag teachtaí eagraíochta agus teachtaí aonair na hArd-Fheise;
- Tánaiste na heagraíochta arna thoghadh ag an gCoiste Gnó;
- Teachta amháin thar ceann gach coiste cúige agus thar ceann gach coiste contae;
- Dáréag arna dtoghadh ag na teachtaí eagraíochta ag an Ard-Fheis;
- Beirt arna dtoghadh ag na baill aonair ag an Ard-Fheis;
- Teachta amháin thar ceann gach eagraíochta a thagann faoi scáth Chonradh na Gaeilge faoi réir an Bhunreachta;
- Triúr, ar a mhéid, a chomhthoghfar ag an gcéad chruinniú den Choiste Gnó tar éis na hArd-Fheise bliantúla.
Coiste Gnó an Chonartha 2020 - 2021
Áirítear na baill seo a leanas ar Choiste Gnó reatha Chonradh na Gaeilge:
Ainm | Tofa ag Ard-Fheis 2020 / Ionadaí Choiste Dúiche | |
Niall Comer | Ard-Fheis - Gach duine - Uachtarán | |
Paula Melvin | Ard-Fheis - Craobhacha - Tánaiste | |
Caoimhe Ní Ghriallais | Ard-Fheis - Craobhacha | |
Caoimhín Ó Dónaill | Ard-Fheis - Craobhacha | |
Clíodhna Ní Chorráin | Ard-Fheis - Craobhacha | |
Edel Ní Bhraonáin | Ard-Fheis - Craobhacha | |
Íte Ní Chionnaith | Ard-Fheis - Craobhacha | |
John Prendergast | Ard-Fheis - Craobhacha | |
John Ó Liodáin | Ard-Fheis - Ball Aonair | |
Mairéad Ní Fhatharta | Ard-Fheis - Craobhacha | |
Micheál Ó Raghallaigh | Ard-Fheis - Craobhacha | |
Osgur Ó Ciardha | Ard-Fheis - Ball Aonair | |
Pádraig Mac Fhearghusa | Ard-Fheis - Craobhacha | |
Síne Nic an Ailí | Ard-Fheis - Craobhacha | |
Tomás Mac Ruairí | Ard-Fheis - Craobhacha | |
Eibhlín Uí Mhorónaigh | Coiste Contae Tiobraid Árann | |
Máire Uí Ghairbhí | Coiste Contae Luimnigh | |
Rónán Mistéil | Coiste Contae Átha Cliath | |
Seán Ó Cionfhaola | Coiste Contae Mhaigh Eo | |
Risteard Pardi | Coiste Contae Chorcaí | |
Cliodhna Ní Dhufaigh | Coiste Contae BÁC 3ú leibhéal | |
Seán Antón Ó Conalláin | Coiste Ceantair | |
Donnchadh Ó hAodha | Dáil na Mumhan | |
Séamus Mac Dhaibhéid | Comhaltas Uladh | |
Breandán Ó Cathasaigh | Ógras | |
Aedín Uí Mhaoiléidigh | CLRG | |
Conchubhair Mac Lochlainn | Seachtain na Gaeilge |