Skip to main content

Bréagnú na Miotas


MythbustingBréagnú na 10 Miotas is mó faoin nGaeilge

Tá go leor miotas a bhaineann leis an nGaeilge, roinnt acu atá ar an bhfód leis na céadta bliain agus cinn eile ar cumadh iad as an nua le déanaí. Tá Conradh na Gaeilge ag obair le Colm Ó Broin chun an mí-eolas nó na ‘fíricí ailtéirneacha’ is coitianta faoin teanga a bhréagnú.

 

Mythbusting 2 webinar17 Aib

Bileog Eolais

Is féidir leat bileog eolais an fheachtais a íoschóipeáil pdfanseo nó cóipeanna crua a ordú ón gConradh.

Seo físeán den chaint TEDx a thug Colm ar an ábhar i Leabharlann Bhaile Uí Ruáin le déanaí:

Físéain

Miotas #1: "Is teanga mharbh í an Ghaeilge”

 

Léiríonn daonáirimh i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann go bhfuil roinnt Gaeilge ag 2 mhilliún duine. De réir suirbhé a rinne Millward Brown in 2015, tá muinín as a gcuid Gaeilge labhartha ag 1.2 milliún duine in Éirinn. Ó thaobh líofachta de, léiríonn Suirbhé na Gaeilge a rinne Amárach Research in 2013 go bhfuil beagnach 500,000 duine in ann comhrá a bheith acu i nGaeilge agus go bhfuil ‘cumas an chainteora dhúchais’ ag 150,000 duine. Tá i bhfad níos mó cainteoirí líofa ag an nGaeilge ná an chuid is mó de theangacha an domhain, fiú leis an bhfigiúr is ísle thuasluaite. De réir Ethnologue, togra teangeolaíochta, tá 7,000 nó níos lú cainteoirí ag leath de na teangacha ar domhan. Is léir mar sin go bhfuil an Ghaeilge beo.

Miotas #2: "Tá an iomarca focal Béarla sa Ghaeilge”

 

Creideann go leor daoine go bhfuil rud éigin greannmhar nó náireach faoin nGaeilge toisc go bhfuil focail aici a tháinig ón mBéarla nó ó theangacha eile, ar nós ‘lána bus’, ‘tacsaí’, ‘carr’ nó ‘teicneolaíocht’. Glacann teangacha focail ó theangacha eile an t-am ar fad áfach, agus déanann an Béarla é seo chomh maith. Tá an Béarla breac le focail a tháinig ón bhFraincis go háirithe. Is ann d'fhocail Bhéarla a tháinig ón nGaeilge fiú, ar nós ‘galore’ agus ‘Tory’. Níl aon rud aisteach faoi na focail a fuair an Ghaeilge ó theangacha eile – is rud normálta é, nó ‘normal’ mar a déarfadh lucht labhartha an Bhéarla, na Fraincise, na Spáinnise, agus eile.

Miotas #3: "Bheadh Éire ina tír bhocht dá labhróidis Gaeilge"

 

Is í Éire ceann de na tíortha is saibhre ar domhan, ach ceapann roinnt daoine go mbeadh muid níos boichte dá labhródh muid Gaeilge toisc nach mbeadh muid in ann trádáil le daoine i dtíortha eile. Má chreideann tú é seo, cuir an cheist bhunúsach seo ort féin – an bhfuil aon tír shaibhir ar domhan nach bhfuil an Béarla mar chéad theanga ag an bpobal? Léiríonn liosta domhanda den ollioncam náisiúnta (OIN) go bhfuil go leor tíortha saibhre ann nach labhraíonn Béarla mar chéad theanga. Tá roinnt acu níos saibhre ná Éirinn fiú – cosúil leis an Danmhairg agus an tSualainn. Go deimhin féin, tá siad níos saibhre ná Éire leis na blianta, rud a chiallaíonn nach raibh fadhbanna ollmhóra acu le dífhostaíocht agus eisimirce mar a bhí agus atá againn in Éirinn. Níl aon chúis nach bhféadfadh Éire a bheith saibhir agus rathúil ó thaobh na heacnamaíochta de dá mba rud é go raibh níos mó Gaeilge á labhairt againn.

Miotas #:4 “Níl ciall ar bith ag baint le fuaimniú ainmneacha Gaelacha”

Táthar ann a deir nach bhfuil aon chiall ag baint leis an gcaoi a fhoghraítear ainmneacha Gaeilge, agus nach gcloíonn ainmneacha cosúil le hOisín nó Saoirse le rialacha foghraíochta ná le loighic. Níl aon chiall áfach, le foghraíocht an Bhéarla a úsáid chun ainmneacha i dteanga eile, .i. an Ghaeilge, a fhuaimniú - sa chaoi chéanna nach n-úsáideann muid foghraíocht an Bhéarla chun ainmneacha Fraincise ar nós Francois nó Pierre a rá. Go deimhin féin, tá go leor ainmneacha Béarla nach cloíonn le foghraíocht an Bhéarla fiú, mar shampla, John, Sarah, Stephen, Graham. Tá a fhios againn conas na hainmneacha seo a rá toisc go bhfuil siad cloiste againn ó dhaoine eile. Is í seo an chúis chéanna go bhfuil daoine timpeall na cruinne in ann an t-ainm Seán a rá, in ainneoin gur ainm Gaeilge é nach cloíonn le foghraíocht an Bhéarla. Déanann ainmneacha Gaeilge a fhuaimnítear le foghraíocht na Gaeilge ciall.

Miotas #5: “Tá baint ag an nGaeilge leis an bpolaitíocht’”

Tá an Ghaeilge in úsáid ag daoine ó gach cúlra polaitíochta in Éirinn. Múintear ranganna Gaeilge i gceantair atá go traidisiúnta aontachtach agus poblachtánach i mBéal Feirste mar shampla, agus baineann cuairteoirí idirnáisiúnta ó pháirtithe polaitíochta éagsúla leas as an nGaeilge agus iad sa tír. D'aistrigh Uachtarán Obama a mhana cáiliúil 'Yes We Can' go 'Is Féidir Linn' agus é i mBaile Átha Cliath fad 's a labhair Banríon Éilis II Gaeilge nuair a tháinig sí ar chuairt stáit go hÉirinn. Ba réamhtheachtaí dá cuid, Banríon Éilís I, a chur an chéad leabhar i nGaeilge i gcló‘Faugh a Ballagh’ atá mar mhana ag Reisimint Éireannach na Banríona, buíon de chuid Arm na Breataine, a thagann ón nGaeilge ‘Fág an Bealach’. Tá teacht ar mhúrphictiúir i nGaeilge i lóistí Oráisteacha. Dúirt Dúbhghlas de hÍde, mac le ministir Eaglaise na hÉireann agus duine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge: "The Irish language, thank God, is neither Protestant nor Catholic, it is neither a unionist nor a separatist." Léiríonn sé seo gur féidir le daoine ó gach cúlra polaitiúil an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid, agus nach bhfuil seilbh ag aon dream uirthi.

Miotas #6: “Tá Gaelscoileanna éilíteach”

Tá os cionn 50,000 páiste ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht in Éirinn. Tá roinnt de na scoileanna seo lonnaithe i gceantair mheánaicmeacha agus ar chúis éigin, bíonn daoine áirithe ag maíomh gur oideachas scothroghnach, éilíteach, nó elitist í an Ghaelscolaíocht ar bhealach éigin dá bharr seo. Tá páistí ó gach aicme shóisialta in Éirinn ag freastal ar Ghaelscoileanna agus ar Ghaelcholáistí áfach. Tá os cionn leath de na bunscoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste lonnaithe i gceantair lucht oibre mar shampla. Is féidir é seo a fheiceáil má bhreathnaíonn tú ar na ceantair ina bhfuil siad lonnaithe ar www.gaelscoileanna.ie. Tá iarrachtaí déanta ag roinnt daoine le blianta beaga anuas fás na Gaelscolaíochta a mhíniú agus iad ag maíomh go bhfuil bunús ciníoch ag baint léi, .i. go seolann tuismitheoirí a gcuid páistí chuig Gaelscoileanna ionas nach mbeidh siad sa rang céanna le páistí gurb as tíortha eile iad a dtuismitheoirí. Cé go mb'fhéidir go bhfuil roinnt tuismitheoirí leis an tuairim seo de réir fhianaise staróige, tá sé claonta ann féin smál a chur ar gach tuismitheoir Gaelscoile de bharr a dhéanann mionlach acu. Is léiriú iad na scoileanna lán-Ghaeilge ar na pobail ina bhfuil siad lonnaithe, agus áirítear daltaí ó gach aicme agus cúlra in Éirinn i measc a scoláirí dá bharr. Freastalaíonn páistí ó níos mó ná 15 náisiúnacht éagsúla ar Choláiste Ghlór na Mara, Gaelcholáiste ilchreidmheach i mBaile Brigín. Ní hamháin go gcuireann Gaelscoil Nás na Rí i Nás na Ríogh córas carad i bhfeidhm le tacú le tuismitheoirí nach as Éirinn dóibh a chuireann a bpáistí chun na Gaelscoile, ach cuireann an scoil tacaíocht bhreise ar fáil do dhaltaí a thagann ag an nGaelscoil gan Béarla ná Gaeilge mar aon le ranganna Gaeilge do thuismitheoirí. Cuireann Gaeloideachas eolas faoi thumoideachas trí Ghaeilge ar fáil do thuismitheoirí i rogha teangacha, Fraincis, Rúisis, Polainnis, agus Portaingéilis san áireamh. Tá an Ghaelscolaíocht ar fáil agus oscailte do pháistí ó gach cúlra.

Miotas #7: “Ní chóir go mbeadh an Ghaeilge mar theanga de chuid an Aontais Eorpaigh”

 

Creideann daoine áirithe gur cur amú airgid é stádas oifigiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach, agus nach bhfuil ann ach cur i gcéill. De réir Ardstiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, fostaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh aistritheoirí agus ateangairí do na 24 teanga oifigiúla atá ag an Aontas agus caitear thart ar €1.1 billiún ar na seirbhísí teanga seo gach bliain; sin níos lú ná 1% de bhuiséad an Aontais. Is ionann costas iomlán na seirbhísí ilteangacha agus €2.20 in aghaidh na bliana do gach saoránach Eorpach - níos lú ná 5c in aghaidh na seachtaine - agus caitear sciar níos lú fós den mhéid seo ar an nGaeilge. Íocann Éire as an gciste aistriúcháin seo, is cuma más rud é go gcaitear aon airgead ar an nGaeilge nó mura gcaitear. Anuas air sin, ó bronnadh stádas oifigiúil ar an nGaeilge sa bhliain 2007, labhraíodh níos mó Gaeilge i bParlaimint na hEorpa ná an Eastóinis ná an Mháltais. Labhraíodh níos mó Gaeilge ná Laitvis i mblianta áirithe, teanga le 2 mhilliún cainteoir, agus níos mó ná Danmhairgis i mblianta eile, teanga le 5 mhilliún cainteoir. Is fíortheanga oibre de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge.

Miotas #8: “Níl an Ghaeilge in oiriúint don teicneolaíocht”

Tá GmailFacebookLinux, Whatsapp, Joomla!, Mozilla Firefox, agus Microsoft Office i measc na mbogearraí atá ar fail i nGaeilge. Aistríodh Twitter go thart ar 50 teanga, agus tá an Ghaeilge mar cheann acu. Tá 2.7 milliún duine tar éir an aip Duolingo a íoslódáil chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Cuireann Samsung thuarthéacs ar fáil i nGaeilge mar aon le rogha na Gaeilge mar theanga oibriúcháin ar a gcuid guthán cliste. Tá iliomad aip Ghaeilge ar fail ar Android agus iPhone chomh maith. Tá áitiúlú déanta ar Mozilla ag Kevin Scannell, Ollamh Matamaitice agus Eolaíocht Ríomhaireachta in Ollscoil St Louis sna Stáit Aontaithe, agus tá áiseanna cosúil le seiceálaí litrithe agus seiceálaí gramadaí forbartha aige, mar aon le foclóirí, teasárais agus innill aistriúcháin a thacaíonn leis an nGaeilge. Bhunaigh sé an grúpa Indigenous Tweets chun teangacha dhúchais agus mionteangacha a chur chun cinn ar na meáin shóisialta, agus fógraíodh in mí Aibreáin 2015 gur seoladh milliún teachtaireacht ar Twitter i nGaeilge. Tá an Ghaeilge i measc an 100 teanga is mó úsáide ar an idirlíon agus iomlán inúsáidte le, agus in oiriúint do theicneolaíocht nua-aimseartha na linne seo.

Miotas #9: “Bheadh Éire dúnta ón Domhan dá labhróidis Gaeilge amháin”


Creideann daoine áirithe go ndúnadh Éire an domhan mór amach nó go mbeadh sí cúngaigeanta ar bhealach éigin dá mba rud é gur labhair muid Gaeilge. Dá mbeadh aon fhírinne ina leithéid, bheadh os cionn 180 tír ar domhan an-dúnta agus cúngaigeanta freisin, toisc nach í an Béarla an chéad theanga atá acusan. Má tá Gaeilge agat, ní chiallaíonn sé sin nach féidir leat Béarla nó an iliomad teanga eile a labhairt nó a fhoghlaim le caidreamh a chothú le daoine ó thíortha eile. Go deimhin féin, léiríonn taighde go mbíonn daoine níos caoinfhulangaí agus níos tuisceanaí má fhoghlaimíonn siad teanga eile. Cothaíonn tumoideachas go háiritheníos mó tuisceana maidir le héagsúlacht chultúir agus laghdaíonn ciníochas i measc páistí.  

Miotas #10: Níl aon phoist ar fáil le Gaeilge"

Deirtear nach bhfuil mórán deiseanna ann an Ghaeilge a úsáid i ndiaidh dúinn críochnú ar scoil. Deirtear go minic nach bhfuil ach an mhúinteoireacht i ndán dóibh siúd a bhfuil spéis acu a gcuid Gaeilge a úsáid go laethúil. Ní fíor sin, ar ndóigh, mar go bhfuil iliomad deiseanna ann an Ghaeilge a úsáid sa saol oibre. Is féidir bheith mar aistritheoir, ag obair in Éirinn nó leis an Aontas Eorpach, agus tá ateangairí agus dlíodóirí le Gaeilge i gcónaí de dhíth.
Is féidir leis an nGaeilge tú a thógáil timpeall an Domhain, ach ná dearmad gur féidir post ar bith a dhéanamh in Éirinn le Gaeilge - Dochtúir, innealtóir, báicéir, aon phost faoin spéir!
Caith súil ar an bhfíseán le tuilleadh eolais a fháil.

 

Conclúid: “We don’t have to speak Irish”

Nuair atá na sliochtanna thuasluaite léite ag daoine tá seans go mbeadh siad ag rá – b’fhéidir go bhfuil an méid atá a scríofa fíor, ach i ndeireadh na dála, ní gá dúinn an Ghaeilge a labhairt. Agus bheadh an ceart ar fad acu – ní gá dúinn Gaeilge a labhairt. Ach ar an lámh eile, déanann daoine go leor rudaí sa saol toisc go bhfuil siad ag iarraidh iad a dhéanamh, ní de bharr gur ghá dóibh iad a dhéanamh. Ní leanann daoine foireann rugbaí na hÉireann toisc go bhfuil orthu iad a leanúint, mar shampla, nó toisc gurbh iad an fhoireann is fearr nó is siamsúla ar domhan – leanann siad foireann rugbaí na hÉireann toisc gur foireann rugbaí na hÉireann atá ann, agus sin bun agus barr an scéil. Is amhlaidh atá an scéal leis an nGaeilge - táimid bródúil as na nithe a chabhraíonn linn gnéithe dár gcultúr nó ár ngaol le hÉirinn a chur in iúl.

Is ball de Chonradh na Gaeilge é Colm Ó Broin agus tá sé gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath. Rinne sé sraith cainteanna a reáchtáil timpeall na tíre bunaithe ar an ábhar seo agus Seachtain na Gaeilge le Energia 2017 faoi lánseol. Féach sonraí na gcainteanna thuas.

Ábhar Sa Bhreis

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.