Spriocanna an Chiste:
Spriocanna Thánaisteacha an Chiste a thabharfar aird orthu sna hiarratais ar mhaoiniú:
Coinníollacha an Chiste:
* I 2021 chomhordaigh Seachtain na Gaeilge le Energia ciste de £150,000 le maoiniú ón Roinn Pobail ó thuaidh d’imeachtaí i rith Sheachtain na Gaeilge sna 6 chontae amháin. D’éirigh le 50 grúpa maoiniú a bhaint amach as an gciste sin
Ráiteas nuachta
Dáta: 09 Márta 2022
Lánchosc: Níl aon
“Ciste Spreagtha” de €150,000 fógartha le splanc a chur in imeachtaí Gaeilge sa phobal agus srianta na paindéime laghdaithe
Tá Seachtain na Gaeilge le Energia i mbun an chiste seo a riaradh, le leanúint len a cheiliúradh ar 120 Bliain den fhéile i 2022, agus tá an Ciste Spreagtha maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Táimid an-bhuíoch den Aire Stáit Jack Chambers agus den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as maoiniú fial a chur ar fáil do Sheachtain na Gaeilge le Energia le spreagadh a thabhairt d’úsáid na Gaeilge sa phobal i ndiaidh cúpla bliain deacair toisc na paindéime. Tabharfaidh an ciste seo spreagadh do ghrúpaí pobal laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht le himeachtaí sa phobal a eagrú arís agus na srianta a bhaineann leis an bpaindéim laghdaithe go mór mór. Beidh deis iontach ag grúpaí i rith Seachtain na Gaeilge le Energia 2022, agus í a ag ceiliúradh 120 bliain ar an saol, le cur isteach ar mhaoiniú chun imeacht mór a eagrú ina bpobal.”
Dúirt an tAire Stáit agus Príomhaoire an Rialtais, Jack Chambers, TD:
“Tá an-áthas ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an maoiniú seo a chur ar fáil do Sheachtain na Gaeilge le Energia le spreagadh a thabhairt sa phobal arís d’imeachtaí Gaeilge agus le daoine nua a mhealladh leis an teanga a bhlaiseadh i rith Sheachtain na Gaeilge agus sna seachtainí agus sna míonna beaga os ár gcomhair. Tuigim go bhfuil an phaindéim tar éis a bheith dúshlánach ach tá deis againn anois breathnú ar aghaidh agus clár spraíúil agus leathan a chur ar fáil don phobal agus an Ghaeilge ina chroílár, agus ag an am céanna, ceiliúradh a dhéanamh ar 120 bliain de Sheachtain na Gaeilge.”
Dúirt, Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge:
“Táimid ag súil go dtabharfaidh an Ciste Spreagtha splanc le daoine ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a mhealladh le freastail ar imeachtaí arís. Beidh béim faoi leith ann chomh maith le daoine a mhealladh nár ghlac páirt in imeachtaí ar líne i rith na paindéime toisc cúrsaí teicneolaíochta agus daoine eile ó chúlraí éagsúla nach mbíonn páirteach in imeachtaí Gaeilge go hiondúil. Is bealach iontach é an ciste tacaíochta seo freisin chun grúpaí a ghlacann páirt i Seachtain na Gaeilge le Energia a spreagadh chun leanúint ar aghaidh ag eagrú imeachtaí Gaeilge nó dátheangacha i ndiaidh na féile.”
Tá an Ciste Spreagtha ar oscailt do ghrúpaí pobail sna 26 contae ó dheas amháin agus is féidir iarratas a dhéanamh agus/nó breis sonraí a fháil ag an nasc: www.snag.ie/cs. Is é Déardaoin, 31 Márta, ag 17.00 r.n. an spriocdháta le hiarratas a chur isteach. Is féidir iarratais a dhéanamh le haghaidh imeachtaí a bheidh ag tarlúint idir 1 Aibreán & 30 Meitheamh 2022.
Bronnfar deontais de €1,000 ar na grúpaí a éiríonn leo maoiniú a bhaint amach ón gciste seo. Beidh clár imeachtaí faoi leith foilsithe leis na himeachtaí agus scaipfear sin ar an bpobal trí chéile.
TUILLEADH EOLAIS:
Orlaith Nic Ghearailt
Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, Feachtais Feasachta & Acmhainní Daonna, Conradh na Gaeilge
Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge
EOLAS DON EAGARTHÓIR:
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: