Skip to main content

Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Toghadh Ciarán Mac Giolla Bhéin mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis na heagraíochta i Loch Garman, 22 Feabhra 2025.

Rugadh agus tógadh Ciarán i mBéal Feirste, áit a raibh sé i measc an chéad ghlúin a fuair sé oideachas trí mheán na Gaeilge, ón naíscoil go dtí an Mheánscoil.

Chaith Ciarán seal ag teagasc i ngaelscoileanna agus 5 bhliana ag obair mar Bhainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge nuair a osclaíodh an oifig nua i mBéal Feirste i 2014.

Is urlabhraí agus ball gníomhach den Dream Dearg go fóill é. Le cúpla bliain anuas tá Ciarán fostaithe mar Chomh-ordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, in Iarthar Bhéal Feirste.

Is ball bunaithe do Ghlór na Móna é agus cathaoirleach reatha é ar an ghrúpa óige Fhóram na nÓg agus ar an chumann lán Ghaeilge CLG, Laochra Loch Lao.

“Is cúis ollmhór bhróid agus áthais dom ar bhonn pearsanta gur toghadh mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge mé ag Ard Fheis 2025. Tréaslaím le Paula Melvin, IarUachtarán an Chonartha, as a cuid oibre le 3 bliana anuas mar Uachtarán ar an eagraíocht. Tá baint agam, ar bhealaí éagsúla, leis an Chonradh le beagnach 20 bliain anuas. Toghadh ar an Choiste Gnó mé don chéad uair in 2005 agus chaith mé 5 bhliana mar bhainisteoir abhcóideachta ó thuaidh leis an eagraíocht nuair a osclaíodh an oifig úr i mBéal Feirste in 2014. Tá mé ag súil go mór leis an chéad chéim eile san aistear leis an ghluaiseacht speisialta seo agus creidim go bhfuil ról lárnach and guth tábhachtach ag Conradh na Gaeilge i dtaca leis na ceisteanna is mó atá os ár gcomhair mar shochaí, thuaidh agus theas, anois agus sna blianta beaga amach romhainn.

Smaoiním an deireadh seachtaine seo ar an Fheirsteach deiridh a chaith seal mar Uachtarán, Gearóid Ó Cairealláin, a toghadh sa ról 30 bliain ó sin, agus a leag amach clár radacach, fuinniúil agus spreagúil chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn. Smaoiníonn muid fosta ar Uachtarán eile a cailleadh ar na mallaibh, Pádraig Ó Snodaigh. Tá mé ag dúil go mór le tús a chur leis an chéad chaibidil eile anois san aistear sin, agus, tráth a bhfuil borradh ollmhór faoin teanga ar fud na cruinne agus dul chun cinn stairiúil déanta le cearta teanga úra thuaidh agus theas, le cinntiú go bhfuil gluaiseacht againn atá ábalta dúshlán láidir a thabhairt do na géarchéimeanna maoinithe agus tithíochta atá mar mhór-cheisteanna do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i láthair na huaire.”.


Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.


IAR-UACHTARÁIN CHONRADH NA GAEILGE (1893 ar aghaidh):

1893 - 1915 Dúbhglas de hÍde (An Chraoibhín Aoibhinn) (1860 - 1949)
1915 - 1916 Folúntas
1916 - 1919 Eoin Mac Néill (1867 - 1945)
1919 - 1922 Seán Ua Ceallaigh (Sceilg) (1872 - 1957)
1922 - 1925 Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) (1856 - 1942)
1925 - 1926 An Dr. Seán P. Mac Énrí (1862 - 1930)
1926 - 1928 Cormac Breatnach (1886 - 1956)
1928 - 1933 Mac Giolla Bhríde (An Tiarna Ashbourne) (1868 - 1942)
1933 - 1940 Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) (1856 - 1942)
1940 - 1941 Liam Ó Buachalla (1899 - 1970)
1941 - 1942 Seán Óg Ó Tuama (1912 - 1980)
1942 - 1945 Diarmuid Mac Fhionnlaoich (1903 - 1964)
1945 - 1946 Seán Mac Gearailt (1916 - 2004)
1946 - 1949 Liam Ó Luanaigh (1914 - 1998)
1949 - 1950 Diarmuid Mac Fhionnlaoich (1903 - 1964)
1950 - 1952 Annraoi Ó Liatháin (1917 - 1981)
1952 - 1955 Seán Mac Gearailt (1916 - 2004)
1955 - 1959 Tomás Ó Muircheartaigh (1907 - 1967)
1959 - 1965 Micheál Mac Cárthaigh (1911 - 1983)
1965 - 1968 Cathal Ó Feinneadha (1928 - 2015)
1968 - 1974 Maolsheachlainn Ó Caollaí (1939)
1974 - 1979 Pádraig Ó Snodaigh (1935-2025)
1979 - 1982 Albert Fry (1940 - 2021)
1982 - 1985 Micheál Ó Murchú (An Gabha Gaelach) (1918 - 1990)
1985 - 1989 Íte Ní Chionnaith (1953)
1989 - 1994 Proinsias Mac Aonghusa (1933 - 2002)
1994 - 1995 Áine de Baróid (1950)
1995 - 1998 Gearóid Ó Cairealláin (1957-2024)
1998 - 2003 Tomás Mac Ruairí (1939 - 2023)
2003 - 2004 Séagh Mac Siúrdáin (1958)
2004 - 2005 Nollaig Ó Gadhra (1943 - 2008)
2005 - 2008 Dáithí Mac Cárthaigh (1968)
2008 - 2011 Pádraig Mac Fhearghusa (1947)
2011 - 2014 Donnchadh Ó hAodha (1944)
2014 - 2017 Cóilín Ó Cearbhaill (1975)
2017 - 2022 Niall Comer (1975)
2022 - 2025 Paula Melvin (1992)
2025 -> Ciarán Mac Giolla Bhéin (1984)

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.