‘Nuair a shroichtear mullach an tsléibhe is fiú an dreapadh an radharc’: Uimhir 6 athfhorbartha ar an tslí
Ag obair i dtreo Lárionad Gaeilge na Cathrach, le níos mó seirbhísí agus áiseanna ná riamh, a bheith ar fáil don phobal laistigh de 3 bliana.
Tosófar ar fhorbairt Uimhir 6, Sráid Fhearchair, roimh dheireadh mí Meán Fómhair 2024 agus táthar ag súil go mbeidh an Lárionad Gaeilge sa phríomhchathair forbartha laistigh de 3 bliana.
San idir linn beidh Conradh na Gaeilge, An Siopa Leabhar, Oireachtas na Gaeilge, Baile Átha Cliath le Gaeilge, Seachtain na Gaeilge le Energia, Raidió Rí-Rá agus grúpaí eile atá lonnaithe in Uimhir 6 ag feidhmiú ó lonnaíocht eile sa chathair atá á shocrú faoi láthair. Beidh Club Chonradh na Gaeilge imithe ón bhfoirgneamh chomh maith agus ag feidhmiú le hoícheanta ‘Pop-Up’ rialta sa trí bliana atá romhainn agus an fhorbairt úr ag dul ar aghaidh.
Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Tá sé deacair creidiúint go bhfuil an t-am tagtha le hUimhir 6 a fhágáil ar feadh tréimhse ghairid chun an lárionad a fhorbairt tar éis a bheith ag caint faoi seo le 20 bliain anuas. Beidh dúshláin ann do gach grúpa atá lonnaithe sa teach, agus tuigimid go mbeidh daoine a bhaineann úsáid as Uimhir 6 thíos leis sa chéad 3 bliana eile ach táimid cinnte gur fiú an tairbhe an trioblóid. ‘Nuair a shroichtear mullach an tsléibhe is fiú an dreapadh an radharc’ Freastalófar i bhfad níos fearr ar phobal na Gaeilge sa chathair nuair a bheidh an fhorbairt curtha i gcríoch. Táimid an-bhuíoch don chomhpháirtíocht leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán agus le hOifig na nOibreacha Poiblí leis an bhforbairt seo ar fad a chur i gcrích.”
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:
“Táimid ar bís go bhfuil muid anois ag an gcéim gur féidir linn tús a chur leis an bhforbairt iontach seo, tionscadal claochlaitheach a chuirfidh breis seirbhísí agus áiseanna Gaeilge fáil don phobal sa chathair. I measc na n-áiseanna nua a bheidh ann in Uimhir 6 beidh caifelann, ionad ilúsáide, amharclann, agus neart eile le cur leis na seirbhísí reatha ón lárionad. Chomh maith leis sin ar fad, beimid ag obair le geallsealbhóirí éagsúla ó cheantar Shráid Fhearchair, Sráid Camden, Sráid Synge agus eile leis an gCeathrú Gaeilge i mBaile Átha Cliath a fhorbairt a fhad is atá an obair ag dul ar aghaidh in Uimhir 6.”
Críoch