Skip to main content

‘Gradam an Uachtaráin’ le bronnadh ar Rónán Mac Aodha Bhuí ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo

‘Gradam speisialta do dhuine speisialta’ a deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus deis iontach ‘Ciste Tacaíochta Rónáin’ a chur chun cinn

Fundraiser launched for renowned Irish language broadcaster and journalist

 

Beidh Gradam an Uachtaráin le bronnadh ar Rónán Mac Aodha Bhuí, craoltóir aitheanta RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo, 24-26 Feabhra, mar chuid d’Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a bheidh ag titim amach in Óstán Chúirt na Mainistreach, An tAonach, Tiobraid Árann. Duais bhliantúil is ea é ‘Gradam an Uachtaráin’ a bhronntar ar dhuine ar leith a bhfuil éachtaí déanta acu ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. 

 

Ag labhairt inniu, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin:

 

“Bhí áthas ollmhór orainn nuair a ghlac Rónán leis an duais ag tús Feabhra i mbliana. Níl léamh, scríobh nó hinse béil ar an tionchar a imríonn Rónán orainn mar phobal. Is ceannródaí teanga agus pobail é, a sheasann linn i gcónaí ar son cearta teanga agus ar son cearta na Gaeltachta. Bhí Rónán mar aoi speisialta againn ag an mhór-shiúil ‘Dearg le Fearg’ i mBaile Átha Cliath in 2014, agus bhí sé mar chrann taca arís agus arís eile leis an ghluaiseacht cearta teanga ó thuaidh, go háirithe ag na Laethanta Dearga a thit amach thar na blianta. Ní hamháin sin ach tá Rónán tar éis muid a spreagadh go mion minic ar Raidió na Gaeltachta agus sna imeachtaí siamsaíochta eagraithe aige idir an Cabaret Craiceáilte, na Féilte Craiceáilte agus eile tríd na blianta. Ar ndóigh, tá an scéala faighte againn ar fad le déanaí faoin streachailt mhór atá roimh Rónán le tinneas, agus chonaic muid uilig an tacaíocht dhochreidte atá ag teacht ón phobal le seachtain anuas. Seasann Rónán linn i gcónaí, agus seasfaidh muid agus pobal na Gaeilge leis anois. Is gradam speisialta é seo i mbliana atá le bronnadh ar dhuine speisialta. Tugann sé seo deis iontach dúinn an feachtas tiomsaithe airgid, Ciste Tacaíochta Rónáin, atá faoi lán seoil a roinnt lenár gcairde uilig ag an Ard-Fheis agus níos faide i gcéin. Tacaímis uilig le Rónán.”

 

Beidh Gradam an Uachtaráin le bronnadh ar Rónán oíche Shathairn 25 Feabhra ag 9.00i.n. Cé nach mbeidh Rónán féin i láthair, beidh gach duine i gConradh na Gaeilge ag smaoineamh air sa tréimhse atá romhainn. 

 

Is féidir tacú le Ciste Tacaíochta Rónáin anseo: https://t.co/65opYAHjbM

 

TEAGMHÁIL

 

Is féidir teacht ar chlár iomlán na hArd-Fheise, ar na rúin agus tuairiscí ón eagraíocht anseo:: https://cnag.ie/images/Ard-Fheis/2023_Leabhar_Ard-Fheis_RP_Uasd%C3%A1t%C3%BA_A-compressed.pdf  

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.