Aontú an Rí: ‘Clochmhíle stairiúil eile’ do phobal na Gaeilge agus Bille Teanga Westminster curtha ina Acht oifigiúil sa dlí inniú

Beidh ceapadh an Choimisinéara Ghaeilge ag an Rúnaí Stáit ar an chéad scrúdú litmis den dlí úr

DSC_4226.jpg

 

Thug Conradh na Gaeilge freagra ar an nuacht inniu bhfuil an reachtaíocht Ghaeilge a gealladh sa chomhaontú ‘Ré Nua Cur Chuige Nua’ curtha fríd na céimeanna deiridh agus ‘Aontú an Rí’ bainte amach faoi dheireadh. Tá an Bille Teanga anois ina Acht Teanga. 

Cruthóidh an bille oifig úr do Choimisinéir Gaeilge, a mbeidh sé mar dhualgas air caighdeáin dhea-chleachtais a fhorbairt d’údáráis phoiblí, mar aon le haisghairm a dhéanamh ar an Acht um Riar an Cheartais 1737, reachtaíocht a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna anseo. 

I bhfolús an Fheidhmeannais ó thuaidh, titeann an fhreagracht maidir le feidhmiú agus cur i bhfeidhm an bhille ar Rúnaí Stáit na Breataine. Beidh bunú Oifig an Choimisinéara Gaeilge agus ceapadh an Choimisinéara le socrú ar dtús báire, sulár féidir aon ní eile sa reachtaíocht féin a fheidhmiú mar is cuí. 

Ag labhairt inniu, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin:

“Tá pobal na Gaeilge ag troid ar son na gceart seo le blianta fada agus chuige sin, tá sé stairiúil go mbeidh aitheantas oifigiúil maidir le stádas na Gaeilge anseo don chéad uair. Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt do na gníomhaithe agus na ceannródaithe pobail sin a throid go dúthrachtach ar son chearta teanga i gcaitheamh na mblianta. Níl sa lá inniu áfach ach clochmhíle stairiúil eile ar an aistear mór seo. Ní cheannscríbe é seo, agus throid muid go láidir le blianta beaga anuas chun leasuithe a dhéanamh ar an bhille seo. Leanfaidh muid orainn leis an troid sin agus beidh muid ag obair ón lá inniu ar aghaidh leis an bhille seo a láidriú agus a neartú chun go mbeidh reachtaíocht láidir cheart-bhunaithe againn don Ghaeilge ó thuaidh, atá ag teacht le treoir agus le caighdeán ard idirnáisiúnta. Ach, bímis soiléir anseo, níl aon cheann scríbe baint amach againn fós. Tosaíonn muid anois ag gníomhú i dtreo fheidmiú iomlán an bhille. Léirigh an taithí phianmhar a bhí againn le Rialtas na Breataine go dáta nár cheart dúinn talamh slán a dhéanamh d’aon chuid den obair seo fós - níl muid ann fós. Go dtí go bhfeiceann muid achtú agus cur i bhfeidhm iomlán an bhille seo, leanfaidh muid orainn leis an fheachtas mhór ar son chearta teanga.” 

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Éilíonn muid díreach ar Rúnaí Stáit na Breataine feidhmiú na reachtaíochta seo a thoiseacht láithreach agus leis an obair chuí a dhéanamh le hiomlán an Bhille a chur i bhfeidhm gan a thuilleadh moille. Is iad bunú Oifig an Choimisinéara Gaeilge agus ceapadh an Choimisinéara na chéad chéimeanna atá riachtanach chun gur féidir linn bogadh ar aghaidh leis na codanna eile. Caithfidh an dá rud sin tarlú láithreach. Amharcfaidh pobal na Gaeilge ar chur i gcrích na gcéimeanna sin mar scrúdú litmis ar toil Rialtas na Breataine i leith na Gaeilge. Tá Rialtas na Breataine i ndiaidh cumhachtaí úra a thabhairt daofa féin chun gur féidir leo an reachtaiocht seo a fheidhmiú. Ón chéad lá, agus muid gan aon fheidhmeannas, titeann sé orthu na cumhachtaí áirithe sin a úsáid. Gan an gníomh láithreach sin, ní fiú faic í an reachtaíocht seo. Beidh pobal na Gaeilge ag súil le hathruithe móra ón bhille úr a chuideoidh leo siúd a roghnaíonn a saol a chaitheamh trí Ghaeilge an fhís sin a bhaint amach. Is é sin an ceann scríbe.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh r-phoist a chosaint ó spambots. Ní mór duit JavaScript a chumasú chun féachaint air.