#Gaelvóta ó thuaidh #LE23
Coimitmintí don Ghaeilge Sna Toghcháin Áitiúla 2023
Tá tábhacht ar leith le comhairlí áitiúla maidir le dualgais an stáit i leith phobal na Gaeilge a chomhlíonadh. Tá údarás ag comhairlí i dtaca le ceisteanna éagsúla amhail comharthaí sráide agus forbairt phobail. Tá ról acu i ngníomhaíochtaí cultúrtha agus oidhreachta, agus trína gcuid brandála féin agus trí na seirbhísí ina gceantar áitiúil is féidir leo an teanga a chur chun cinn go mór.
Agus na toghcháin áitiúla ag teacht aníos, tá muid ag fiosrú sheasamh na bpáirtithe agus na n-iarrthóirí neamhspleácha ar 5 bheartas maidir le cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge. Chuaigh muid i dteagmháil le gach páirtí agus gach iarrthóir neamhspleách, ag ceistiú a seasaimh ar an 5 bheartas. Tá seasamh na bpáirtithe agus na n-iarrthóirí ar fáil thíos.
Bileog dhátheangach maidir le Coimitmintí don Ghaeilge Sna Toghcháin Áitiúla 2023 (PDF)
Torthaí #Gaelvóta
Comhairle | Líon Iomlán Suíochán | Ar son #Gaelvóta | Nach bhfuil Báúil | Céatadán ar son % |
---|---|---|---|---|
Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin | 41 | 35 | 6 | 85% |
Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSrátha Báin | 40 | 32 | 8 | 80% |
Comhairle Cathrach Bhéal Feirste | 60 | 43 | 17 | 72% |
Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí | 40 | 27 | 13 | 68% |
Comhairle Ceantair Lár Uladh | 40 | 27 | 13 | 68% |
Comhairle Ceantair Chósta an Chlocháin agus na nGlinnte | 40 | 20 | 20 | 50% |
Comhairle Ceantair Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon | 41 | 20 | 21 | 49% |
Comhairle Ceantair Lios na gCearrbhach agus an Chaisleáin Riabhaigh | 40 | 19 | 21 | 48% |
Comhairle Ceantair Aontroma agus Bhaile Nua na Mainistreach | 40 | 18 | 22 | 45% |
Comhairle Ceantair an Dúin Thuaidh agus na hArda | 40 | 15 | 25 | 38% |
Comhairle Ceantair Lár agus Oirthear Aontroma | 40 | 11 | 29 | 28% |
Éilimh #LE23: 5 choimitmint do phobal na Gaeilge sna comhairlí áitiúla.
1. Glac le polasaí agus Straitéis don Ghaeilge
Go mbíonn polasaí agus straitéis chuimsitheach Ghaeilge ag an Chomhairle atá ag teacht le dualgais na Comhairle faoin Chairt Eorpach agus faoin Acht Féiniúlachta agus Teanga (2022). |
Go mbunófar fóram pobail le pobal na Gaeilge agus go lorgófar ionchur ó phobal na Gaeilge go leanúnach i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm aon pholasaí/straitéis don Ghaeilge sa Chomhairle. |
Go mbunófar grúpa oibre de chomhairleoirí tofa chun monatóireacht agus moltaí a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an pholasaí/na straitéise Gaeilge |
2. Soláthar seirbhísí i nGaeilge
Go ndéanfar poibliú cuimsitheach ar sheirbhísí Gaeilge na Comhairle ar bhonn rialta go dátheangach. |
>Go nglacfar bearta réamhghníomhacha chun dul i ngleic le leatrom nó leithcheal i gcoinne na Gaeilge. |
Go gcomhlíonfar gach caighdeán teanga a bhronnann an Choimisinéir úr Ghaeilge ar an chomhairle ina iomláine. |
3. Cuir áiseanna ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú
Go mbunófar/gcinnteofar scéim deontais ar leith do Sheachtain na Gaeilge chun tacú le grúpaí ar mian leo imeachtaí a eagrú mar chuid den fhéile. |
Go mbunófar scéim deontais ar leith sa Chomhairle do ghrúpaí Gaeilge ar mian leo imeachtaí forbartha pobail a eagrú. |
Go mbunófar scéim scoláireachtaí ar leith do dhaoine, idir óg agus aosta, chun freastal ar chúrsaí Gaeltachta. |
4. Méadaigh feiceálacht na Gaeilge
Go mbíonn polasaí sráidainmneacha ag an Chomhairle atá bunaithe ar an dea-chleachtas (cinneadh bunaithe ar thacaíocht ó mhóramh simplí de fhreagróirí nó 15% de chónaitheoirí sa tsuirbhé sráide). |
Go mbíonn an Ghaeilge níos feiceálaí sa Chomhairle trí chéile, go háirithe ar chomharthaí, i spásanna poiblí (mar shampla páirceanna, sólanna, foirgnimh de chuid na Comhairle) agus ar ábhair mhargaíochta nó bhrandála na Comhairle. |
Nach nglactar le hargóintí i gcoinne na comharthaíochta dátheangaí má tá siad bunaithe sa seicteachas. |
5. Ardaigh feasacht agus gabh i ngleic le claontacht
Go n-eagraítear imeachtaí agus ceardlanna sa phobal, leis an aidhm caoinfhulaingt, tuiscint agus feasacht ar an Ghaeilge a mhéadú. |
Go n-ardófar feasacht i measc fhoireann na Comhairle ar a ndualgais faoin Chairt Eorpach agus faoin Bhille Féiniúlachta agus Teanga trí chúrsa oiliúna. |
Go dtabharfaidh an Chomhairle faoi fheachtas cuimsitheach ardaithe feasachta, leis an aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn. Bainfear seo amach trí úsáid na meán sóisialta agus fógraíocht ar ardáin agus foilseacháin inmheánach agus seachtrach na Comhairle. |
Caidé a deir Conradh na Gaeilge →
Iarrthóirí i do Cheantar
Scríobh chuig na hiarrthóirí áitiúla i do thoghcheantar féin leis na héilimh seo a chur chun cinn leo: https://www.dearg.ie/ga/uirlisi/gaelvota
Seasamh na bPáirtithe
Is féidir le haon pháirtí nó le hiarrthóir ar bith teagmháil a dhéanamh linn ag
Seo a leanas mar d'fhreagair na páirtithe ár gcuid ceisteanna maidir leis na héilimh don toghchán (PDF ar fáil anseo fosta).
Maidir leis na páirtithe sin a dúirt "Eile", seo tuilleadh eolais a chuir siad ar fáil:
- Páirtí Sóisialach TÉ: Eolas breise tugtha
- Rogha Lucht Oibre Tras-phobail: Eolas breise tugtha
- Páirtí na nOibrithe: Eolas breise tugtha
Más mian leat aon eolas maidir le freagra aon cheann de na hiarrthóirí neamhspleácha, cuir rphost chugainn ag
Tá na beartais seo ag teacht le tuarascáil imscrúdaithe de chuid Chonradh na Gaeilge, i gcomhar leis an CAJ agus Ollscoil Uladh, ‘Comhairlí Áitiúla, Dualgais agus an Ghaeilge: Creatlach Comhlíonta’ (Márta 2019), a sheol Coimisinéir Teanga na Breataine Bige. Is bunchlocha aitheanta iad na beartais seo chun comhlíonadh na ndualgas idirnáisiúnta a chinntiú, de réir mar a leagtar iad amach sna conarthaí agus sna huirlisí idirnáisiúnta seo a leanas: An Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh (2001), An Creatchoinbhinsiún um Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint, Comhaontú Aoine an Chéasta (1998), Comhaontú Chill Rímhinn (2006) agus an tAcht Féiniúlachta agus Teanga (2022). Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Chonradh na Gaeilge.