Skip to main content

#Gaelvóta - 7 bPáirtí ag tacú le héilimh #Gaelvóta maidir le cur chun cinn agus cosaint na Gaeilge sna toghcháin áitiúla ó thuaidh

“Easpa measa léirithe ag na páirtithe aontachtacha arís agus iad ag diúltú freagra a thabhairt ar choimitmintí don Ghaeilge roimh #LE23”

Tá feachtas toghchánaíochta #Gaelvóta de chuid Chonradh na Gaeilge seolta inniu, Déardaoin 4 Bealtaine, ag Áras na bhFál i mBéal Feirste. Beidh na toghcháin áitiúla ag titim amach ó thuaidh Déardaoin 18 Bealtaine 2023. Le linn Aibreáin, rinne Conradh na Gaeilge teagmháil roinnt uaireanta le gach páirtí agus le gach iarrthóir neamhspleách ó thuaidh chun a seasaimh a fháil ar 5 choimitmint don Ghaeilge.

Mar chuid den fheachtas #Gaelvóta lorgaíodh coimitmintí toghchánaíochta ar na ceisteanna teanga seo a leanas in achan chomhairle áitiúil ó thuaidh:

    1. Glacadh le polasaí agus Straitéis don Ghaeilge sa Chomhairle;
    2. Seirbhísí a shólathar i nGaeilge;
    3. Áiseanna a chur ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú;
    4. Feiceálacht na Gaeilge a mhéadú sa cheantar comhairle;
    5. Feasacht a ardú agus dul i ngleic le claontacht.

Thacaigh 8 bPáirtí le tromlach na n-éileamh thuasluaite: Aontú, Páirtí na Comhghuaillíochta, Páirtí Glas, SDLP, Sinn Féin agus Pobal Seachas Brabús, Páirtí Poblachtach Sóisialach na hÉireann, Páirtí Sóisialach TÉ, mar aon le roinnt iarrthóirí neamhspleácha.

Faoi am foilsithe an ráitis seo inniu, 4ú Bealtaine 2023, ní bhfuarthas aon fhreagra ó aon cheann de na páirtithe aontachtacha (DUP, UUP, TUV, PUP), ó pháirtí na nOibrithe nó ó Rogha Lucht Oibre Tras-phobail. 

Agus cruinniú an lae inniu thart, dúirt Michaeline Donnelly, Tanáiste, Conradh na Gaeilge:

“Agus muid anois i ré na reachtaíochta úire don Ghaeilge ó thuaidh, is údar dóchais dúinn é go bhfuil tromlach na bpáirtithe ó thuaidh ag tacú leis na héilimh Ghaeilge sa toghchán áitiúil. Aithnímid go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag roinnt comhairlí le blianta beaga anuas ó thaobh na Gaeilge de, ach má tá muid iomlán ionraic, tá bealach fada fós le dul. Tá súil againn go gcuideoidh na coimitmintí atá faighte againn ó thromlach na bPáirtithe leis an phobal agus iad ar lorg breis seirbhísí, breis feiceálachta agus breis áiseanna don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge.”

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhchóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Beidh muid ag súil leis go mbeidh Coimisinéir Gaeilge úrnua againn anseo ó thuaidh mar thoradh díreach ar an reachtaíocht nua ach níor cheart go mbeadh aon Chomhairle áitiúil ag fanacht le teacht chun cinn caighdeáin teanga an Choimisnéara. Idir an dá linn, tá go leor ar féidir leis na Comhairlí a dhéanamh chun an teanga a chosaint, a chur chun cinn agus a chur san áireamh ina gcuid polasaithe. Ba mhaith linn go mbeidh páirtithe agus polaiteoirí aonair ag plé go minic le grúpaí agus le heagraiochtaí Gaeilge, ag éisteacht lena gcuid éileamh agus riachtanas agus ag glacadh cinntí fórasacha sna comhairlí chun cás na Gaeilge láidriú i gcónaí.” 

Is féidir gach eolas maidir le #Gaelvóta, seasamh na bpáirtithe agus tuilleadh eolais maidir leis na coimitmintí: cnag.ie/gaelvóta

TEAGMHÁIL

Pictiúr: https://we.tl/t-QzdBQWNDnr 

Gaelvóta_TÁ23_LE23.jpeg

Cur Síos: Ionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge ag seoladh #Gaelvóta lasmuigh de Chultúrlann McAdam Ó Fiaich inniu. 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.