Skip to main content

Acht Gaeilge ó Thuaidh

Posted in Feachtais Reatha.

Acht Anois!Uasdátú: An Bille Féiniúlachta agus Teanga (TÉ)

Ar an 25ú Meitheamh 2022, d’fhógair Rialtas na Breataine go mbeadh an reachtaíocht Ghaeilge a gealladh faoin chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua á tabhairt isteach i Westminster. Bhí gach mír den reachtaíocht, mar a bhain leis an Ghaeilge, le bheith i bhfeidhm laistigh de 100 lá ón chomhaontú. Níor tharla seo.

I ndiaidh don Fheidhmeannas an spriocdháta seo a chailleadh, d’fhógair iar-Rúnaí Stáit na Breataine, Brandon Lewis, go ndéanfadh sé an reachtaíocht don Ghaeilge a achtú i mí Dheireadh Fómhair 2021 má theip ar an Fheidhmeannas é seo a dhéanamh roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair 2021. Cailleadh an dá spriocdháta seo agus go fóill, níor achtaíodh aon reachtaíocht. 

B’ionann fógra Rialtas na Breataine i mí an Mheithimh 2022 agus cloch mhíle shuntasach ar an aistear leanúnach ar son chearta teanga; don chéad uair riamh, bhí an Ghaeilge le bheith aitheanta agus bheadh ann di sa dlí. Ó glacadh isteach an reachtaíocht i mí an Mheithimh, sháraigh an bille Teach na dTiarnaí, an Chéad Léamh, an Dara Léamh, Céim an Choiste, Céim na Tuarascála agus an Tríú Léamh. I rith na gcéimeanna seo ar fad, tá Conradh na Gaeilge ag obair go leanúnach le hionadaithe ó Theach na dTiarnaí, ag moladh leasaithe chun an reachtaíocht seo a threisiú. 

Beidh an bille ag dul fríd Teach na dTeachtaí i ndiaidh sosa an tsamhraidh agus leanfaidh muid orainn ag moladh leasaithe a threiseoidh an bille chun cinntiú go bhfuil an reachtaíocht seo á láidre agus gur féidir léi a bheith. Tá gach eolas maidir leis an bhille, na céimeanna agus na leasuithe san áireamh, ar fáil anseo.

Lámhleabhar Chearta Teanga - An Bóthar Amach Romhainn 2022

I ré an chomhaontuithe Ré Nua, Cur Chuige Nua, d’fhoilsigh muid lámhleabhar a bhfuil sé mar aidhm aige an pobal a chumasú i dtaobh na cearta úra ar ceart go mbeadh acu agus an reachtaíocht úr Gaeilge i bhfeidhm. Déanann an lámhleabhar cur síos fiúntach ar:

  • coincheap na gceart teanga;Dearta Teanga: An Bóthar Amach Romhainn
  • an feachtas leanúnach ar son chearta teanga ó thuaidh;
  • míreanna na reachtaíochta Ré Nua, Cur Chuige Nua mar a bhaineann siad leis an Ghaeilge; 
  • deiseanna agus dúshláin na reachtaíochta úd;
  • na rudaí ar féidir leis an phobal a dhéanamh anois agus
  • na hathruithe is suntasaí i ré na reachtaíochta úra.

Ba mhaith linn go bhfeidhmneoidh an lámhleabhar seo mar uirlis foghlama don phobal chun go mbeidh siad iomlán muiníneach agus eolach ar chearta s’acu. Is féidir an lámhleabhar a léamh anseo.

Cúlra
Foilsíodh Comhaontú Chill Rimhinn i mí Dheireadh Fómhair 2006. Faoin Chomhaontú seo, gheall rialtas na Breataine go dtabharfaí isteach Acht Gaeilge bunaithe ar éispéiris na hÉireann agus na Breataine Bige. 

Ach tá pobal na Gaeilge ó thuaidh fós ag fánacht le hacht a chosnaíonn a gcearta teanga.

Tá Acht Gaeilge cuimsitheach, ceartbhunaithe á éileamh ag Conradh na Gaeilge le fada an lá. Tá reachtaíocht ann don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag, don Ghàidhlig in Albain agus don Ghaeilge ó dheas le fada an lá. Is é an tuaisceart an t-aon áit ar na hoileáin seo nach bhfuil reachtaíocht áitiúil ann don phríomhtheanga dhúchais. Acht ANOIS atá uainn!

In Eanáir 2020 foilsíodh an comhaontú 'Ré Nua Cur Chuige Nua' (New Decade New Approach) ina raibh coimitmint shoiléir ann do reachtaíocht Ghaeilge, do straitéis Ghaeilge agus eile. Is féidir an comhaontú sin a léamh anseo. Foilsíodh leis an chomhaontú dréacht reachtaíocht don Ghaeilge, atá ar fáil anseo. Níl aon chuid de seo curtha i bhfeidh fós.   

Ar an drochuair, bhí na moltaí seo lag go leor, agus tá bearnaí móra ann ón mhéid a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn. Mar sin, fiú sa chás go gcuirfí an reachtaíocht seo i bhfeidhm, beidh gá fós le hAcht Gaeilge cuimsitheach, ceart-bhunaithe mar atá sa Bhreatain Bheag. Tá an méid seo ráite fosta ag COMEX de chuid Chomhairle na hEorpa ina dtuairisc mhonatóireachta ar an Cháirt Eorpach in Márta 2021

FAQ - Ceisteanna Coitianta 2019:

Tá caipéis a dhéanann scrúdú ar na ceisteanna agus ar na miotais is mó a bhaineann leis an Acht Gaeilge foilsithe anois ag Conradh na Gaeilge. Faigh do chóip den FAQ anois.

Léigh litir, Aibreán 2019, ón na Coimisinéirí Idirnáisiúnta Teanga maidir leis an Acht Gaeilge ó thuaidh anseo.

I mí na Bealtaine 2019 shínigh breis agus 200 duine litir ar son Acht Gaeilge, a foilsíodh in The Irish News 29/5/2019. Is féidir an litir a léamh anseo

Plé-Cháipéis 2017:
D'fhoilsigh muid pdfplé-cháipéis a dhéanann cur síos ar an chostas a bhainfeadh le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh le déanaí.

Áirítear sa cháipéis briseadh síos ar na rannóga difriúla a bheadh i gceist le hacht teanga, mar aon le míniúchán ar na rannóga sin, agus moltaí praiticiúla, inoibrithe chun iad a chur i bhfeidhm.

Molann muid go mbeadh 11 rannóg mar chuid d’aon Acht Gaeilge, agus go luafaí forálacha a bhaineann le:

  1. Stádas Oifigiúil don Ghaeilge;
  2. An Ghaeilge sa Tionól;
  3. An Ghaeilge sna Rialtais Áitiúla;
  4. An Ghaeilge agus an BBC;
  5. An Ghaeilge san earnáil oideachais;
  6. Ról an Choimisinéara Teanga; agus
  7. Cúrsaí Logainmneacha.

Déantar briseadh síos ar an chostas iomlán i ndá chuid:

  • costais aon uaire chun an tAcht Ghaeilge a thabhairt isteach = £8.5 - £9 milliún thar 5 bliana
  • costas rialta bliana = £2mhilliún sa bhliain

Is costas é sin de £19 milliún thar saolré 5 bliana d’Fheidhmeannas = £3.8 milliún sa bhliain.

Is infheistiú san eacnamaíocht agus sa phobal ó thuaidh a bheadh san Acht Gaeilge fosta; meastar go nginfí £8milliún sa bhreis d’ioncam don gheilleagar ó thuaidh gach bliain dá gcomhlíonfaí dualgais an BBC do chraolacháin Ghaeilge.

Tacaíocht Traspháirtí & I Measc an Phobail
Tá cúig pháirtí ag tacú leis an éileamh ar son reachtaíocht Gaeilge i bhfoirm Achta, mar aon le 50 as 90 CTR nua-thofa cheana féin.

Bhí breis 's 94% d’aighneachtaí a fuarthas i bpróiseas comhairliúcháin na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (RCEF) ag tacú le hAcht Gaeilge ó thuaidh. Anuas air sin uile, bhí breis 's 12,000 duine ar shráideanna Bhéal Feirste ag tacú leis an éileamh d'Acht Gaeilge ag Lá Dearg 2017 arna eagrú mar chuid den fheachtas An Dream Dearg ar 20 Bealtaine 2017 fosta.

Tá muid ag éilimh ar na páirtithe ar fad teacht le chéile agus tacaíocht a thabhairt do na moltaí seo, agus reachtaíocht cosanta agus forbartha don teanga a thabhairt isteach, de réir moltaí Chomhairle na hEorpa, na Náisiún Aontaithe, agus faoi mar a gealladh breis agus deich mbliana ó shin i gComhaontú Chill Rímhinn anseo

An Lá Dearg 2022DSC 4212

 Chuaigh pobal na Gaeilge chun sráide arís i mí an Mheithimh 2022 ag An Lá Dearg 2022, mórshiúl a d'eagraigh An Dream Dearg mar fhreagairt ar an mhoill leanúnach ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta Gaeilge ó thuaidh. An uair seo, bhí os cionn 17,000 duine ar shráideanna Bhéal Feirste, ag seasamh le pobal na Gaeilge agus iad éileamh 'beart de réir briathair'. Is féidir tuairisc an lae a léamh anseo, nó cuairt a thabhairt ar shuíomh idirlín oifigiúil An Dream Dearg

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.