An Lá Dearg 2022

 

An Lá Dearg 2022

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich go Halla na Cathrach, Béal Feirste

21.05.2022

WhatsApp_Image_22022-04-09_at_9.40.05_AM.jpeg

 

An Lá Dearg 2022

Bhí lá stairiúil againn ag an Lá Dearg 2022 i mBéal Feirste ar an 21ú Meitheamh 2022. B’ionann an Lá Dearg agus an mórshiúl Gaeilge is mó ar an oileán seo ó thaobh na Gaeilge de agus bhailigh Gaeil ó fud fad na cruinne ag an Chultúrlann Mac Adam Ó Fiaich agus iad ag caitheamh #dearg mar chomhartha dlúthpháirtíochta leis an fheachtas ar son Acht Gaeilge ó thuaidh. Eagraíodh an Lá Dearg 2022 cúig bliana ar aghaidh ón lá úd in 2017 agus an uair seo, tháinig busanna ó gach cearn den tír; i measc an tslua, bhí teaghlaigh, grúpaí pobail, cumainn CLG agus neart eile.

DSC 3928

Ainmníodh Niamh Ní Ruanaidh mar Ard-Mhaoir an lae agus faoi stiúir s’aici, thug an slua de bheagnach 20,000 duine aghaidh ar Halla na Cathrach faoi rothaí na gréine le teachtaireacht láidir, shoiléir ar a mbéil; ‘beart de réir briathair’, ag tagairt don mhoill leanúnach ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta Gaeilge ó thuaidh. Bhí ceol agus siamsaíocht ann nuair a bhain an tonn mór dearg Halla na cathrach amach. Cuireadh aoi speisialta an lae, Dáithí Mac Gabhann, in aithne sular thug gníomhaithe teanga ó fud fad an Chúige óráidí ionsparáideacha, spreagúla. 

Ag caint ón ardán ag an Lá Dearg, dúirt Conchúr Ó Muadaigh, urlabhra leis An Dream Dearg:

“Tá tacaíocht ollmhór faighte againn inniu agus le blianta anuas don fheachtas chearta teanga ar son acht Gaeilge, ó phobal na Gaeilge iad féin agus ón mhórphobal trí chéile anseo. Bhí fhios againn go raibh lá mór agus rathúil romhainn ach níl amhras ar bith againn gurb é seo an agóid Ghaeilge is mó agus is suntasaí le glúin. Thóg An Dream Dearg gluaiseacht ón bhun aníos atá i ndiaidh ceist na Gaeilge a bhrú ó imeall na sochaí anseo go croílár na díospóireachta polaitiúla go háitiúil agus go hidirnáisiúnta. Is gluaiseacht í seo a thug agus a thugann dúshlán na ceannasaíochta cumhachta agus a chinntigh nach gcaithfear linn arís mar shaoránaigh den dara grád. Ní dhéanfaí imeallú orainn a thuilleadh, tá na laethanta sin thart go deo. Tá ár dteachtaireacht soiléir agus cruinn. Tá sé in am do Rialtas na Breataine, don DUP agus dreamanna eile atá i gcumhacht deireadh a chur lena gcros fadbhunaithe agus lena mbac leanúnach ar chearta teanga. Tá muid ag fanacht le agus ag éileamh Achta Gaeilge le fada fada an lá. Tá sé anois in am don Acht sin. Ní fhánfaidh muid a thuilleadh ar na cearta teanga sin atá i bhfeidhm ar fud na n-oileán sin cheana féin. Éilíonn muid socrú níos fearr. Éilíonn muid sochaí níos ionchuimsithí do chách, áit a mbeadh meas ar ár rogha teanga, béim ar chaoinfhulaingt agus ar chomhionannas, agus áit a mbeidh ár gcearta teanga fréamhaithe agus aitheanta sa dlí. Tá muid beagnach ann. Acht Anois.”

I measc na gcainteoirí eile, bhí Clíodhna Ní Mhianáin, duine de chéad daltaí Ghaelcholáiste Dhoire, Katire Irvine, oibrí óige Gaeilge ó Ghlór na Móna agus Dónal Ó Cnaimhsí, ionadaí Gaeltachta a thug teachtaireacht láidir dlúthpháirtíochta ó Ghaoth Dobhair. Is féidir féachtaint ar fhíseáin agus léamh faoi chuntas na ndaoine a bhí i láthair ag an lá trí chuairt a thabhairt ar shuíomh idirlín an Dream Dearg.

 

Busanna a tháinig chuig an Lá Dearg:

busanna_1.jpeg

 

Official plan for the day 

Sráideanna_nua.jpeg

 

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge