Skip to main content

Fóraim Ghnímh sna Gaeltachtaí (2017)


Fóraim Ghnímh sna Gaeltachtaí

Ag éirí as moladh a rinneadh ag an gcéad ollchruinniú gnímh den Chomhrá Mór, tá sé i gceist ag an gConradh fóraim ghnímh a eagrú le freastal ar Ghaeltachtaí éagsúla na tíre.

Pléifear go háirithe an gá le hinfheistíocht sa Ghaeltacht agus na gníomhartha arbh fhiú don phobal a ghlacadh orthu féin le teacht ar an infheistíocht sin.

Beidh deis plé a dhéanamh ar an obair reatha atá ar siúl sa Ghaeltacht chomh maith, lena n-áirítear nithe ar nós na pleanála teanga, an pholasaí oideachais Gaeltachta, srl.

Dáta: Dé Máirt, 12 Meán Fómhair 2017
Am: 8.00in

Ionad   Baile   Contae   Cainteoir   Cathaoirleach
Óstán Heights   Cill Airne   Co. Chiarraí   Páidí Ó Sé   Donnchadh Ó hAodha
Seanscoil Sailearna   Indreabhán   Co. na Gaillimhe   Cathy Ní Ghoill   Máirín Ní Ghadhra
An Chrannóg   Gaoth Dobhair   Co. Dhún na nGall   Dónal Ó Cnaimhsí   Cathal Ó Gallchóir

Cainteoirí ag na Cruinnithe

  • Páidí Ó Sé, Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne (Cill Airne)
  • Cathy Ní Ghoill, Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Árann (Indreabhán)
  • Dónal Ó Cnaimhsí, Comharchumann Ghaoth Dobhair (Gaoth Dobhair)

Cathaoirleach na gCruinnithe

  • Donnchadh Ó hAodha, Cathaoirleach Dháil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge (Cill Airne)
  • Máirín Ní Ghadhra, Iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta (Indreabhán)
  • Cathal Ó Gallchóir, Bainisteoir Chomharchumann Ghaoth Dobhair (Gaoth Dobhair)

Póstaeir

Tá póstaeir ar fáil ó Chonradh na Gaeilge ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó ar-líne ag: http://bit.ly/ForaimG17

Cúlra

Nuair a thug Daonáireamh 2011 sa Bhreatain Bheag le fios gur thit líon na gcainteoirí Breatnaise, spreag Rialtas na Breataine Bige comhrá náisiúnta faoi thodhchaí na teanga. Fóram oscailte dar teideal Iaith Fyw: Y Gynhadledd Fawr (Teanga Bheo: An Comhrá Mór) a bhí i gceist leis seo.

Anseo in Éirinn, léirigh na torthaí is déanaí ó Dhaonáireamh 2016 ó dheas go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge tar éis titim den chéad uair ó bhí 1946 ann. Spreagtha ag Y Gynhadledd Fawr, tá An Comhrá Mór á reáchtáil chun tús a chur le comhrá mhór mhuintir na hÉireann i dtaobh na Gaeilge.

Is cruinnithe le dul i mbun gnímh iad seo go príomha mar aon le fóram poiblí le smaointe agus le tuairimí a spreagadh agus a bhailiú. Aontófar gníomhartha a bhaineann go sonrach le feachtais ar leith ag na cruinnithe, go háirithe maidir le reachtaíocht ó thuaidh, reachtaíocht níos láidre ó dheas, agus maoiniú don phlean infheistíochta arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach.

An Chéad Chéim Eile...

Reáchtáladh an chéad ollchruinniú gnímh den Chomhrá Mór san ardchathair ar 10 Meitheamh 2017, agus reáchtálfar an dara cruinniú i mBaile Átha Cliath ar 23 Meán Fómhair 2017. Reáchtálfar na fóraim ghnímh thuasluaite sna Gaeltachtaí ar 12 Meán Fómhair 2017 mar chuid den mhórchomhrá náisiúnta céanna:

  1. An Mhumhain: bit.ly/fbanmhumhain
  2. Connachta: bit.ly/fbconnachta
  3. Ulaidh: bit.ly/fbulaidh

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.