Skip to main content

SPRAOI - Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta Chonradh na Gaeilge (Thuaidh)

Posted in Ginearálta.

Tá iarratais ar SPRAOI oscailte anois. 

English version of this page available here.

Is scéim Scoláireachtaí de chuid Chonradh na Gaeilge i gcomhpháirtíocht le Comhaltas Uladh (daoine óga faoi 18 ó thuaidh) é ‘Spraoi’ chun daoine óga a spreagadh le freastal ar an Ghaeltacht, agus chun tacaíocht a chur ar fáil dóibh siúd le cúlra míbhuntáiste. Tá sé d’aidhm ag Conradh na Gaeilge Scéim na scoláireachtaí a phoibliú agus scéal a scaipeadh i measc scoileanna, craobhacha, grúpaí pobail agus an dá Líonra Gaeilge ó thuaidh. Cuirfidh Conradh na Gaeilge scoláireacht ar fáil ar luach £250 STG do dhaltaí ó thuaidh a bhfuil sé i gceist acu cuairt a thabhairt ar an Gaeltacht an samhradh seo.

Critéir na Scéime:
  •  Beidh an scéim agus próiseas na scéime iomlán trédhearcach.
  • Beidh fócas na scéime ar an mhíbhuntáiste. Is sé sin go ndíreoidh an deontais ar cheantair a bhfuil líon ard daoine faoi mhíbhuntáiste ina gcónaí iontu (atá aithnithe ag NISRA) i gcomhar le grúpaí pobail, craobhacha agus scoileanna.
  • Sa bhreis air sin, beidh fócas ar scoláireachtaí a chur ar fáil do dhaoine óga ó cheantair Líonraí Gaeilge, mar aon le ceantair aitheanta SFLG ó thuaidh.
  • Ní bheidh san áireamh ach coláistí atá lonnaithe i gceantar oifigiúil Gaeltachta agus atá cláraithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.
  • Ní bheidh scoláireacht iomlán á bronnadh ar aon duine.
  • Beidh cead ag an scoláire freastal ar a rogha coláiste Gaeltachta ach an coláiste a bheith aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.
  • Déanfaidh Conradh na Gaeilge measúnú ar gach iarratas de réir na gcritéar atá leagtha amach.
  • Is ciste teoranta é seo agus bíonn ró-éileamh ar an scéim gach bliain.
  • Bronnfar an uasmhéid 2 scoláireacht in aghaidh na scoile, ach amháin sna cúinsí seo a leanas:
    • Go n-aithnítear an scoil mar chuid de cheantar oifigiúil Líonra Gaeilge.
    • Go n-aithnítear an ceantar ina bhfuil an scoil suite mar cheantar atá faoi 'mhí-bhuntaiste' de réir NISRA.
    • Is faoi Chonradh na Gaeilge an cinneadh maidir le lonnaíocht agus stádas na scoile / hinstitiúide agus an líon scoláireachtaí a bhronnfar ar an scoil a aontú.
    •  Is próiseas iomaíoch é seo agus beidh líon na scoláireachta a bhronntar ar achan scoil ag brath ar líon na n-iarratas a fhaightear.  
  • Iarrtar ar an mhúinteoir na scoláirí atá inchurtha leis an scéim a roghnú agus an fhoirm iarratais a chur chucu agus chucu amháin, le go dtig lena dtuismitheoir/caomhnóir é a líonadh.
  • Is féidir le múinteoirí teacht ar an fhoirm iarratas trí rphost a chur chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Treoracha:
  •  Tá an scéim seo dírithe ar dhaoine óga, faoi 18, atá ag freastal ar Choláiste Gaeltachta i rith an tsamhraidh 2024.
  • Tá an scéim seo oscailte do scoláirí ó na sé chontae amháin.
  • Is gá go ndéanann an tuismitheoir / caomhnóir, leis an scoláire, an fhoirm seo a chomhlánú iad féin.
  • Is gá cur isteach ar an scéim seo roimh 12:01pm ar 12 Aibreán 2024.
  • Tá an scéim seo á riar ag Conradh na Gaeilge agus Comhaltas Uladh, le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.
  • Déan cinnte go gcomhlíontar gach cuid den fhoirm iniata.
  • Is scoláireachtaí iad seo ar luach £250stg an ceann.
  • Cuirfear ríomhphost ar ais chuig gach iarratasóir roimh 29 Aibreán 2024 maidir le toradh an iarratais.
  • Lorgófar dearbhú ón Choláiste Gaeltachta gur fhreastail an t-iarratasóir ar an chúrsa ina iomláine.
  • Íocfar an méid iomlán a aontaítear roimh dheireadh Mhí Mheán an Fhómhair 2024, fhad is go bhfaightear dearbhú roimhe sin ón Choláiste Gaeltachta gur fhreastail an t-iarratasóir ar iomlán an chúrsa.
  • Íocfar an tuismitheoir / caomhnóir a luaitear ar an fhoirm seo, ní an scoláire nó an scoil / grúpa pobail.
  • Ní roinnfear d'eolas poiblí le haon ghrúpa nó eagraíocht sheachtrach. Scriosfar do shonraí pearsanta i ndiaidh tréimhse 3 bliana. Ní roinnfear do shonraí bainc le haon ghrúpa nó le haon eagraíocht sheachtrach.
  • Is féidir aon cheisteanna a chur ar aghaidh chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

 

Spraoi_scoláireachtaí_2024.jpeg 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.