Skip to main content

Pobal na Gaeilge chun ‘Céad Míle Fáilte’ a chur roimh “Little Amal” go hÉirinn i rith mhí na Bealtaine

Conradh na Gaeilge ag obair i gcomhair le ArtsEkta agus Cackle MGMT ar an fhéile ealaíon “Siúlóid Little Amal”

Is puipéad 12-troigh ar fhad í Amal, ar le teifeach Siriach í agus atá ar oilithreacht shiombalach, “The Walk”, ar fud na cruinne, mar léiriú domhanda ar chearta daonna, go háirithe do theifigh.

Ó 16 - 25 Bealtaine, mar chuid d’fhéile “Belfast24” beidh Amal ar cuairt go hÉirinn agus ag fáil blaiseadh den Ghaeilge agus í anseo. Le cuidiú ó thionscadal úr Chonradh na Gaeilge, “Céad Míle Fáilte”, beidh pobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath ábalta bualadh le Little Amal, cúpla focal a roinnt léi agus fearadh na fáilte a chur roimpi ag roinnt de na himeachtaí atá ar siúl. Beidh réimse speisialta d’imeachtaí céiliúrtha, saor in aisce do theaghaigh, ag titim amach le linn na féile agus neart deiseanna do theaghlaigh le Gaeilge an teanga a fheiceáil agus a úsáid.

Dúirt Connlaith Ní Raifeartaigh, Bainisteoir, Céad Míle Fáilte le Conradh na Gaeilge, atá ag tacú leis an tionscadal:

“Táimid thar a bheith tógtha faoi chuairt Little Amal go hÉirinn agus go mbeidh an Ghaeilge mar chuid lárnach de na himeachtaí áille seo. Is téama tábhachtach taobh thiar de thionscadal “Céad Míle Fáilte” é ‘gur linne uilig an Ghaeilge’ agus go gcuireann Conradh na Gaeilge agus pobal na Gaeilge i gcoitinne fáilte roimh theifigh chuig an tír seo. Mar sin, táimid ar bís le bheith ag obair in éineacht leis na heagraithe ArtsEkta agus Cackle MGMT chun íomhá shiombalach, thábhachtach a chruthú go bhfuil muid ag roinnt ár dteanga dúchais le hAmal an teifeach.”

Dúirt Caoimhe Connolly, Stiúrthóir Cackle MGMT atá i mbun imeachtaí Bhaile Átha Cliath:

“Tá an Ghaeilge fite fuaite fríd na himeachtaí uilig, ag léiriú an chaoi a gcuireann ár dteanga dhúchais bonn eolais faoinár gceol, ár bhfilíocht, ár léiriú mar scéalaithe agus mar Éireannaigh. Bhí sé tábhachtach dúinn aird a tharraingt ar theanga, stair agus oidhreacht na hÉireann le linn chuairt Amal agus táimid an-bhuíoch do Chonradh na Gaeilge as a dtacaíocht chun é sin a dhéanamh. Tá sineirge álainn ag an tionscadal Céad Míle Fáilte leis an méid atá muid ag iarraidh a bhaint amach trínár sraith imeachtaí agus is ábhar misnigh é go bhfuil pobal na Gaeilge ag fáiltiú roimh Amal, agus go deimhin roimh na teifigh ar fad, go hÉirinn.”

I measc na n-imeachtaí, beidh ionadaithe ó phobal na Gaeilge ag cur fáilte oifigiúil roimh Amal Déardaoin 16 Bealtaine ag an imeacht oscáilte i mBéal Feirste, ag glacadh páirt i dtréibh na dTuatha dé Danann sa searmanas deiridh, cruthaithe ag Gráinne Holland, ar an 19 Bealtaine agus ag bualadh le hAmal arís i mBaile Átha Cliath ag an imeacht “Fáilte Amal” ar an 23 Bealtaine.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus liosta iomlán na n-imeachtaí tabhair cuairt ar: https://www.walkwithamal.org/little-amal-belfast-to-dublin/

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.