Teaghlaigh agus daoine óga i measc iad siúd i láthair i gCearnóg Parnell do Lá Mór na Gaeilge
Bhí na céadta bailithe ar Chearnóg Parnell inné do Lá Mór na Gaeilge agus an teanga á ceiliúradh, idir óg agus aosta. Bhí an tsráid dúnta do thrácht don lá agus gach saghas léiriúcháin den oidhreacht, le ceol, cainteanna, craic agus cultúr le feiceáil.
Ag labhairt faoin ócáid, dúirt Deirdre Heney, Leas Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath:
“Bhí lá dochreidte dearfach lán le craic, ceol, caint agus cultúr againn ag Lá Mór na Gaeilge 2023. Bhí imeachtaí iontacha againn i rith an lae agus bhí sé speisialta daoine a fheiceáil amuigh agus ag baint sult as an lá. Léirigh an ócáid go bhfuil an Ghaeilge beo agus fáilteach i mBaile Átha Cliath!”
Dúirt Mícheál Mac Donncha, Cathaoirleach Fhochoiste na Gaeilge, Comhairle Cathrach Baile Átha Cliath:
“Tá stair shaibhir ag Baile Átha Cliath agus Cearnóg Parnell, go háirithe leis an nGaeilge. Bhí muid thar a bheith sásta na sluaite a fheiceáil ann i mbliana, 130 bliain ó thús Athbheochan na Gaeilge. Bhí scoth na n-imeachtaí ann, ceol iontach, bia, cainteanna, margadh agus go leor leor eile. Is cinnte go raibh eispéireas den scoth ag gach duine a tháinig amach ag ceiliúradh ár dteanga álainn.”
Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Ó cuireadh tús le hAthbheochan na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge leis, tá an oiread sin déanta don teanga sa tréimhse ama seo agus léiríonn Lá Mór na Gaeilge go bhfuil an todhchaí geal di. Chuir Lá Mór na Gaeilge fáilte roimh gach duine cibé Gaeilge atá acu a úsáid, le gach saghas imeachta sa sceideal ó chanadh agus rince ar an sean nós, cainteanna le hÉireannaigh Nua, ceardlanna ióga agus lámhscríbhinne agus céilí sráide. Léirigh Lá Mór na Gaeilge cé chomh gealgháireach, spraíúil is atá ár dteanga ársa sa dara bliain den imeacht seo agus táimid cheana féin ag súil leis an bhliain seo chugainn.”
