Skip to main content

Abair Le Cara Go Bhfuil Cúrsaí Chonradh na Gaeilge Ina Rún Athbhliana Iontach!

Is cuma an bhfuil aghaidh á tabhairt agat ar ionchais fhostaíochta dheacra trí bharr feabhais a chur ar do scileanna teanga, nó mura bhfuil uait ach do chúpla focal a úsáid le linn Bhliain na Gaeilge 2013, tá cúrsa in oiriúint duitse ag Conradh na Gaeilge don Athbhliain - agus tá gach cúrsa níos saoire má mheallann tú cara leat!

Tá clú ar Chonradh na Gaeilge as an teanga a theagasc d'fhoghlaimeoirí fásta ó bhunú an eagrais in 1893 agus tá an praghas is fearr sa phríomhchathair á thairiscint ar chúrsaí Gaeilge an Chonartha arís i mbliana: ní chosnaíonn cúrsa 10-seachtaine ach €180 do 20 uair teagaisc, fad agus atá an ráta lascaine de €160 ar fáil do dhaoine dífhostaithe, d'iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine scothaosta ar phinsean agus duitse má mholann tú do chara leat cúrsa a dhéanamh leis an gConradh.

Cuirfear tús le téarma 10-seachtaine na ranganna oíche i 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, oíche Mháirt, 22 Eanáir 2013, ó 7.00 - 9.00in. Rang dhá uair a chloig oíche amháin in aghaidh na seachtaine atá i gceist agus tá rogha idir 9 leibhéal éagsúla ar fáil oíche Mháirt, Chéadaoin nó Déardaoin i gConradh na Gaeilge.

Arsa Brenda Ní Ghairbhí, Comheagraí Cúrsaí Chonradh na Gaeilge: "Ó scoláirí Ardteiste ag iarraidh muinín labhartha a bhaint amach sa Ghaeilge faoi mhí Aibreáin, go tuistimitheoirí le páistí sa Ghaelscoil ag iarraidh cúpla focal a chleachtadh sa bhaile, is iomaí duine a shocraíonn ar a gcuid scileanna teanga a fheabhsú gach Eanáir. 120 bliain i ndiaidh bhunú Chonradh na Gaeilge, tá foghlaim na teanga fós ina rún Athbhliana coitianta do dhaoine fud fad na tíre agus is iontach an bealach duit iad ár gcúrsaí le tús maith a chur le 2013!"

Cloíonn ranganna oíche Chonradh na Gaeilge le siollabais Theastas Eorpach na Gaeilge agus freastalaíonn na ranganna oíche ar gach leibhéal foghlaimeora, ach tá réimse leathan de chúrsaí eile á ofráil i 6 Sráid Fhearchair i gcaitheamh an téarma chomh maith. Cuirfear tús le cúrsa 10-seachtaine eile ag ullmhú scoláirí sa 5ú nó sa 6ú Bliain don scrúdú cainte Ardteiste tráthnóna Mháirt, 15 Eanáir 2013, ó 5.00 - 6.30in agus beidh dianchúrsaí lae a reáchtáil don agallamh Gaeilge d'iarrthóirí don bhunmhúinteoireacht luath i 2013.

Níl ach €140 agus €100 faoi seach ar na cúrsaí seo le Conradh na Gaeilge, áit a thugtar treoir agus deis chleachta do rannpháirtithe chun a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú trí obair i ngrúpaí agus ról-imirt, chomh maith le bileoga eolais, plé ar na botúin is coitianta, bréagallamh le haiseolas pearsanta agus béim ar na hábhair chuí, téarmaí úsáideacha, foghraíocht agus scileanna agallaimh san áireamh.

Is féidir clárú do chúrsaí Chonradh na Gaeilge ar-líne ag www.cnag.ie nó déan teagmháil le Máire Ní Dhuiginn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)1 4757401 chun breis eolais a fháil. Tá ranganna Gaeilge eile de chuid an Chonartha ar siúl i nGaillimh, Inis, Luimneach, Maigh Eo agus in áiteanna eile ar fud na tíre freisin. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Brenda Ní Ghairbhí,
Comheagraí Cúrsaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 3649776

Máire Ní Dhuiginn,
Fáilteoir, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

Is córas scrúdaithe é Teastas Eorpach na Gaeilge (teg) d'fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Tá baint aige leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001). Scrúdaítear na ceithre scil: Labhairt, Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Scríbhneoireacht. Tá na scrúduithe ar fáil faoi láthair ag cúig leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 1 (C1). Beidh scrúdú ar fáil ag Ardleibhéal 2 (C2) amach anseo. www.teg.ie

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge 2013, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud oileán na hÉireann chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta. Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language! www.gaeilge2013.ie

Cad is féidir leatsa a dhéanamh le linn Bhliain na Gaeilge 2013?

• Bain úsáid as an nGaeilge le do chairde, do ghaolta, do chomhghleacaithe agus eile i 2013
• Féach ar na himeachtaí ar fad ar ár suíomh gréasáin ar www.gaeilge2013.ie & déan freastal ar chuid acu
• Glac páirt sna comórtais - tá duaiseanna iontacha le baint amach!
• Déan cinneadh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge nó í a fhoghlaim in 2013 - d'fheadfaí páirt a ghlacadh san fheachtas Líofa 2015 fiú
• Téigh ar saoire go dtí an Ghaeltacht
• Meall cairde thar lear le teacht go hÉirinn in 2013 le freastal ar imeachtaí de chuid Bhliain na Gaeilge agus páirt a ghlacadh i dTóstal Éireann 2013
• Ceannaigh earraí déanta in Éirinn le cabhrú leis an timpeallacht ina bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn againn

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.