Skip to main content

Is scéim mheantóireachta, oiliúna agus gradaim í Gníomhaí Gaeilge do dhaoine atá gníomhach leis an nGaeilge sa tríú leibhéal agus dóibh siúd gur mhaith leo an Ghaeilge a úsáid níos minice.

Tá an scéim seo á reachtáil ag Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus maoinithe ag an tÚdarás Um Ard-Oideachas. Tá an tÚdarás um Ard-Oideachas ag tacú le Gníomhaí Gaeilge trí mhaoiniú €150,000 a chur ar fáil thar tréimhse trí bliana.

Gníomhaí Gaeilge 26/27

An bhfuil spéis agat sa Ghaeilge agus tú ar an tríú leibhéal?

An bhfuil tú ag iarraidh gradam a bhaint amach?

Tá clárúchán do Ghníomhaí Gaeilge 26/27 ar oscailt! 

CLÁRAIGH DO GHNÍOMHAÍ GAEILGE 2026/27 ANSEO!

CLÁRAIGH MAR MHEANTÓIR 2026/27 ANSEO!  

Oíche Bhronnadh na nGradam 25/26

Donnacha Ó Deasúnaigh agus Isabel Ní Mhóráin (Institiúid Oideachais Marino)

Donnacha Ó Deasúnaigh agus Isabel Ní Mhóráin (Institiúid Oideachais Marino)

Bhí oíche den chéad scoth againn ag Bronnadh na nGradam Ghníomhaí Gaeilge 25/26! Tá rannpháirtithe Gníomhaí Gaeilge théis tabhairt faoi mheantóireacht luachmhar agus ceardlanna oiliúna le bliain anuas agus spriocanna éagsúla bainte amach acu ar fad.

Anois, tá siad cumasaithe agus neartaithe le gníomhú ar son na Gaeilge, rud atá thar a bheith tábhachtach agus riachtanach sa lá atá inniu ann.

Gníomhaí Gaeilge

Gníomhaí Gaeilge 25/26

Chláraigh 135 duine aonair agus 44 grúpa do Ghníomhaí Gaeilge sa bhliain acadúla 25/26.

Ar an 16 Aibreán, bronnadh gradaim agus teastais ar 86 duine aonair agus 33 grúpa ag Ócáid Bhronnadh na nGradam i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath. Buíochas leis an gComhairleoir Clodagh Ní Mhuirí a bhí i láthair linn ar an Oíche ar son na hÁrdmhéara, a thug óráid álainn dúinn ag tús na hoíche.

Chomh maith leis sin, bhí an Dr Jack Ó Gliasáin agus Richard Brophy ón Údarás Um Ard-Oideachas ann leis na gradaim a bhronnadh ar na mic léinn le Pádraig Mac Brádaigh (Leas Uachtarán don Ghaeilge, AMLÉ). Ba mhór againn an tacaíocht leanúnach ón Udarás Um Ard-Oideachas agus AMLÉ le linn na bliana.  

Bhí Storm Eaton-Kilgallon mar Bhean an Tí na hOíche.

D'éirigh le 15 ngrúpa an Gradam Airgid a bhaint amach agus d'eirigh le 18 ghrúpa an Gradaim Óir a bhaint amach.

Tá an t-albam iomlán ANSEO! 

Storm Eaton-Kilgallen (Bean an Tí)

Julian de Spáinn (Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge)

An Dr Jack Ó Gliasáin (Údarás Um Ard-Oideachas)

Síofra Nic Mhánais (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath)

Meantóir: Clíodhna Ní Dhufaigh (as láthair)

Nabeeha Malik (Coláiste Ríoga na Mainleá in Éirinn)

Meantóir: Éabha Ní Bhrádaigh

Susie Hand, Abby Nic an Bhaird, Mark Ó Corcráin

Bhí Oíche Bhronnadh na nGradam Ghníomhaí Gaeilge ar siúl i dTeach an Árdmhéara ar an 16/04/26.

An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide

Meantóir: Oisín O'Keefe (as láthair)

Cuallacht Cholmcille, Ollscoil Mhá Nuad 

Meantóir: John Ó Liodáin (as láthair) 

Aontas na Mac Léinn - Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Meantóir: Aodhán Ó Deá

Gradaim na hOíche

Amanda Keyes (Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne)

An Cumann Ceoil Traidisiúnta, Coláiste na Tríonóide ag seinm ag Fáiltiú na hOíche

Antóin Ó Dullaing (Meantóir)

An Cumann Ceoil Traidisiúnta, Ollscoil Mhá Nuad

Meantóir: Chloe Ní Ruairc (as láthair)

An Cumann Gaelach (Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath) 

Meantóir: Edel Ní Bhraonáin (as láthair)

Aontas na Mac Léinn, Ollscoil Mhá Nuad

Meantóir: Craig Mac Gabhann

An Cumann Rince Seite, Ollscoil na Gaillimhe

Meantóir: Barry Ó Siochrú

An Cumann Gaelach - Ollscoil na Banríona

Meantóir: Odhrán de Rúiséil (as láthair)

Caoimhe Ní Bhradáin (Ollscoil na Gaillimhe)

An Cumann Gaelach, Institiúid Oideachais Marino 

Meantóir: Tom Ó Riain (as láthair)

Seomra Coiteann na Sóisear, Coláiste na Tríonóide

Meantóir: Clíodhna Nic Gafraidh (as láthair)

Páidí Mac Gearailt (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh)

Meantóir: John Prendergast

Cathal Ó hÉigeartaigh, Dónal Ó Lochlainn, Páidí Mac Gearailt 

Gradaim Aonair

Orlaith Nic Mhaoláin (Ollscoil Uladh Mhig Aoidh)

Meantóir: Brian Ó Galachóir

Charlotte Nic Eoin (Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath)

Meantóir: Bairbre Ní Chonchúir

Seán Ó hAdhmháill (Meantóir)

An Dr Jack Ó Gliasáin (Oifigeach na Gaeilge, UAO), Pádraig Mac Brádaigh (Leas Uachtarán don Ghaeilge, AMLÉ) agus Órlaith Ní Thuathaigh (Comhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge, CNAG)

Aisling Rodriguez-Boid, Tori Bhreathnach, Caoimhe Níc Pháidín, Síofra Nic Mhánais

Buaiteoirí an Ghradaim Óir 25/26

An Chuallacht Ghaelach - Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Aontas na Mac Léinn - Coláiste na hOllscoile Corcaigh

An Cumann Gaelach - Ollscoil Luimnigh

Cuallacht Cholmcille - Ollscoil Mhá Nuad

An Cumann Gaelach - Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Aontas na Mac Léinn - Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

An Cumann Gaelach - Ollscoil Chathair Bháile Átha Cliath

An Cumann Gaelach - Coláiste na Tríonóide

Aontas na Mac Léinn - Coláiste na Tríonóide

An Cumann Ceoil Thraidisiúnta - Coláiste na Tríonóide

Seomra Coiteann na Sóisear - Coláiste na Tríonóide

An Cumann Gaelach - Institiúid Oideachais Marino

An Cumann Rince Seite - Ollscoil na Gaillimhe

Comhaltas na Mac Léinn - Ollscoil na Gaillimhe

Aontas na Mac Léinn - Coláiste San Aingeal

Aontas na Mac Léinn - Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

An Cumann Gaelach - Ollscoil na Banríona

An Cumann Gaelach - Ollscoil Uladh Mhig Aoidh, Doire

Buaiteoirí an Ghradaim Airgid 25/26

An Cumann Ceoil Thraidisiúnta - Ollscoil Mhá Nuad

Aontas na Mac Léinn - Ollscoil Mhá Nuad 

Aontas na Mac Léinn - Ollscoil na Banríona

IrishSOC - Coláiste Ríoga na Mainleá in Éirinn 

An Cumann Ceoil Thraidisiúnta - Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

An Cumann Gaelach - Ollscoil na Gaillimhe

An Cumann Gaelach - Coláiste Mhuire Gan Smál

Cumann na Nuatheangacha - Coláiste na Tríonóide

An Cumann CCDSIA - Coláiste na Tríonóide

Cumann Sláinte na mBan - Coláiste na Tríonóide

Lár‐Choiste na gCumann - Coláiste na Tríonóide

Aontas na Mac Léinn - Ollscoil Uladh Mhig Aoidh, Doire

An Cumann Gaelach - Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath 

Aontas na Mac Léinn - Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Corcaigh

Aontas na Mac Léinn - Ollscoil Teicneolaíochta Na Sionainne

Gníomhaí Gaeilge 24/25

Cén fáth ar chóir dom páirt a ghlacadh i Gníomhaí Gaeilge?

Is iomaí fáth páirt a ghlacadh i Gníomhaí Gaeilge ach seo a bhí le rá ag na rannpháirtithe agus na meantóirí ag an mbronnadh na ngradam 2023.

Ceisteanna coitianta

Céard í Gníomhaí Gaeilge?

Is scéim mheantóireachta, oiliúna agus gradaim í Gníomhaí Gaeilge do dhaoine atá gníomhach leis an nGaeilge sa tríú leibhéal agus daoine gur mhaith leo a nGaeilge a úsáid níos minice.

Cé a féidir clárú do Gníomhaí Gaeilge?

Is féidir le duine/grúpa ar bith atá ag freastal ar an tríú leibhéal clárú do Gníomhaí Gaeilge.

Is féidir le daoine atá ag obair le hAontas na Mac Léinn clárú do Gníomhaí Gaeilge chomh maith.

Is féidir páirt a ghlacadh i Gníomhaí Gaeilge as Gaeilge nó as Béarla.

Céard iad na rannóga éagsúla?

Tá trí rannóg éagsúil ann: Duine Aonair / Cumann Gaelach agus Grúpaí Eile / Aontas na Mac Léinn. 

Is féidir cur isteach ar níos mó ná rannóg amháin mar shampla tá tú mar reachtaire an Chumainn Ghaelaigh- d'fhéadfadh tú cur isteach ar an rannóg Duine Aonair agus ar an rannóg Cumann Gaelach.

Feictear cur síos ar na rannóga éagsúla thíos.

Duine Aonair

Don ghradam seo beidh tú ag plé le do chuid spriocanna pearsanta ó thaobh na Gaeilge de. Is féidir leo seo a bheith bainteach le obair an Chumainn nó an Aontais chomh maith.

Cumann Gaelach agus Grúpaí Eile

Tugann an gradam seo aitheantas don Chumann Gaelach agus do ghrúpaí eile. De ghnáth bíonn an Reachtaire mar ionadaí don Chumann. Is féidir áfach cur isteach ar an ngradam seo mura bhfuil an Reachtaire ó do Chumann ag glacadh páirte i nGníomhaí Gaeilge agus tá sé aontaithe le do choiste go mbeidh tú mar ionadaí an Chumainn.

Aontas na Mac Léinn

Tugann an gradam seo aitheantas d'Aontas na Mac Léinn. De ghnáth bíonn Oifigeach na Gaeilge nó Uachtarán an Aontais mar ionadaí don Aontas. Is féidir áfach cur isteach ar an ngradam seo mura bhfuil ionadaí eile ó d'Aontas ag glacadh páirte i nGníomhaí Gaeilge agus tá sé aontaithe le muintir an Aontais go mbeidh tú mar ionadaí don Aontas.

Cathain a chuirfear tús leis?

Tá clárúchán don bhliain acadúla 26/27 ar oscailt ANOIS ANSEO. Roghnófar mic léinn le dul faoin gcóras i Mí Meitheamh 2026 agus tabharfar meantóir dóibh. Cuirfear tús leis an obair i Mí Lúnasa /  Meán Fómhair 2026.

Cén cineál rudaí a bheidh orm déanamh?

Beidh ar rannpháirtithe Gníomhaí Gaeilge freastal ar thraenáil & oiliúint, cruinnithe a bheith acu lena meantóirí, obair a dhéanamh ar son na teanga ar champas agus spriocanna réamhshocraithe a bhaint amach i gcaitheamh na bliana.

Cén tslí a oibríonn an mheantóireacht?

Roghnófar meantóir do gach mac léinn a bhfuil taithí agus scileanna acu a chuideoidh leis an mac léinn agus iad ag gníomhú ar son na Gaeilge.

Thiocfadh gur fhreastal an meantóir ar an gcoláiste céanna, go raibh siad sa ról céanna sna blianta a chuaigh thart, go bhfuil taithí acu óna gcuid oibre a thagann le spriocanna an mhac léinn nó go mbeadh luach éigin eile acu a chuirfidh le obair an mhic léinn.

Beidh an meantóir ar fáil don mhac léinn nuair atá comhairle nó cuidiú uathu. Beidh 4 chruinniú acu i rith na bliana le pleananna a phlé agus dul chun cinn a thuairisciú.

Cén tslí a oibríonn an measúnú?

Suífidh duine ó Chonradh na Gaeilge nó Aontas na Mac Léinn in Éirinn isteach ar an gcruinniú deireanach agus ansin déanfaidh siad in éineacht leis an meantóir cinneadh ar cheann gradam a bhainfidh an duine / grúpa amach.

Céard iad na gradaim atá ar fáil?

Is féidir le grúpa An Gradam Óir, An Gradam Airgid nó An Teastas Rannpháirtíochta a bhaint amach.

Is féidir le duine aonair An Gradam Aonair nó An Teastas Rannpháirtíochta a bhaint amach.

Cén sórt traenáil a bheidh ann?

Bíonn roinnt ceardlanna ar siúl ar líne le linn na bliana do rannpháirtithe na scéime. Seo thíos liosta do na ceardlanna atá á reáchtáil i mbliana mar shampla...

  • Conas Imeachtaí a reachtáil agus an Ghaeilge á spreagadh agat ar do champas 3ú Leibhéal
  • An Iriseoireacht trí Ghaeilge
  • Leideanna ar Labhairt Phoiblí
  • Na Meáin Shóisialta a úsáid mar uirlis leis an nGaeilge a chur chun cinn
  • An Ghaeilge thar lear
Ceisteanna coitianta

IEDT Dhún Laoighaire

Ollscoil Luimnigh

Coláiste na Tríonóide 

Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn

Ollscoil na Gaillimhe

Ollscoil na Banríona

Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath

Tá taifeadadh den Phainéal Cainte seo ar fáil ag an nasc SEO!

Tá taifeadadh den Phlé Painéal seo ar fáil ag an nasc SEO!

Gníomhaí Gaeilge

Déan teagmháil

Má tá aon cheist agat maidir le Gníomhaí Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Comhordaitheoir na Scéime - Órlaith Ní Thuathaigh.

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Teagmháil

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.