Skip to main content

SEAS 2025 

Beidh SEAS: Lá Abhcóideachta na nGael ar siúl ar an gCéadaoin 25 Meitheamh in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath. 

Is lá stocaireachta é SEAS, á reachtáil go bliantúil ag Conradh na Gaeilge chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur os comhair na bpolaiteoirí, idir Teachtaí Dála, Seanadóirí, agus MLAs.

Tabharfar cuireadh chuig gach Teachta Dála agus Seanadóir cruinniú a eagrú linn ar an gCéadaoin 25 Meitheamh in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath mar a bheidh deis ag ionadaithe Chonradh na Gaeilge agus pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ceisteanna maoinithe, polasaithe, agus tacaíochta don teanga a phlé ar bhonn áitiúil agus náisiúnta.

Is féidir clárú thíos más spéis leat bheith i láthair agus freastal ar chruinnithe le polaiteoirí do thoghcheantair.

Tuilleadh Eolais:

Ó dheas: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Ó thuaidh: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Beidh tuilleadh eolais faoi #SEAS25 ó thuaidh ag teacht go luath.

Súil Siar ar ' SEAS 2024'

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.