Skip to main content

Is scéim mheantóireachta, oiliúna agus gradaim í Gníomhaí Gaeilge do dhaoine atá gníomhach leis an nGaeilge sa tríú leibhéal agus dóibh siúd gur mhaith leo an Ghaeilge a úsáid níos minice.

Tá an scéim seo á reachtáil ag Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus maoinithe ag an tÚdarás Um Ard-Oideachas. Tá an tÚdarás um Ard-Oideachas ag tacú le Gníomhaí Gaeilge trí mhaoiniú €150,000 a chur ar fáil thar tréimhse trí bliana.

Cláraigh anois don bhliain acadúil 2025/26:

Foirm Chlárúcháin - Mic Léinn (Gaeilge) 

Foirm Chlárúcháin - Mic Léinn (Béarla)

Foirm Chlárúcháin - Meantóirí

Dúnfar an clárúchán Dé hAoine 16 Bealtaine 2025.

Oíche Bhronnadh na nGradam 2025

Tá ríméad orainn a fhogairt go raibh Oíche den chéad scoth againn ag Bronnadh na nGradam 24/25! Tá rannpháirtithe Gníomhaí Gaeilge théis tabhairt faoi mheantóireacht luachmhar agus ceardlanna oiliúna le bliain anuas agus spriocanna éagsúla bainte amach acu ar fad.

Anois, tá siad cumasaithe agus neartaithe le gníomhú ar son na Gaeilge, rud atá thar a bheith tábhachtach agus riachtanach sa lá atá inniu ann.

Gníomhaí Gaeilge

Gníomhaí Gaeilge 24/25

Chláraigh 102 duine aonair agus 25 grúpa do Ghníomhaí Gaeilge sa bhliain acadúla 24/25.

Ar an 10 Aibreán bronnadh gradaim agus teastais ar 54 duine aonair agus 23 grúpa ag an ócáid bronnadh na ngradam i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Buíochas le Comhairleoir Clodagh Ní Mhuirí a bhí i láthair ar an Oíche ar son na hÁrdmhéara chomh maith le Richard Brophy agus Jack Ó Gliasáin ón Údarás Um Ard-Oideachais a bhí ann leis na gradaim a bhronnadh ar na mic léinn. Bhí Emma Ní Chearúil mar Bhean an Tí na hOíche.

D'éirigh le 9 ngrúpa an Gradam Airgid a bhaint amach agus d'eirigh le 14 ghrúpa an Gradaim Óir a bhaint amach.

Emma Ní Chearúil (Bean an Tí)

Julian de Spáinn (Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge)

Jack Ó Gliasáin (An t-Údarás Um Ard-Oideachais)

Muireann Ní Mhaolideirg - Ollscoil Mhá Nuad (Meantóir: Chloe Ní Ruairc)

Órla Ní Chuinn (Meantóir) leis an gComhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge, Órlaith Ní Thuathaigh.

Alanagh Ní Ghríofa agus Róisín Ruth (Ollscoil na Gaillimhe)

An Cumann Gaelach - Coláiste na hOllscoile Bháile Átha Cliath

An Cumann Rince Seite - Ollscoil na Gaillimhe (Meantóir: Barry Ó Siochrú)

Cáit Ní Leathlobhair agus Miranda Bauer - Aontas na Mac Léinn, Coláiste na hOllscoile Bháile Átha Cliath 

An Cumann Gaelach - Ollscoil Chathair Bháile Átha Cliath

Cormac Ó Dubhláine - Coláiste na hOllscoile Bháile Átha Cliath (Meantóir: Aodhán Ó Deá)

An Cumann Gaelach - IEDT Dhún Laoghaire

IrishSOC - Coláiste Ríoga na Mainleá in Éirinn (Meantóir: Órlaith Ní Thuathaigh)

Cuallacht Cholmcille - Ollscoil Mhá Nuad (Meantóir: Lucy Nic Aindrís)

Aontas na Mac Léinn - Coláiste San Aingeal (Meantóir: Aoife Ní Dhéisigh)

John Ó Liodáin (Meantóir) leis an gComhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge, Órlaith Ní Thuathaigh

Aontas na Mac Léinn - OTA Dhún na nGall (Meantóir: Caolán Mac Grianna)

Meantóir Caoimhe Ní Mhaolaí leis an gComhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge, Órlaith Ní Thuathaigh.

An Cumann Gaelach - Ollscoil Teicneolaíochta Bháile Átha Cliath (Meantóir: Emma Ní Chearúil)

An Cumann Gaelach - Coláiste Mhuire Gan Smál, Durlas 

Órlaith Ní Thuathaigh (Comhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge)

Aodhán Ó Deá (Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge)

An Cumann Gaelach - Coláiste na Tríonóide (Meantóir: Oisín O'Keefe)

Emma Apply agus Amy Nic Giolla Phádraig - Ollscoil Mhá Nuad (Meantóir: Sinéad Ní Scolaí)

Aontas na Mac Léinn - Ollscoil Mhá Nuad (Meantóir: John Ó Liodáin)

Aontas na Mac Léinn - Ollscoil Chathair Bháile Átha Cliath

Aontas na Mac Léinn - Coláiste na Tríonóide

An Chuallacht - Coláiste na hOllscoile Corcaigh 

Meantóir Craig Mac Gabhann leis an gComhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge, Órlaith Ní Thuathaigh

Lorna Ní Ríagáin - Coláiste Ríoga na Mainleá in Éirinn (Meantóir: Éabha Ní Bhrádaigh)

Zoe Foster - Ollscoil na Banríona 

Meantóir Eímear Nig Oireachtaigh leis an gComhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge, Órlaith Ní Thuathaigh

Buaiteoirí an Ghradaim Óir 24/25

An Chuallacht - Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Aontas na Mac Léinn - Coláiste na hOllscoile Corcaigh

An Cumann Gaelach - Coláiste Mhuire gan Smál

An Cumann Gaelach - Ollscoil Luimnigh

Cuallacht Cholmcille - Ollscoil Mhá Nuad

An Cumann Gaelach - Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath

Aontas na Mac Léinn - Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath

An Cumann Gaelach - Ollscoil Chathair Bháile Átha Cliath

An Cumann Gaelach - Coláiste na Tríonóide

Aontas na Mac Léinn - Coláiste na Tríonóide

An Cumann Gaelach - Institiúid Oideachais Marino

An Cumann Rince Seite - Ollscoil na Gaillimhe

An Cumann Gaelach - Ollscoil na Gaillimhe

Comhaltas na Mac Léinn - Ollscoil na Gaillimhe

Buaiteoirí an Ghradaim Airgid 24/25

An Cumann Gaelach - Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Corcaigh

An Cumann Gaelach - Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath 

Aontas na Mac Léinn - Coláiste San Aingeal

An Cumann Gaelach - IEDT Dhún Laoghaire

Aontas na Mac Léinn - IEDT Dhún Laoghaire

Aontas na Mac Léinn - Ollscoil Mhá Nuad 

Aontas na Mac Léinn - Ollscoil Chathair Bháile Átha Cliath 

Aontas na Mac Léinn - OTA Dhún na nGall

IrishSOC - Coláiste Ríoga na Mainleá in Éirinn 

Gníomhaí Gaeilge 24/25

Cén fáth ar chóir dom páirt a ghlacadh i Gníomhaí Gaeilge?

Is iomaí fáth páirt a ghlacadh i Gníomhaí Gaeilge ach seo a bhí le rá ag na rannpháirtithe agus na meantóirí ag an mbronnadh na ngradam 2023.

Ceisteanna coitianta

Céard í Gníomhaí Gaeilge?

Is scéim mheantóireachta, oiliúna agus gradaim í Gníomhaí Gaeilge do dhaoine atá gníomhach leis an nGaeilge sa tríú leibhéal.

Cé a féidir clárú do Gníomhaí Gaeilge?

Is féidir le duine/grúpa ar bith atá ag freastal ar an tríú leibhéal clárú do Gníomhaí Gaeilge.

Is féidir le daoine atá ag obair le hAontas na Mac Léinn clárú do Gníomhaí Gaeilge chomh maith.

Is féidir páirt a ghlacadh i Gníomhaí Gaeilge as Gaeilge nó as Béarla.

Céard iad na rannóga éagsúla?

Tá trí rannóg éagsúil ann: Duine Aonair / Cumann Gaelach agus Grúpaí Eile / Aontas na Mac Léinn. 

Is féidir cur isteach ar níos mó ná rannóg amháin mar shampla tá tú mar reachtaire an Chumainn Ghaelaigh- d'fhéadfadh tú cur isteach ar an rannóg Duine Aonair agus ar an rannóg Cumann Gaelach.

Feictear cur síos ar na rannóga éagsúla thíos.

Duine Aonair

Don ghradam seo beidh tú ag plé le do chuid spriocanna pearsanta ó thaobh na Gaeilge de. Is féidir leo seo a bheith bainteach le obair an Chumainn nó an Aontais chomh maith.

Cumann Gaelach agus Grúpaí Eile

Tugann an gradam seo aitheantas don Chumann Gaelach agus do ghrúpaí eile. De ghnáth bíonn an Reachtaire mar ionadaí don Chumann. Is féidir áfach cur isteach ar an ngradam seo mura bhfuil an Reachtaire ó do Chumann ag glacadh páirte i nGníomhaí Gaeilge agus tá sé aontaithe le do choiste go mbeidh tú mar ionadaí an Chumainn.

Aontas na Mac Léinn

Tugann an gradam seo aitheantas d'Aontas na Mac Léinn. De ghnáth bíonn Oifigeach na Gaeilge nó Uachtarán an Aontais mar ionadaí don Aontas. Is féidir áfach cur isteach ar an ngradam seo mura bhfuil ionadaí eile ó d'Aontas ag glacadh páirte i nGníomhaí Gaeilge agus tá sé aontaithe le muintir an Aontais go mbeidh tú mar ionadaí don Aontas.

Cathain a chuirfear tús leis?

Tá Gníomhaí Gaeilge 23/24 faoi lán seoil anois ach féach thíos an amlíne don bhliain acadúla seo chugainn.

Osclófar an clárúchán don bhliain acadúla 24/25 i Mí Aibreáin. Roghnófar mic léinn le dul faoin gcóras i Mí Meitheamh 2023 agus tabharfar meantóir dóibh. Cuirfear tús leis an obair i Mí Lúnasa /  Meán Fómhair 2023.

Cén cineál rudaí a bheidh orm déanamh?

Beidh ar rannpháirtithe Gníomhaí Gaeilge freastal ar thraenáil & oiliúint, cruinnithe a bheith acu lena meantóirí, obair a dhéanamh ar son na teanga ar champas agus spriocanna réamhshocraithe a bhaint amach i gcaitheamh na bliana.

Cén tslí a oibríonn an mheantóireacht?

Roghnófar meantóir do gach mac léinn a bhfuil taithí agus scileanna acu a chuideoidh leis an mac léinn agus iad ag gníomhú ar son na Gaeilge.

Thiocfadh gur fhreastal an meantóir ar an gcoláiste céanna, go raibh siad sa ról céanna sna blianta a chuaigh thart, go bhfuil taithí acu óna gcuid oibre a thagann le spriocanna an mhac léinn nó go mbeadh luach éigin eile acu a chuirfidh le obair an mhic léinn.

Beidh an meantóir ar fáil don mhac léinn nuair atá comhairle nó cuidiú uathu. Beidh 4 chruinniú acu i rith na bliana le pleananna a phlé agus dul chun cinn a thuairisciú.

Cén tslí a oibríonn an measúnú?

Suífidh duine ó Chonradh na Gaeilge nó Aontas na Mac Léinn in Éirinn isteach ar an gcruinniú deireanach agus ansin déanfaidh siad in éineacht leis an meantóir cinneadh ar cheann gradam a bhainfidh an duine / grúpa amach.

Céard iad na gradaim atá ar fáil?

Is féidir le grúpa An Gradam Óir, An Gradam Airgid nó An Teastas Rannphairtíochta a bhaint amach.

Is féidir le duine aonair An Gradam Aonair nó An Teastas Rannphairtíochta a bhaint amach.

Cén sórt traenáil a bheidh ann?

Bíonn roinnt ceardlanna ar siúl ar líne le linn na bliana do rannpháirtithe na scéime. Seo thíos liosta do na ceardlanna atá á reachtáil i mbliana mar shampla...

  • Conas Imeachtaí a reachtáil agus an Ghaeilge á spreagadh agat ar do champas 3ú Leibhéal
  • An Ghaeilge a úsáid i do shaol laethúil
  • Leideanna ar Phodchraoladh a thosú i nGaeilge
  • Na Meáin Shóisialta a úsáid mar uirlis leis an nGaeilge a chur chun cinn
  • Feachtasaíocht Fhiúntach
  • Painéal Cainte: An Ghaeilge i ndiaidh na hOllscoile
Ceisteanna coitianta

IEDT Dhún Laoighaire

Ollscoil Luimnigh

Coláiste na Tríonóide 

Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn

Ollscoil na Gaillimhe

Ollscoil na Banríona

Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath

Tá taifeadadh den Phainéal Cainte seo ar fáil ag an nasc SEO!

Tá taifeadadh den Phlé Painéal seo ar fáil ag an nasc SEO!

Gníomhaí Gaeilge

Déan teagmháil

Má tá aon cheist agat maidir le Gníomhaí Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Comhordaitheoir na Scéime - Órlaith Ní Thuathaigh.

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Teagmháil

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.